Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Ina thaobh sin de, bhí an próiseas a bhí ann go dáta ceangailte le próiseas na gceadaithe deontas, is é sin go mbeadh plean teanga aontaithe leis na cliant chomhlachtaí éagsúla. Aithnímid go bhfuil laigí leis an bpróiseas sin sa mhéid is mura dtagann siad ar ais le haghaidh deontas, go minic ní bheidh aon phlean nua á fhorbairt acu ag an bpointe sin, tar éis an méid a bheidh bainte amach acu sa chéad phlean.

Tá cúpla bealach ina bhfuilimid ag breathnú air seo. Ar an gcéad dul síos, bhí am ann agus bhí ó ham go chéile bhí gá le scileanna sainiúla a thabhairt isteach b’fhéidir nach raibh ar fáil sa Ghaeltacht. Déarfainn go bhfuil feabhas an-mhór tagtha air sin le hais mar a bhí nuair a bhí mé féin ag éirí aníos sa Ghaeltacht agus ag breathnú ar eastáit fostaíochta i mo cheantar féin. Tá an obair atá déanta ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh scéimeanna forbartha bainistíochta, printíseachta agus oiliúna ann lena chinntiú go bhfuil na scileanna ann go háitiúil.

Gan dul i bhfad scéil leis, táim in ann sampla tráthúil a seoladh inniu a thabhairt don Teachta. Is í an turasóireacht ceann de na hearnálacha a fheicimid atá fíorthábhachtach agus beimid in ann a chinntiú go bhfuil bunús teanga ag baint léi. Tá dhá ghné de sin maidir leis an bhfostaíocht, is iad sin an taobh infreastruchtúir d’ionaid cuairteoirí agus eile de a fhorbairt agus, freisin, go mbeadh daoine fostaithe ann. Nuair a bhreathnaíomar air seo, d’aithníomar go mb’fhéidir nach raibh na scileanna ar fud na Gaeltachta a bhí ag teastáil ó thaobh bainistiú a dhéanamh ar thograí turasóireachta trí Ghaeilge. Tá scéim forbartha turasóireachta seolta inné againn maidir leis sin ina bhfuil próiseas oiliúna ag baint leis lena chinntiú go mbeidh daoine le Gaeilge fostaithe sa phróiseas seo.

Ag dul ar aghaidh go díreach leis an taobh monatóireachta de, mar a deirim, tá próiseas ann agus aithnímid gur féidir linn feabhas a chur air agus, mar sin, tá sé i gceist againn próiseas iomlán nua a thabhairt isteach. Tá súil againn é sin a bheith seolta i roinnt míonna. Tá gnéithe de phíosaí oibre éagsúla i gceist leis. Is éard atá ann, in áit plean teanga aon uaire a bheith ceangailte le deontas, go mbeadh scéimeanna teanga aontaithe ar bhonn leanúnach, le tréimhsí trí bliana, le hathnuachan a dhéanamh orthu le comhlachtaí atá bunaithe sa Ghaeltacht, agus spriocanna éagsúla chur chun cinn na Gaeilge i measc a gcuid foirne agus poiblíochta agus go ginearálta a bheith ina chuid díobh.

Táimid tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar ár gcuid próiseas féin go hinmheánach agus táimid ag obair ar phíosa oibre faoi láthair le cliant chomhlachtaí éagsúla maidir lena gcuid riachtanas agus a gcuid dúshlán siúd a aithint, le go bhfeicimid go mbeidh an rud a bheidh forbartha againn ag an deireadh ina bhealach a oibreoidh chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna cliant chomhlachtaí sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.