Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá sé tábhachtach deimhneacht a fháil ar an rud atá faoi chaibidil anseo. Aontaím go huile is go hiomlán gur chóir go mbeadh An Garda Síochána mar mhacalla ar an tsochaí ach tá muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge thíos ó thaobh na ngardaí de. Tá sé sin admhaithe ag An nGarda Síochána nach bhfuil a dhualgas faoin reachtaíocht comhlíonta aige agus anois tá turas nua i gceist.

Is rud dearfach é go bhfuil An Garda Síochána chun straitéis nua a fhoilsiú. Is é an rud is tábhachtaí domsa ná é sin a fheiceáil agus a phlé os ár gcomhair nuair a bheidh sé ar ais agus spriocdháta a bheith leagtha amach. Tá an t-uafás tuarascála léite againn ó gach Roinn, ní hamháin ó na gardaí, gan spriocdháta. Bhíodh na fadhbanna céanna againn maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 atá ina Acht anois. Ní chuirfidh mé am amú ag iarraidh sonraí ón straitéis ó na finnéithe. Ba mhaith liom é sin a phlé anseo.

Maidir leis an míthuiscint, bhí rialachán ann a chuir dualgas ar iarrthóir Béarla nó Gaeilge agus teanga bhreise a bheith acu. Is féidir Béarla agus Fraincis nó Béarla agus Gearmáinis a bheith ag an duine agus ní raibh aon ghá le Gaeilge, beag ná mór. Is é an t-athrú anois ná nach gá leis an teanga bhreise. Is féidir dul isteach mar iarrthóir le Gaeilge nó Béarla. Níl aon riachtanas anois. Tuigim nach raibh ag an am ach anois tá sé soiléir nach bhfuil riachtanas ar bith ó thaobh na Gaeilge de, maidir le hiarrthóir don Gharda Síochána. An bhfuil mé mícheart?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.