Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is í an tAire Stáit an Roinn. Cuireadh é sin ina luí ormsa fada ó shin gurbh é an tAire an Roinn. Is é sin an socrú atá sa Stát seo. Tá na státseirbhísigh, mar atá ráite ina n-ainmneacha, mar státseirbhísigh. Níl aon mhaith a rá go bhfiafróidh sí den Roinn. Is ise an Roinn. Is fúithi atá sé cinneadh a dhéanamh faoi seo. Tháinig an coimisinéir ar an tuairim, sé bliana ó shin, gur sáraíodh an dlí. Is é an fáth go ndúirt sé é sin ná nár comhlíonadh forálacha plean teanga a bhí ag an Roinn. Nuair a fuair an Roinn toradh an imscrúdaithe, is léir nach bhfuair sí comhairle dlí ón Ard-Aighne agus nach bhfuil sé sin faighte fós. Ag breathnú ar na miontuairiscí a fuaireamar, is léir gur admhaigh an Roinn i dtosach báire go raibh an dlí á shárú. In 2019, díreach sula cuireadh an rud seo faoi bhráid an Oireachtais, dúirt an Roinn go raibh sí sásta go raibh sí á chomhlíonadh. Ag am ar bith, áfach, níl aon fhianaise ag aon duine go bhfuarthas comhairle dlí ón Ard-Aighne. Is cleachtas dochreidte dona é sin do Roinn ar bith. Aon uair a rinne líomhain in aghaidh aon Roinn, a raibh eolas agam air, fuarthas comhairle dlí. Níl aon ghealltanas á thabhairt go lorgófar comhairle dlí sa chás seo.

Níl mise a rá go gcaithfidh go bhfuil ceart ag tuairim an choimisinéara. Is cuimhin liom cás a bhí sách gearr don bhaile don bheirt againne atá mar Theachtaí Dála do Ghaillimh Thiar nuair a thug an tOmbudsman tuairim nó breithiúnas agus d'fhoilsigh sí imscrúdú a pléadh sa Dáil. Ba é tuairim an Ard-Aighne go raibh an tOmbudsman mícheart agus go raibh an rud a bhí sí ag moladh in aghaidh an dlí. Má deireann an tArd-Aighne, mar chomhairleoir dlí an Rialtais, leis an Roinn go bhfuil an rud atá ar bun dleathach agus go bhfuil an Coimisinéir Teanga mícheart, glacfaidh mé leis sin. Sa chás go ndeireann an tArd-Aighne, go teicniúil agus b'fhéidir trí dhearmad a rinneadh sa Roinn, go bhfuil sé mídhleathach, tá dhá bhealach leis seo a réiteach. Beidh mise anseo, ní leis an GeoDirectory ach le Eircode. Is iad an dá bhealach ná nósanna a athrú agus cloí leis an dlí nó, agus tá sé seo an-simplí, ó tharla go bhfuil an tAire Stáit ag bord den Rialtas, an dlí a athrú trí Bhille a thabhairt faoi bhráid an Oireachtais ionas go n-achtóimid é.

Is é an t-aon sárú atá á dhéanamh anseo ná an t-aon ceann nach bhfuil inghlactha ar chor ar bith, is é sin, nuair a fhaigheann Roinn tuairim ón gcoimisinéir go bhfuil rud mídhleathach á dhéanamh aici, nach mbacann sí leis an ngnáthphróiseas a leantar i gcás mar sin, is é sin, comhairle dlí a lorg ón Ard-Aighne an bhfuil sé ceart nó mícheart agus feidhmiú as sin amach. Tá nós ann a rá nach é sin atá i gceist ag an Roinn. Má tá sé scríofa ar bhealach go bhfuil ceangal dlí ann, ní féidir le Roinn, in aon ábhar faoin spéir, feidhmiú ar an mbealach sin.

Tá sé go hiomlán is go huile mícheart. Sin an méid atá le rá agam faoin rud seo inniu agus an chnámh spairne atá agam ná go ndúradh "Muise, muise". Bheadh súil agam go bhfaighinn geallúint ón Aire Stáit roimh dheireadh an chruinnithe go lorgóidh an Roinn comhairle ón Ard-Aighne go hoifigiúil faoin gceist a d'ardaigh an Coimisinéir Teanga; is é sin i dtaobh an Eircode, ní i dtaobh GeoDirectory ná An Post. Tuigim go gcaithfidh sé a bheith in ann litreacha i mBéarla a sheoladh agus níl aon fhadhb agam leis sin. An bhfuil an dlí á shárú? Má tá, cén réiteach atá ann? Ceann de na réitigh a d'fhéadfadh a bheith air seo ná an dlí a athrú le go mbeadh an rud atá ar bun dleathach. Sin scéal eile ach sin an méid atá mise ag iarraidh. An bhfuil an Roinn sásta comhairle an Ard-Aighne a lorg i dtaobh na ceiste seo? Ó tharla gur an tAire Stáit atá anseo ba cheart go mbeadh sí in ann freagra a thabhairt dom mar is ceist di agus di amháin atá ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.