Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Foras na Gaeilge.

Mr. Seán Ó Coinn:

I dtaca le cad iad na réimsí ar chóir díriú orthu agus dá réir sin, ní thuigimid an chontúirt ach níl a fhios againn caidé chomh fiúntach agus atá sé dúinn a bheith ag iarraidh muid féin a chur i gcomparáid le mórtheangacha domhanda, macasamhail an Bhéarla. Ní féidir linn dul in iomaíocht lena bhfuil ar fáil i réimse an Bhéarla ach tá a fhios againn cuid de na háiteanna go bhfuil bearnaí againn, go háirithe le leabhair do dhéagóirí. Tá sé deacair déagóir a chur ag léamh i dteanga ar bith agus tá sé níos deacra iad a chur ag léamh i mionteangacha, bíodh sé mar chéad teanga nó mar dara teanga acu. An chéad rud atá de dhíth ansin ná réimse de leabhair le gur féidir leo rogha a bheith acu a thacaíonn leis na spéiseanna atá acu. Bhí mé ag rá le comhghleacaithe go raibh mé i leabharlann i nGaelscoil Dé Luain. Bhí leabharlann iontach acu de leabhair Bhéarla agus Ghaeilge. Bhí na leabhair Bhéarla uilig rangaithe de réir spéiseanna agus bhí na leabhair Ghaeilge rangaithe faoi leabhair Ghaeilge. Sin an dúshlán atá againn. Gheofar déagóirí a bhfuil spéis acu i rud éigin atá iontach cúng mar ábhar spéise agus caidé mar is féidir linn rogha de leabhair a chur ar fáil san ábhar cúng spéise sin? Le tús a chur leis seo, beidh níos mó leabhar ar fáil do dhéagóirí, go háirithe do dhéagóirí níos sine sna déaga deireanacha.

Tá an claonadh ar dhaoine aird a bheith acu ar aistriúcháin ar na mórshraitheanna Béarla, cur i gcás The Famous Five An Cúigear Clúiteachagus rudaí den chineál sin. Tá áit ann faoina choinne sin ach caithfimid a bheith an-chúramach fosta. Ní ghnáth-theanga í an Ghaeilge. Is í chéad teanga na tíre seo í agus tá sé an-tábhachtach go bhfuil litríocht dár gcuid féin againn seachas go díreach a bheith ag dul i mbun an aistriúcháin. Bheadh sé tábhachtach a bheith cinnte go bhfuilimid ag amhairc ar litríocht, léitheoireacht, foilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge mar éiceachóras a chaithfidh muid fhorbairt ag gach leibhéal - ag leibhéal na scríbhneoirí, na léitheoirí agus na bhfoilsitheoirí. Níl sé chomh furasta go díreach agus a dhul amach agus leabhair atá daoine óga ag léamh in mBéarla a aistriú go Gaeilge agus a bheith ag ceapadh gur sin an fhadhb réitithe.

Táimid ag iarraidh dul i bhfeidhm ar dhaoine óga le go dtuigfidh siad go bhfuil dúchas dár gcuid féin againn sa litríocht agus i litríocht a oireann do dhaoine óga. Is dúshlán mór é sin ach is dúshlán é ar fiú aghaidh a thabhairt air, mar sin féin.

Is comhlachtaí neamhspleácha iad na foilsitheoirí. Ní féidir linn tabhairt orthu riamh ár gcuid riachtanas a riaradh. Caithfidh siad plé lena gcuid comhlachtaí mar ghnólachtaí agus a bheith cinnte go bhfuil siad ag déanamh brabúis agus go mbeidh siad ábalta a bheith ann ar an mbliain atá romhainn. Tá an dúshlán sin ann fosta.

Is féidir linn dreasachtaí a chur ar fáil agus daoine a threorú i dtreo na mbearnaí. É sin ráite, mura bhfuil siad cinnte go ndíolfaidh siad roinnt mhaith cóipeanna den leabhar, cén mhaith don scríbhneoir an leabhar a scríobh? Cén mhaith don fhoilsitheoir an leabhar a fhoilsiú? Is dúshlán suntasach é dúinn na bearnaí sin.

Tá na scríbhneoirí agus na foilsitheoirí ag díriú isteach ar na réimsí atá brabúsach agus a bhfuil éileamh orthu. Luaigh mé ansin leabhair do pháistí óga agus mar sin de. Nuair a théitear chuig réimse na ndéagóirí, níl siad cinnte cé acu ar féidir leo leabhair a dhíol. Tuigimid gurb iad leabhair do dhéagóirí agus ficsean do dhaoine fásta an dá áit ar mhaith linn a bheith ag díriú ár n-aird orthu cuid mhaith sna blianta atá amach romhainn.

Ligfidh mé do mo comhghleacaithe eile labhairt. Tá tuairimí éagsúla ann ag brath ar cén dearcadh atá ag na daoine atá ag plé le leabhair. Tá dearcadh amháin ag daoine atá ag teacht ó réimse an oideachais ó dhaoine atá ag teacht ó réimsí eile. Is é sin mo thuiscint ar an gceist a chur an Cathaoirleach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.