Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá cúpla ceist eile agam agus tiocfaidh mé ar ais ar roinnt de na freagraí a fuair mé.

Fuaireamar freagra ansin agus luadh go raibh an national planning framework nó an regional planning framework i gceist nuair a bhíonn an comhairle cathrach ag déanamh cinntí maidir le tithíocht nó forbairt. Is í an chuma atá air sin nuair a dhéantar é sin ná go bhfuil an chomhairle cathrach ag déanamh neamhaird ar roinnt de na píosaí reachtaíochta eile, mar shampla, the Planning and Development Act 2000 nó fiú amháin, mar a luaigh an Teachta Ó Cuív, Acht na Gaeltachta agus a leithéid, áit a bhfuil dearmad á dhéanamh anois ag an gcomhairle cathrach, mura bhfuil sí ag tabhairt na forálacha atá ann chun cuimhne.

Luadh, mar shampla, nuair a bhí na príomhfheidhmeannaigh anseo againn ó na comhairlí contae eile, go raibh siad ag lorg soiléirithe maidir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, áit a deir an tAcht sin in alt 10(2):

...a development plan ... [must] include objectives for- [...]

(m) the protection of the linguistic and cultural heritage of the Gaeltacht including the promotion of Irish as the community language, where there is a Gaeltacht area in the area of ... [that] development plan.

Níl aon scaradh amach nó exception ann do cheantair uirbeacha, agus sa fhreagra a fuaireamar go dtí seo nó sa mhéid a bhí sa ráiteas tosaigh, bhí an chosúlacht ann go raibh an chomhairle cathrach ag glacadh leis nach raibh dualgais bhreise uirthi toisc gur cathair nó ceantar uirbeach a bhí i gceist. Táim féin den tuairim, agus glacaim go bhfuil daoine eile amhlaidh, toisc an méid atá sa reachtaíocht seo, agus ní hamháin sin ach an reachtaíocht féin faoin nGaeltacht, go bhfuil dualgais bhreise ar chathair na Gaillimhe, seachas mar atá ar chathracha eile, de bharr go bhfuil Gaeltacht ann. B’fhéidir go bhfuil sé casta ach tá an dualgas sin uirthi.

Rachaidh mé ar ais go dtí vóta a caitheadh in 2015, nuair a glacadh d’aon ghuth le rún a ritheadh ag an am ó Chomhairleoir Cathal Ó Conchúir, comhairleoir de chuid Shinn Féin, nuair a bhí an chomhairle ag déanamh díospóireacht ar an bplean forbartha atá ann faoi láthair, an plean reatha. Ghlac an chomhairle d’aon ghuth go mbeadh plean curtha le chéile chun eastáit tithíochta do Ghaeilgeoirí a thógáil sa chathair. Ní fios dom gur tharla sé sin agus fiú amháin luadh áiteanna ina leith sin ag an am, mar shampla, Cnoc na Cathrach. Níl go leor eolais agam faoi cheantar na Gaillimhe arb é sin an áit is fearr ach ní cuimhin liom aon tuairisc ó shin faoi eastáit tithíochta a bheith tógtha nó pleanáilte laistigh den chathair do Ghaeilgeoirí.

Tá dualgais eile ar chathair na Gaillimhe maidir le pleanáil agus mar sin de agus is iad sin dualgais maidir le comharthaí bóthair. Sna ceantair Ghaeltachta den chathair, tá na comharthaí bóthair in ainm is a bheith go hiomlán trí Ghaeilge.

Tá siad dátheangach, áfach, agus tá an Ghaeilge bhrocach nó lochtach iontu. Is jab é sin don chathair déileáil leo. Tá Bóthar Bhaile an Mhóinín nó Bóthar na Ceapaí i measc roinnt de na cinn atá curtha os mo chomhair.

Chomh maith leis sin, toisc go bhfuilimid ag caint faoin bpróiseas maidir le dréachtphlean forbartha na cathrach, ní raibh sé go hiomlán éasca dóibh siúd a bhí ag iarraidh achainíocha a dhéanamh ar an bpróiseas sin mar ní raibh na saincheisteanna ar fáil as Gaeilge ná an méid a bhí an príomhfheidhmeannach tar éis a rá maidir leis an tuarascáil a rinne sé ar an gcéad dhréacht den phlean. Ní raibh sé sin ar fáil as Gaeilge ach oiread. Rinne sé deacair do Ghaeilgeoirí a bheith mar chuid den phróiseas. Tá jab mór le déanamh ag na finnéithe.

Nílimid ag déileáil le cad iad na hinstitiúidí ná na rudaí eile Gaeilge ar chóir a bheith i ngach uile chathair nó áit sa tír sa chás seo. Táimid ag déileáil le ceist phleanáil tithíochta agus a leithéid. É sin ráite, níor mhol aon duine go mbeadh na hinstitiúidí nó na heagrais Ghaeilge ar fad lonnaithe sa Ghaeltacht. Bhí electoral districts, EDs, luaite. Nobody suggested that we limit the venues and the Irish language organisations to just those Gaeltacht EDs. In fact, it is the opposite. We want more in the Gaeltacht EDs as well as the other areas.

Tá jab mór le déanamh againn agus toisc go bhfuil an domhan Gaeilge agus Béarla ag féachaint ar chathair na Gaillimhe, toisc go bhfuil sí amuigh ansin agus gur chathair dhátheangach í, táimid ag iarraidh cuidiú leis na finnéithe an tréith sin a chur chun cinn agus a aimsiú, mar ní fheicim go bhfuil sé aimsithe acu go fóill. Ó thaobh an lae inniu de, áfach, is go mbeimis ag féachaint ar chathair na Gaillimhe mar chathair le ceantar Gaeltachta ann, seachas mar chathair ar imeall na Gaeltachta. Caithfimid níos mó áiseanna agus deiseanna a thabhairt do Ghaeilgeoirí sa chathair, tithíocht ina measc.

Níl a fhios agam an bhfuil aon duine ag iarraidh freagra a thabhairt ar an méid atá ráite agam, agus mura bhfuil aon duine eile ag iarraidh ceist ghasta a chur ar na finnéithe, cuirfimid críoch leis an gcruinniú tar éis an méid atá le rá ag Ailish Bhreathnach nó duine den fhoireann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.