Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Foras na Gaeilge.

Mr. Breandán Mac Craith:

Is dócha gurbh é ceann de na torthaí a tháinig amach ó scéim na gcoimisiún, scéim a bhí ag Clár na Leabhar Gaeilge, ná go raibh daoine in ann níos mó ama a chaitheamh leis an scríbhneoireacht, in ann díriú ar théacsanna níos mó agus níos doimhne a scríobh, agus in ann níos mó ama a chaitheamh le bheith ní ina scríbhneoir lánaimseartha ach ina scríbhneoir níos lánaimseartha ná mar a bhí siad. Tá tacaíocht den chineál sin tábhachtach.

I dtaca leis na coimicí, leigheasann an margadh cuid de na fadhbanna go rialta. Is iad na úrscéalta grafacha atá faoi chaibidil againn anseo, i ndáiríre. Tá sciar mór acu ar an margadh anois idir aistriúcháin ar na cinn cháiliúla idirnáisiúnta, a leithéid Corto agus rudaí den chineál sin, agus na cinn de bhunú Éireannach atá ann. Tá sraith den scoth ar scéal bheatha Naomh Phádraig, chomh maith le leithéidí Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinneagus An Béal Bochtann agus iad scríofa le healaín agus scríbhneoireacht den scoth. Is táirge den scoth atá iontu. Tá siad ann agus tá rogha leathan díobh ann freisin. Tá na bunleabhair agus aistriúcháin ar na cinn cháiliúla ar fáil.

Tiocfaidh mé ar ais ar cheist amháin a bhí ag an gCathaoirleach maidir le influencers. Faoin bhfeachtas LoveLeabharGaeilge, bíonn ambasadóirí againn a roghnaíonn leabhair agus bhíonn amuigh ar a gcuid meán sóisialta féin ag maíomh as cé chomh hiontach nó chomh dona is atá leabhair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.