Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 19 January 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)
Ms Ailish Bhreathnach:
Is mise a bheidh ina bhun sin, a Chathaoirligh.
Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh leis an gcomhchoiste as cuireadh a thabhairt dúinn an óráid seo a dhéanamh maidir le tithíocht agus cúrsaí pleanála fisiciúla sa Ghaeltacht. Baineann cathair na Gaillimhe, nó cathair na dtreabh, mar a thugtar freisin uirthi, tairbhe as stádas Gaeltachta i gcuid mhór den chathair. Chomh maith leis sin, mar gheall go bhfuil an chathair suite i gContae na Gaillimhe, gníomhaíonn sí mar thairseach go dtí an ceantar Gaeltachta is mó sa tír atá i gceantar fairsing Chontae na Gaillimhe.
Tá an Ghaeilge mar chuid chomh lárnach sin de chultúr, oidhreacht agus féiniúlacht na cathrach gur ghlac an chathair féin le teideal chéad chathair dhátheangach na hÉireann trí fhéindearbhú in 2016. Léirítear sa teideal seo an meon dearfach trí chéile sa chathair agus i measc comhlachtaí poiblí agus príobháideacha i leith aitheantas dátheangach. Tá fuinneamh láidir ann sa chathair leis an teanga a chothú agus le líonraí sóisialta labhartha Gaeilge, institiúidí trí mheán na Gaeilge, agus áiseanna oideachais agus cultúir a neartú. Tugtar tacaíocht freisin go mór mhór le húsáid agus láithreacht amhairc na teanga agus na hoidhreachta a bhaineann leis an teanga a mhéadú sa phobal agus i gcúrsaí gnó. Tacaíonn an chathair le roinnt institiúidí sóisialta agus cultúrtha, cosúil le Taibhdhearc na Gaillimhe, Gaillimh le Gaeilge agus Áras na nGael, a ghlacann le ról ceannais i gcur chun cinn cultúrtha na teanga sa chathair.
Tá stádas Gaeltachta ag beagnach leath den chathair, ar bhonn achair, agus tugadh le fios sa daonáireamh is deireanaí a rinneadh ar an gcathair iomlán in 2016 gur mhaígh 41% den daonra gur féidir leo an Ghaeilge a labhairt. Tagann laghdú mór air seo, áfach, nuair a dhéantar é a chainníochtú i leith an mhéid daoine a labhraíonn an teanga gach lá lasmuigh den chóras oideachais. Nuair a aithnítear gur féidir an teanga a úsáid go pointe áirithe mar theanga phobail nó institiúide sa chathair, aithnítear go fóill go n-úsáidtear é i roinnt líonraí sóisialta, sa phobal agus in institiúidí oideachais. Feidhmíonn an chathair mar ionad seirbhíse tacaíochta don cheantar Gaeltachta níos fairsinge i gContae na Gaillimhe. Aithnítear freisin go bhfuil an teanga mar chuid lárnach d’oidhreacht chultúrtha na cathrach, go dtugann a saoránaigh tacaíocht fhabhrach di agus go dtugann an chomhairle cathrach tús áite do gach tacaíocht indéanta a thabhairt chun an oidhreacht seo, an pobal Gaeltachta agus an pobal cainteoirí Gaeilge gaolmhara lasmuigh de theorainneacha na Gaeltachta a chothú.
Tá beartas ar leith i bPlean Forbartha na Cathrach 2017– 2023 reatha agus sa dréachtphlean forbartha cathrach 2023-29 a bheidh ar aon dul leis an gcuspóir éigeantach sa reachtaíocht phleanála a iarrann ar údaráis áitiúla cuspóirí a chur san áireamh ar mhaithe le:
.... oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, an Ghaeilge a chur chun cinn san áireamh mar theanga an phobail, nuair atá Gaeltacht i limistéar an phlean forbartha.
Aithnítear i bPlean Forbartha na Cathrach 2017-2023 oidhreacht uathúil chultúrtha agus theangeolaíoch na Gaeltachta, tábhacht níos fairsinge na teanga agus luach gaolmhar an chultúir agus na hoidhreachta don chathair agus do na ceantair sa chathair atá san áireamh agus lonnaithe lasmuigh de theorainn na Gaeltachta.
Tagraím anois do mhír 7.22 faoin teideal dátheangach i bPlean Forbartha na Cathrach 2017-2023. Baintear úsáid as an nGaeilge ar bhonn laethúil sa chathair. Tá stádas Gaeltachta ag cuid mhór den chathair agus is ionad seirbhíse an chathair do Ghaeltacht Chonamara. Tá daonra 48,907 duine i nGaeltacht Chonamara agus is ionann sin agus 48.5% de dhaonra iomlán na nGaeltachtaí sa Stát. Cónaíonn tuairim is 15,300 duine den daonra sin i mbruachbhailte na cathrach. Sa daonáireamh in 2011, i measc chathracha an Stáit, bhí an ráta is airde de Ghaeilgeoirí i gcathair na Gaillimhe, 44.2%, agus is ann a bhí an sciar is mó den daonra a labhair Gaeilge gach lá: 3.3%. Maidir leis seo, tá ról tosaíochta ag eagraíochtaí amhail Gaillimh le Gaeilge, Taibhdhearc na Gaillimhe, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Áras na Gaeilge, TG4 agus Áras na nGael i gcur chun cinn na teanga sa chathair. Féadfaidh an plean forbartha tacú le soláthar úsáide talún agus an ghné spásúil a bhaineann le cothú agus cosaint oidhreacht chultúrtha na Gaeltachta.
Leanfaidh an chomhairle ag tacú le tionscnaimh ar bhonn náisiúnta agus áitiúil chun stádas dátheangach na cathrach a dhaingniú, lena n-áirítear aidhmeanna Ghaillimh le Gaeilge d’fhonn an stádas oifigiúil príomhchathair dhátheangach na hÉireann a bhaint amach. Cuideoidh tionscnaimh na comhairle le baint amach na haidhme seo, mar shampla, bóithre nua, logainmneacha áiteanna cónaithe agus comharthaíocht ar aghaidheanna siopa agus forbairt tráchtála a ainmniú trí Ghaeilge.
Luafaidh mé beartas 7.3 anois, lena n-áirítear oidhreacht shaintréitheach chultúrtha agus theangeolaíoch Ghaeltachta na cathrach a chosaint agus a chur chun cinn; úsáid na Gaeilge agus na comharthaíochta dátheangaí a spreagadh i gcúrsaí tráchtála agus san fhearann poiblí; úsáid na Gaeilge a chur chun cinn de réir mar atá forbairtí nua, bóithre nua agus páirceanna nua á n-ainmniú; éascú a dhéanamh ar fhorbairt bonneagair, a thacaíonn le cur chun cinn oidhreacht chultúrtha agus theangeolaíoch na cathrach, más iomchuí; agus go bhféachfaidh an chomhairle le limistéar pleanála teanga Gaeltachta a shainiú sa chathair.
Murab ionann agus formhór na gceantar eile a bhfuil stádas Gaeltachta acu, údarás ar leith uirbeach atá sa chathair ina meallann na tailte go léir cuspóir ar leith um chriosú úsáide talún. Tá roinnt criosú ann a thacaíonn le forbairt cónaithe a fhorbairt. Baintear láthair agus méid na dtailte criosaithe agus an tacaíocht ghaolmhar a shonraítear sa straitéis lonnaíochta amach tar éis treoir beartais náisiúnta agus réigiúnach i gcomhar le straitéis tithíochta ar leith chathair na Gaillimhe a ullmhú. Murab ionann agus údaráis áitiúla tuaithe Gaeltachta, níl aon chuspóirí ar leith ann maidir le srian a chur ar cheantair áirithe chun riachtanais tithíochta iad siúd a bhfuil inniúlacht láidir acu sa Ghaeilge a éascú agus nuair is gá measúnachtaí tionchair theangeolaíoch a dhéanamh. Ina ionad sin, spreagtar tithíocht a fhorbairt ar an gcriosú ábhartha um úsáid talún, nuair a shainítear é sin ar mhaithe le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe. Déantar soláthar do na cuspóirí tithíochta siúd i gceantair chuí na Gaeltachta agus i gceantair neamh-Ghaeltachta na cathrach. Tá tithíocht a thoilítear sa dá cheantar seo sásta glacadh leis an ngnáthbhealach soláthair do chách, iad siúd san áireamh ar cainteoirí Gaeilge iad agus iad siúd nach cainteoirí Gaeilge iad.
Cuirtear tacaíocht bheartais dhearfach san áireamh freisin i ndréachtphlean forbartha chathair na Gaillimhe 2023-29 chun cosaint oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta agus chothromaíocht na cathrach mar chathair dhátheangach a chothú agus a neartú. Luaitear i mír 7.4 de dhréachtphlean forbartha na cathrach:
Tá an Ghaeilge mar chuid chomh lárnach sin de chultúr, oidhreacht agus féiniúlacht na cathrach. Tá stádas Gaeltachta ag beagnach leath den chathair agus tugadh le fios i ndaonáireamh 2016 gur mhaígh 41% den daonra gur féidir leo an Ghaeilge a labhairt. Tá pobail i gCnoc na Cathrach, Mionlach agus an Caisleán Gearr i nGaeltacht na cathrach. Is í Gaeltacht na Gaillimhe (Gaeltacht Chonamara) an ceantar Gaeltachta is mó sa tír agus is ionann é agus 50.8% de dhaonra iomlán na Gaeltachta. Baile Seirbhíse Gaeltachta ainmnithe í an chathair faoi Acht na Gaeltachta, 2012 ina n-aithnítear an ról tábhachtach a ghlacann sé i dtaobh tacú leis an bpobal Gaeltachta trí sheirbhísí poiblí agus fóillíocht agus conláistí sóisialta agus tráchtála a sholáthar. Mar chuid d’ainmniú na cathrach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, ceadaíodh plean Gaeilge, Plean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020-2026, ar leibhéal Aire. Tá an Ghaeilge mar chuid lárnach den bheatha sa chathair agus glacann eagraíochtaí cosúil le Taibhdhearc na Gaillimhe, OÉG, Gaillimh le Gaeilge agus Áras na nGael, Raidió na Gaeltachta agus TG4 le ról ceannais i gcur chun cinn cultúrtha na teanga sa chathair mar chéad chathair dhátheangach na hÉireann, a ainmníodh in 2016. Tá dhá limistéar pleanála teanga sa chathair, Oirthear Chathair na Gaillimhe agus an limistéar thiar ag Cnoc na Cathrach, cuid de limistéar pleanála teanga Bhearna-Chnoc na Cathrach. Tá mar aidhm ag pleananna teanga a ullmhaítear do na limistéir seo tacú le húsáid laethúil na Gaeilge trí bhearta lena húsáid, oideachas agus suíomhanna sóisialta, gnó agus poiblí a chur chun cinn agus a neartú.
Aithníonn an Chomhairle gur sócmhainn oidhreachta cultúrtha í an Ghaeilge agus leanfaidh sí ag tacú le tionscnaimh le stádas dátheangach na cathrach a neartú. Déanann an Plean oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn agus a chosaint agus tacaíonn sé le cur i bhfeidhm na bpleananna teanga sa chathair agus leanann sé le comhtháthú úsáid na Gaeilge a chur i bhfeidhm trí bhóithre nua, logainmneacha áiteanna cónaithe agus comharthaíocht ar aghaidheanna siopa agus forbairt tráchtála a ainmniú.
Luann alt 7.4, Cathair Dhátheangach:
1. Oidhreacht shaintréitheach chultúrtha agus theangeolaíoch na cathrach a chosaint agus a chur chun cinn agus leanúint ag tacú le stádas na Gaillimhe mar Chathair Dhátheangach agus tábhacht na Gaeilge mar acmhainn chultúrtha, phobail agus gheilleagrach a aithint.
2. Úsáid na Gaeilge a chur chun cinn de réir mar atá forbairtí cónaithe, bóithre poiblí agus páirceanna nua á n-ainmniú agus a spreagadh go n-úsáidtear comharthaíocht Ghaeilge/dhátheangach san fhearann tráchtála agus poiblí.
3. Tacú le agus éascú a dhéanamh ar fhorbairt bonneagair, a chuireann oidhreacht chultúrtha agus theangeolaíoch na cathrach chun cinn, más iomchuí.
4. Tacú le cur i bhfeidhm Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020-2026 agus ainmniú na cathrach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.
Áirítear léarscáileanna i ndréachtphlean forbartha chathair na Gaillimhe chun na codanna sin den chathair lena mbaineann stádas Gaeltachta a aibhsiú agus aitheantas a thabhairt dóibh. Tugtar aitheantas sa dréachtphlean freisin d’ainmniú na cathrach le déanaí mar bhaile seirbhíse Gaeltachta. Aithnítear ann freisin plean teanga chathair na Gaillimhe 2020-2, arna fhaomhadh le déanaí agus a léiríonn go bhfuil cathair na Gaillimhe ríthábhachtach mar bhaile seirbhíse Gaeltachta i bhfianaise a clú sheanbhunaithe ó thaobh na Gaeilge de, agus a suíomh in aice leis an gceantar Gaeltachta is mó agus is láidre sa tír. Táthar tar éis leanúint ar aghaidh i ndréachtphlean forbartha na cathrach ag cur leis na beartais arna leagan amach sa phlean reatha, agus luaitear sa dréachtphlean go dtabharfar tacaíocht don phlean teanga a foilsíodh le déanaí, agus d’ainmniú na cathrach mar bhaile seirbhíse Gaeltachta.
Déantar foráil sa phlean reatha agus sa dréachtphlean araon do réimse beartas agus cuspóirí a thacaíonn le seirbhísí agus bonneagar, lena n-áirítear cúrsaí iompair, cúrsaí oideachas, cúrsaí cultúir, cúrsaí sláinte, cúrsaí tráchtála agus cúrsaí áineasa. Tá na beartais agus na cuspóirí sin den scála iomchuí chun freastal a dhéanamh ar limistéar atá níos mó ná an chathair féin agus chun tacú le hinmharthanacht mhórcheantar Ghaeltacht na Gaillimhe.
Maidir le cultúr, is léir ón bplean forbartha iontach agus ón dréachtphlean forbartha araon go bhféachtar ar mhuintir agus ar chultúr na Gaillimhe mar chuid lárnach d’fhéiniúlacht na cathrach agus mar cheann de na láidreachtaí is mó a bhaineann léi. Meastar go gcuireann oidhreacht shaibhir na cathrach ó thaobh cultúir agus teanga de, chomh maith le saol beo bríomhar na cruthaitheachta, go mór leis an timpeallacht mhaireachtála ar leith do chónaitheoirí agus leis an timpeallacht fháilteach spreagúil a mheallann cuairteoirí chun na cathrach freisin. Go ginearálta, tugtar aitheantas sna beartais d’fhéiniúlacht chultúrtha láidir agus uathúil na cathrach agus aithnítear go bhfuil leagáid na Gaeilge ina gné lárnach den fhéiniúlacht sin. Tá tacaíocht beartais ag an bplean forbartha chun leathnú agus forbairt thionscail chultúrtha, thionscail ealaíona agus thionscail chruthaitheachta na cathrach a spreagadh, agus chun oidhreacht teangeolaíochta na cathrach a neartú freisin.
Tugann an plean tacaíocht aitheanta chun pleananna tánaisteacha eile amhail Everybody Matters: Creatstraitéis um Inbhuanaitheacht Chultúir do Ghaillimh 2016-25, plean oidhreachta chathair na Gaillimhe, plean ealaíona chathair na Gaillimhe agus na cláir ealaíona ghaolmhara a chur chun cinn. Tá gach ceann de na pleananna sin tiomanta d’oidhreacht agus luach teangeolaíoch na Gaeilge a chur chun cinn i gcomhthéacs cultúr a dhéanann úsáid phobail agus sóisialta na teanga a chur chun cinn tuilleadh.
Maidir leis an ngeilleagar, aithníonn plean forbartha na cathrach an luach eacnamaíoch a bhaineann leis an teanga agus leis an gcultúr teangeolaíoch gaolmhar mar a shainaithnítear sna beartais sin atá sa phlean a bhaineann leis an gcultúr oidhreachta agus turasóireachta. Léirítear iad i roinnt bealaí éagsúla lena n-áirítear an focal labhartha, sa litríocht, i sócmhainní ábhartha agus sa cheol, agus déantar iad a chomhtháthú freisin i bhféilire bliantúil na bhféilte. Tugann plean forbartha na cathrach tacaíocht beartais freisin don phlean áitiúil eacnamaíochta agus pobail, LECP, a bhfuil sé mar aidhm aige na buntáistí geilleagracha, cultúrtha agus sóisialta a bhaineann le húsáid na Gaeilge a chaomhnú agus a chinntiú.
Maidir le hoidhreacht thógtha, anuas air sin, áirítear i bplean forbartha na cathrach beartais maidir le foirgnimh, struchtúir agus limistéir chaomhantais ailtireachta a chosaint. Is léiriú díreach ar an nGaeilge agus ar an oidhreacht theangeolaíoch iad cuid de na struchtúir seo. Baineann siad go ginearálta freisin le hoidhreacht chultúrtha na Gaeltachta, mar shampla, an dealbh de Phádraic Ó Conaire agus an teach inar saolaíodh é, agus an dealbh de húicéir na Gaillimhe. Tá eagraíochtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn lonnaithe i struchtúir eile atá faoi chosaint amhail Áras na nGael agus Taibhdhearc na Gaillimhe, agus trí na foirgnimh seo a chosaint, cinntítear go bhfuil árais chosanta stairiúla oiriúnacha ag na heagraíochtaí seo.
Déanann plean forbartha na cathrach caomhnú na struchtúr go léir atá faoi chosaint a chur chun cinn trí bheartais tacaíochta. Tugann sé spreagadh do dhaoine agus eagraíochtaí iarratais a dhéanamh ar dheontais ionchasacha chun oibreacha caomhnaithe gaolmhara a dhéanamh. Go háirithe i gcomhthéacs na hoidhreachta teangeolaíche, áiríodh leis na deontais seo i mbliana agus anuraidh maoiniú a bhain go sonrach le haghaidheanna siopa stairiúla Gaeilge a chaomhnú.
Ceadaítear sa bheartas i bplean forbartha na cathrach go leanfar ar aghaidh leis an gcleachtas seanbhunaithe a bhaineann le hainmneacha Gaeilge amháin a chur ar fhorbairtí cónaithe nua, beag beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe, mar shampla, i gceantar Gaeltachta na cathrach nó taobh amuigh de sin. Áirítear an méid seo a leanas sa bheartas sonrach sin: cur chun cinn a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge agus forbairtí cónaithe nua agus bóithre agus páirceanna poiblí á n-ainmniú.
Ceadaíonn an beartas seo do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe coinníollacha a chur le deonuithe ceada le haghaidh forbairtí cónaithe. Dá réir sin, déanann sé seo an coiste logainmneacha, ar a bhfuil ionadaithe ó eagraíochtaí éagsúla ar fud na cathrach a mbaineann cúlra agus saineolas éagsúil leo, a éascú ainmneacha Gaeilge a leagan ar fhorbairtí tithíochta.
Déantar foráil freisin i mbeartas phlean forbartha na cathrach ar chomharthaíocht dhátheangach a chur chun cinn laistigh d’fhorbairtí tráchtála. Meastar go gcabhraíonn an dá bheartas seo sa phlean forbartha chun an Ghaeilge a choinneáil, a neartú agus a normalú sa chathair ar fad agus an teanga a dhéanamh níos feiceálaí trí chomharthaíocht Ghaeilge a úsáid.
Déantar foráil i bplean forbartha na cathrach do bheartais tacaíochta le haghaidh saoráidí oideachais uile. Baineadh tairbhe as an mbeartas áirithe seo ó thaobh Gaelscoileanna a sholáthar sa chathair. Chuir an plean forbartha roimhe seo talamh i gCnoc na Cathrach in áirithe go sonrach le haghaidh meánscoile. Ina dhiaidh sin, d’éascaigh an beartas seo an talamh a fháil tríd an bpróiseas um ordú ceannaigh éigeantaigh agus ar deireadh thiar thall, chabhraigh sé chun suíomh buan a fháil le haghaidh Choláiste na Coiribe, lena n-áirítear talamh áineasa agus fóntais in aice láimhe a chriosú agus a sholáthar i gceantar Gaeltachta na cathrach.
D’éascaigh an plean freisin leis an mbunscoil Gaelscoil Mhic Amhlaigh a thógáil ar shuíomh bunaidh na scoile ar Bhóthar na Ceapaí. Bhí beartas an phlean, in éineacht le hidirbheartaíocht dhíreach oifigigh na rannóige pleanála, ríthábhachtach ó thaobh suíomh mór nua a fháil. Athlonnaíodh an scoil chuig an suíomh nua seo a thug deis fháis di, mar aon le foirgneamh buan réamhscoile ar leithligh. D’éascaigh an rannóg phleanála an fhorbairt seo tuilleadh trí thacú le beartas an phlean forbartha agus trí phróiseas sáraithe ábhartha a mholadh chun an scoil áirithe seo a cheadú. Cé go bhfuil an scoil suite lasmuigh de theorainn Ghaeltachta na cathrach anois, tugtar aitheantas i mbeartas an phlean don tiomantas do chathair dhátheangach agus do na buntáistí a thugann tacaíocht beartais do thumadh sa teanga tríd an oideachas.
Déantar foráil i bplean forbartha na cathrach freisin do thacaíocht beartais chun leathnú inbhuanaithe Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a cheadú, ag tarraingt airde ar thiomantas uathúil Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, d’oideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge agus ar aidhm na hollscoile freastal a dhéanamh ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeilge, agus campas dátheangach a chruthú.
Mar a léirítear san aighneacht seo, tá beartais an phlean leagtha amach chun úsáid agus infheictheacht laethúil na Gaeilge a choinneáil, a neartú agus a mhéadú agus chun cosaint a dhéanamh ar an oidhreacht chultúrtha a bhaineann le stádas Gaeltachta na cathrach agus ar cháil na cathrach mar chathair dhátheangach. Anuas air sin, comhlíonann an rannóg phleanála a dualgais ar fad de bhun Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus i gcomhréir le scéim teanga Comhairle Cathrach na Gaillimhe, agus foilseofar leagan Gaeilge den phlean freisin.
No comments