Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Tá déileáil laethúil againn le pobail na Gaeltachta, Comhlucht Forbartha na nDéise ina measc, maidir le forbairt pobail agus acmhainní teanga. Ó thaobh na cainte a bhí ann roimhe seo ó thaobh ionadaíocht Ghaeltachta, táim misniúil go bhfuil glór na Gaeltachta mar chuid dó seo. Tá sé á thabhairt isteach againn. Tá trí cheist shonrach a thagann chun cinn chugainn, trí cheist éagsúla a bhraitheann ar cén ceantar Gaeltachta atá i gceist. Tá ceist ann maidir le mór-fhorbairtí tithíochta cosúil leis an sampla a chonaic muid i Ráth Chairn. Tá ceisteanna ann maidir le polasaí údaráis áitiúla i dtaobh lonnaíochta. B'fhéidir go bhfuil siad ag iarraidh daoine a bhogadh amach as ceantair scaipthe tuaithe agus isteach i mbailte gan bunstruchtúr nó bunchreatlach na Gaeltachta mar cheantar imeallach teanga ina bhfuil an teanga fós beo a thabhairt san áireamh. Tá go leor samplaí de sin ann.

An cheist eile atá tagtha aníos roinnt uaireanta le gairid ná an cheist i dtaobh na tithíochta inacmhainne. An áit is mó atá dul chun cinn déanta ó thaobh forbairt ar an múnla agus an cur chuige seo ná i gceantar na nDéise agus le Comhlucht Forbartha na nDéise. Táimid ag caint leo i láthair na huaire maidir le beagnach 5 acra ansin sa Rinn agus tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag fiosrú an féidir linn an talamh sin a thabhairt dóibh ar bhealach gur féidir tithíocht inacmhainne a chur ar fáil ann. Nuair a thagann éileamh chugainne ón bpobal Gaeltachta maidir le maoin atá againne agus atá muid in ann a chur ar fáil, breathnaíonn muid ar cén chaoi gur féidir linn tacú leis an bpobal sin mar neartaíonn sé sin an pobal agus an Ghaeilge. Aon talamh a chuirfeadh muidne ar fáil dó seo, bheadh muid ag lorg go mbeadh coinníoll teanga 100% ag baint leis mar go bhfuil sé bainteach le cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar sin. Ina theannta sin, ceann de na rudaí atáimid ag breathnú air ná cén chaoi gur féidir linn an talamh sin a chur ar an margadh ach fós a bheith ag cloí le rialacha i dtaobh ábhar a chur ar an margadh oscailte. Táimid tar éis é sin a phlé lenár Roinn féin agus leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus tá súil againn teacht ar ais le moltaí go gairid maidir le cén chaoi gur féidir linn é sin a dhéanamh.

Ar bhonn níos leithne, táimid ag obair faoi láthair maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an talamh ar fad atá inár seilbh gur féidir a fhorbairt. Nuair a thógtar amach talamh portaigh, talamh coille, talamh atá forbartha cheana féin agus talamh atá á úsáid le feirmeoireacht, tá thart ar 400 acra ag Údarás na Gaeltachta. Táimid ag breathnú faoi láthair ar thograí ag baint le fuinneamh in-athnuaite, mar shampla. Tá togra suntasach le fuinneamh photovoltaic, PV, againn i nGaoth Dobhair, a bheidh faoi úinéireacht an phobail. Táimid ag breathnú ar thograí maidir le bithéagsúlacht agus eile, agus tithíocht inacmhainne. Táimid ag breathnú ar an talamh sin agus ar an úsáid is fearr gur féidir linn a bhaint as ar leas an phobail agus riachtanais an phobail sna ceantair sin. Tá cás na nDéise ar cheann de na tosaíochtaí is mó atá againn i láthair na huaire ón taobh sin de. Tá súil againn teacht ar ais go gairid maidir leis na moltaí le gur féidir é sin a bhogadh chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.