Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Táimid ag tosú arís. Is é seo an dara cuid de chruinniú an lae inniu agus tá na finnéithe a bhí anseo níos luaithe ar ais linn i seomra an choiste. Déileálfaimid anois leis an dara ábhar a bhí againn maidir leis an gcinneadh Rialtais nach mbeadh an Ghaeilge riachtanach níos mó ag baill den Gharda Síochána. Cuirim an cheist cé a rinne an cinneadh sin agus cén fáth nár cuireadh an cinneadh in iúl dúinn ag an gcruinniú an 2 Bealtaine anuraidh? Iarraim ar Doncha O’Sullivan, thar ceann na Roinne Dlí agus Cirt, a ráiteas tosaigh a dhéanamh.
No comments