Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Foras na Gaeilge.

Mr. Seán Ó Coinn:

Maidir leis na seánraí éagsúla, bheadh sé iontach uaillmhianach againn a bheith ag smaoineamh go dtig linn dul in iomaíocht le mórtheangacha domhanda de chuid an Bhéarla sna Stáit Aontaithe, san Astráil, sa Bhreatain agus i ndtíortha eile nach iad, agus le húdair agus le foilsitheoirí atá ag saothrú ar an dóigh sin iontu. Tá roinnt seánraí atá tagtha chun cinn, déarfainn faoi thionchar an Bhéarla. Feicfimid an t-úrscéal staire atá tagtha chun cinn leis an tsraith sin le Liam Mac Cóil, cur i gcás. Bhí trí leabhar i sraith ann agus is úrscéalta faoi stair ina raibh an-tóir orthu iad. Chonaiceamar freisin an ceann sin ar Cholm Cille. Tairngreachtan teideal atá air agus is leabhar úrscéal staire atá ann arís. Is dóigh go bhfuil an seánra sin ag teacht chun cinn.

I dtaca le scríbhneoirí na Gaeilge de, i saol an Bhéarla tá roinnt údar agus tá siad sásta scríobh de réir oidis inar féidir le foilsitheoir nó duine dul chucu agus iarraidh orthu leabhar a scríobh agus tic a chur i mboscaí áirithe don mhargadh. Níl a fhios agam an bhfuil an oiread sin d’údair na Gaeilge ag an leibhéal sin a bheadh sásta a bheith ag scríobh de réir oidis mar go mbíonn siad ag brath ar an spreagadh agus ar an inspioráid agus mar sin de. Cé go bhfuil sé tábhachtach don mhargadh, níl a fhios agam an bhfuil sé chomh tábhachtach sin don scríbhneoir. Táimid ag iarraidh go fóill go mbeidh cineál de spiorad agus de chroí ag ár scríbhneoirí i dtaca leis sin.

Táimid faoi thionchar an mhargaidh. Tá scríbhneoirí áirithe tagtha isteach sa treo sin de réir a chéile. Luaigh an Teachta ansin na coimicí agus i measc na samplaí sin tá ar a laghad ceann amháin acu de réir an tseánra sin de chuid na Seapáine. Tá a fhios agam go raibh roinnt iarrachtaí déanta ar na coimicí sin anseo. Tá Coimicí Gael luaite sa ráiteas tosaigh. Cuireann siadsan méid áirithe amach. Tháinig leagan de scéal Gráinne Ní Mháille amach cúpla bliain ó shin agus is i modh choimic a scríobhadh é sin. Is iarrachtaí fánacha iad seachas daoine ag socrú gurbh é seo an seánra a bheidh sé nó sí ag scríobh ann agus ag cur cuid mhór leabhar ar fáil uaidh, de réir mar a bhí á dhéanamh i gcás Réics Carló san am a chuaigh thart.

Dá mbeimis ábalta cuid de na foilsitheoirí is úire a fhorbairt, tá gach seans gurbh é sin an rud a tharlódh leo - go ndíreodh siad isteach ar chineál ar leith seánra mar atá feicthe againn, b’fhéidir, le cuid de na foilsitheoirí atá ann i láthair na huaire. Díríonn siad isteach ar chineál ar leith litríochta. Is dócha go mbeidh na foilsitheoirí is lú ag iarraidh nideog a aimsiú dóibh féin sa mhargadh.

Is mar an gcéanna é le cuid de na scríbhneoirí atá faoi mheantóireacht anois. Beidh orthu sin a n-áiteanna féin a aimsiú sa mhargadh. Luaigh mé an t-éiceachóras sin atáimid ag iarraidh a fhorbairt. Dá mbeadh níos mó scríbhneoirí ag teacht chun cinn, tá súil againn go mbeadh foilsitheoirí á lorg acu. Bheadh cuid acu ag dul i dtreo na bhfoilsitheoirí bunaithe, bheadh cuid acu ag dul i dtreo na bhfoilsitheoirí is lú agus b'fhéidir go mbeadh foilsitheoirí nua ag teacht chun cinn. Is as sin a thiocfaidh cuid den éagsúlacht sin a bhfuil trácht déanta ag an gCathaoirleach uirthi ó thaobh an raon atá ar fáil sa mhargadh.

Cuirfidh mo chuid comhghleacaithe mé ar an dóigh cheart, b'fhéidir, ach ní dóigh liom go bhfuil scríbhneoirí lánaimseartha againn. Is scríbhneoirí iad fosta cuid de na foilsitheoirí atá againn. B’fhéidir go bhfuil siad lánaimseartha i saol na leabhar ach ní bheadh siad ag teacht i dtír go huile is go hiomlán ar an scríbhneoireacht. Déarfainn gur beag scríbhneoir i mBéarla, fiú amháin, in Éirinn a bheadh ábalta a mbeatha a thabhairt i dtír ar an scríbhneoireacht seachas go bhfuil roinnt daoine, b’fhéidir, ar scor atá ag teacht i dtír air. An bhfuil a fhios ag duine ar bith eile an bhfuil scríbhneoirí lánaimseartha againn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.