Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Mr. Doncha O'Sullivan:
Go raibh maith agat arís, a Chathaoirligh. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil arís leis an gcoiste as an deis chun labhairt libh go léir inniu maidir leis na riachtanais teanga d’earcaigh nua chuig An nGarda Síochána.
Beidh an comórtas earcaíochta seo romhainn i gcomhair ball den Gharda Síochána faoi rialú ag Rialacháin an Gharda Síochána (Ligean Isteach agus Ceapacháin), 2021. Is rialacháin iad sin a thug an tAire Dlí agus Cirt isteach tar éis don Rialtas iad a fhormheas, i mí na Nollag seo caite. Leis na rialacháin sin, tugtar isteach roinnt athruithe ar Rialacháin an Gharda Síochána (Ligean Isteach agus Ceapacháin), 2013.
Ceann de na hathruithe sin ná deireadh a chur leis an riachtanas go mbeadh inniúlacht in dhá theanga ag iarratasóirí. Ciallaíonn sé sin, i gcomhair chomórtas earcaíochta 2022, agus i gcomhair comórtas earcaíochta ina dhiaidh sin, nach foláir d’iarratasóirí chuig An nGarda Síochána a bheith inniúil sa Bhéarla nó sa Ghaeilge – faoi mar nárbh fholáir dóibh a bheith roimhe seo – ach ní bheidh aon riachtanas ann a bheith inniúil i ndara teanga. Ní hamhlaidh gur ceanglaíodh le rialacháin 2013 ar iarrthóirí a bheith inniúil i nGaeilge.
Bhíothas tar éis a aithint go bhféadfadh an riachtanas maidir leis an dá theanga a bheith ina bhac ar dhul isteach sna Gardaí ó roinnt grúpaí daoine agus, dá dheasca sin, go bhféadfadh sé bheith ina bhac ar an eagraíocht a bheith ina léiriú iomlán ar an bpobal éagsúil dá bhfónann sí.
Thug an Coimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn dá aire gur sócmhainn ríthábhachtach d’aon eagraíocht a fhéachann le bheith nuálach agus solúbtha atá san éagsúlacht. Tá an éagsúlacht a mhéadú agus Gardaí á n-earcú ag teacht le gealltanais faoin gclár Rialtais agus faoi straitéis agus plean gníomhaíochta An Gharda Síochána um chomhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú.
Ar ndóigh, áirítear daoine agus pobail a labhraíonn Gaeilge san éagsúlacht sin. Mar sheirbhís náisiúnta póilínithe, tá An Garda Síochána tiomanta i gcónaí don Ghaeilge. Faoi mar a luadh ag an gcéad seisiún, tá straitéis nua Gaeilge forbartha ag An nGarda Síochána, agus seolfar í go luath sa bhliain seo. Tá mar aidhm leis an straitéis seirbhísí Gaeilge a neartú laistigh den phóilíneacht in Éirinn. Ábhair a bhaineann le Coimisinéir na nGardaí atá i mionsonraí na hoibre sin, ach tá an Roinn Dlí agus Cirt ag tacú go hiomlán leis an obair sin.
Go raibh maith agaibh. Mar a dúirt mé níos luaithe, táimid sásta aon cheisteanna a fhreagairt a bheidh ag baill an choiste anois. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach.
No comments