Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 19 January 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh na finnéithe ar fad ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Tá siad ag freastail ar an gcruinniú ar líne ó áit lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Is iad: Ailish Bhreathnach, oifigeach Gaeilge; Liam Blake, pleanálaí feidhmeannach sinsearach; Helen Coleman; pleanálaí feidhmeannach sinsearach; agus Caroline Phelan, pleanálaí sinsearach.
Tá fáilte roimh na hionadaithe ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Gabhaim buíochas leo as a gcúnamh a thabhairt dúinn inniu.
Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Is mian liom a mheabhrú do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe. Tá sé tábhachtach é sin a chinntiú ionas gur féidir linn taifeadadh ceart a dhéanamh ar an gcruinniú seo.
Tá rogha chomh maith ag comhaltaí freisin freastal ar na cruinnithe go fisiciúil sa seomra coiste nó freastal go fíorúil agus tá na comhaltaí ar fad go dtí seo ag freastal go fíorúil. Aithneoimid iad agus má tá siad ag iarraidh labhairt, caithfidh siad a lámha a chur in airde agus glaofaidh mé orthu in ord na lámh a fheicim atá curtha in airde nuair a bheidh ráiteas tosaigh na bhfinnéithe críochnaithe. Nuair a bhíonn na comhaltaí ag freastal ar na cruinnithe óna n-oifigí ó Thithe an Oireachtais, caithfidh siad soiléiriú a dhéanamh chun iad a fheiceáil le linn dóibh an físeán a bheith ar siúl acu, ionas gur féidir liom, leis na comhaltaí, leis na finnéithe agus leis na baill foirne iad a fheiceáil. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas gur féidir le gach duine eile sa chruinniú iad a fheiceail ar an scáileán agus a chloisteáil agus déan cinnte de mar sin go bhfuil na micreafóin múctha mura bhfuil siad ag labhairt.
Bogfaimid ar aghaidh mar sin agus nuair a bheidh na comhaltaí céanna agus na baill foirne atá ag freastal ar an gcruinniú sa seomra coiste féin, measaim go mbeidh duine nó dó mar sin, caithfidh siad achar cosanta sóisialta a ghlacadh maidir le Covid-19. Má ghlaoitear vóta, déanfaimid é sa ghnáthbhealach i seomra an choiste.
Ba mhaith liom freisin an chuid eile seo a rá freisin. Ba mhaith liom aird na bhfinnéithe a dhíriú inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil an chosaint sin acu nuair atá siad lonnaithe dá réir ach tá orm aird na bhfinnéithe atá os comhair an choiste a dhíriú ar an bhfíric nach féidir leo brath ar an gcosaint sin má tá siad ag tabhairt fianaise dúinn ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim dóibh ar fad a bheith cúramach agus má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, déan amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste agus ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go bhféadfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófaí do na finnéithe éirí as a ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin má tharlaíonn sé.
Leis an méid sin ar fad a bheith ráite agam, agus gach duine aitheanta ag an gcruinniú, iarrfaidh mé anois ar príomhfhinnéithe ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an ráiteas tosaigh a dhéanamh. Níl a fhios agam cé a bheidh ag déanamh é sin.
No comments