Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Rinne mé dearmad a rá go bhfuil, i ndeireadh na dála, cothromaíocht inscne i gceist anseo. Tá triúr ban os ár gcomhair gan aon fhear. Tá cothromaíocht faighte againn faoi dheireadh, buíochas leis an mbandia. Chun bheith féaráilte don Aire Stáit, ní raibh sí taobh thiar den rud seo agus ní raibh sí sa Roinn. Tuigim go bhfuil sé deacair di. Tá frustrachas orm, ach go háirithe, agus ligfidh mé do na comhaltaí eile a rá leo féin. Tá sé ag dul ar aghaidh chomh fada sin, ó 2015, ar a laghad. Is é an tuiscint atá agamsa anois ar Oifig an Choimisinéara Teanga ná go ndéanann sé a dhícheall gan tuarascáil mar seo a chur os comhair na Dála. Oibríonn sé as lámh a chéile le cibé cén Roinn. Tá sé admhaithe agus tá sé ráite agam go ndúirt an coimisinéir go bhfuil iarracht ionraic á dhéanamh ag an Roinn anois. Thug sé an méid ama sin, d'eisigh sé tuarascáil, rinne sé monatóireacht ar an tuarascáil, agus ansin é ráite go neamhbhalbh nach bhfuil dul chun cinn déanta in ainneoin na n-iarrachtaí ón Roinn. Ní raibh an dara rogha aige ach an tuarascáil a chur os ár gcomhair.

Is dócha go bhfuil beagáinín mheascán mearaí anseo inniu. Tuigim an cheist atá ag an Teachta Ó Cuív, ach ní dóigh liom go bhfuil gá le comhairle ón Ard-Aighne mar tá sé ráite agus admhaithe ag an Roinn nár chomhlíon sí an dualgas a bhí uirthi. Tá rud difriúil á rá ag an Aire Stáit, go bhfuil sé comhlíonta anois. Níl a fhios agam faoi sin. Ba mhaith liom cloisteáil ón gCoimisinéir Teanga an bhfuil na moltaí uile comhlíonta. Beimid i dteagmháil leis an gCoimisinéir Teanga. Ní féidir dul ar ais. Tá sé admhaithe ag an Roinn nár chomhlíon sí an dualgas a bhí uirthi ó thaobh a bheith ag tógáil dhá rud san áireamh: Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003; agus an scéim teanga.

Bhí dul chun cinn sa mhéid agus go raibh siad ag obair as lámh a chéile chun réiteach a fháil. Bhí an cruinniú seo dhá bhliain ó shin in 2019, agus ag eascairt as an gcruinniú sin, scríobh an Roinn chuig An bPost chun réiteach a fháil ach tá teip air sin, in ainneoin go bhfuil sé admhaithe agus glactha ag an Roinn gurb é an réiteach ná go mbeadh na sloinnte i nGaeilge amháin sa Ghaeltacht. Tá teip ar An Post é sin a dhéanamh de bharr cúiseanna margaidh agus cúiseanna trádála.

Ní féidir glacadh leis sin áfach. Tá dlí ann. Tá dualgas ar an Roinn. Is é an frustrachas ná an méid ama atá tógtha. B'fhéidir gur chéim chun cinn inniu ag breathnú ar an rud. Is cinnte go mbeidh tuarascáil againne, ach táimid ag caint faoi chearta bunúsacha arís. Is é sin an rud. Ní thuigeann an Roinn é sin. Níl aon éalú as an bhfreagracht ná na hoibleagáidí atá uirthi. Má táimid ag dul an treo ceart inniu tar éis an chruinnithe seo, cuirim fáilte roimhe sin. Tá mo dhóthain ráite agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.