Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé

Mr. Bob Collins:

Ní dhéarfaidh mé mórán eile. Tá an dá chúram ar An nGarda Síochána. Caithfidh sé an dá thrá a fhreastal. Ní féidir leis gan ceann amháin nó ceann eile a dhéanamh. Is é cuid den ról atá ag an údarás ná an mhaoirseacht a dhéanamh ar an tslí ina bhfuil An Garda Síochána ag feabhsú na seirbhíse atá á cur ar fáil. Tá cúraimí ar an gCoimisinéir Teanga gan amhras ó thaobh na Gaeilge agus tá cúraimí dlí ar An nGarda Síochána ó thaobh na Gaeilge in Acht an Gharda Síochána, 2005 agus in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Cé nach bhfuil an cúram céanna leagtha síos sa tslí chéanna i gcás éagsúlacht nó ilchineálachta an daonra, tá sé ar chomhchéim agus tá an dá rud ar chomhchéim. Ní féidir freastal ar cheann amháin agus a bheith ag ísliú an cur i láthair ar an gceann eile. Is é sin an fáth nach bhfuil aon ísliú céime i gceist sna hathruithe mar atá. Tá an líne á tarraingt san áit mhícheart má cheaptar é sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.