Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Táimid liostáilte mar cheann de na comhlachtaí forordaithe a chuireann iarratais phleanála ar an mbealach agus le haghaidh aighneachtaí a chur isteach. Is iad na hiarratais a chuirtear chugainn ó na comhairlí contae na hiarratais a bhaineann le forbairtí tithíochta a bhfuil dhá lonnaíocht nó níos mó ag baint leo.

Tiocfaidh mé ar ais chuig ceist an Teachta i gceann soicind ach is é ceann de na fadhbanna atá ann san obair atá déanta go dáta ná easpa comhsheasmhachta sa chur chuige atá ag údaráis áitiúla ag cur iarratais pleanála ar aghaidh chugainn agus chuig an Roinn freisin. Ba cheart próiseas níos iomláine a chur in áit chun a chinntiú nach dtarlódh sé nach mbeimis ag fáil aighneachtaí tríd aon phróiseas amháin. Cuirimid aighneachtaí ar ais maidir leis na hiarratais a fhaighimid, ach cuirimid aighneachtaí ar aghaidh maidir leis na pleananna forbartha contae freisin. Tá roinnt mhaith oibre déanta air seo le gairid, ó tharla go bhfuil an próiseas sin ar bun.

Ina theannta sin, mar a bhí mé ag rá níos luaithe, tá teagmháil rialta againn leis an bpobal Gaeltachta a dhéanaimid ionadaíocht dó trí na heagrais forbartha pobail. Is iad na trí fhadhb sonracha a luaigh mé níos luaithe a thagann chun cinn ná forbairtí tithíochta suntasacha ag teacht isteach atá in ann tionchar diúltach a imirt ó thaobh na Gaeltachta, agus tá a fhios agam go bhfuil roinnt samplaí mar sin i limistéar pleanála teanga Mhúscraí le gairid; an bhéim a chuireann údaráis áitiúla ar lonnaíocht a bhogadh isteach i mbailte agus amach ó cheantair thuaithe, agus an tionchar diúltach a bhíonn aige sin ar an gcreatlach labhartha Gaeilge; agus ceist na tithíochta inacmhainne. Bíonn cruinnithe rialta againn leis na húdaráis agus na comhairlí contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina limistéir agus cuireann muid na fadhbanna sin os a gcomhair. Tá siad ar an eolas faoi na hábhair sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.