Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 19 January 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá achan rud níos soiléire dom anois. Táim buíoch do na daoine a tháinig os comhair an chomhchoiste. Tá taithí agam faoi na rudaí atá ag bogadh ar aghaidh i gceantar agus cathair na Gaillimhe fosta, ní hamháin ag an dream atá i gceist ann ach na daoine uilig atá ar an talamh anois agus san am a chuaigh thart. Nuair a bhí mo dhuine sa teach tábhairne i gceantar chathair na Gaillimhe, bhí an Ghaeilge ann agus tá sí ar an talamh. Mar a dúirt an Teachta Calleary, tá an Ghaeilge ann agus is í an chéad chéim eile a bheidh i gceist ná trí na seirbhísí. Aontaím leis an gcomhairle cathrach maidir leis an iarracht atá le baint amach ag an gcomhairle contae, ní hamháin i nGaillimh, i Maigh Eo agus i nDún na nGall, ach in achan cuid den chontae freisin.
Dá mbeadh aon bhearna ann, mar shampla, sna cúrsaí earcaíochta, is dúshlán mór é sin go mbeadh na daoine leis na scileanna sa Ghaeilge ag obair sa rannóg pleanála agus b’fhéidir go mbeadh Gaeilge lag ag na daoine sin atá fostaithe. Is é sin an dúshlán agus ba chóir go mbeimis ionraic maidir leis an nGaeilge in achan cuid den chontae seo. B'fhéidir ansin go mbeimid ann fa choinne na mbuntáistí agus na ndeiseanna atá ann de bharr agus ar son na Gaeilge freisin.
Is é an comhrá atá ann inniu agus an comhrá a rinne an Cathaoirleach agus a chomhghleacaithe roimh an Nollaig leis na hoifigigh timpeall na tíre, cibé Maigh Eo, Dún na nGall nó Ciarraí a bhí ann, ná go bhféadfaí é seo a bheith ina dheis do mo dhuine an Ghaeilge a bhogadh ar aghaidh agus lena húsáid. Tá an t-Idirlíon ann anois agus b’fhéidir go mbeidh seans ann fosta nuair a bheidh an díospóireacht ag bogadh ar aghaidh sa chomhairle contae, cibé contae, agus dá mbeadh an Ghaeilge ann, go mbeadh seans ann nasc nó cumarsáid a dhéanamh leis an gcomhchoiste seo. Tá an chéad chéim socraithe anois leis an gcomhchoiste. Is é seo an chéad am a bhfuil ceangal níos tábhachtaí agus níos dearfaí i gceist fa choinne na cumarsáide seo. Mura bhfuilimid ag caint, ní bheidh achan rud ag tarlú amach anseo ach tá mo dhuine ag caint, ag déanamh comhrá agus ag streachailt leis na deacrachtaí atá i gceist leis an nGaeilge. Tá an ghloine leathlán i mo thuaraim. Gabhaim buíochas lenár bhfinnéithe arís as a gcuairt go dtí an comhchoiste inniu.
No comments