Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 24 November 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé
Mr. Liam Mac an Bhaird:
Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cuív. Bhain a chéad cheist leis an bpróiseas maidir leis an bplean forbartha contae. D’fhiafraigh sé an ndéanann muid measúnú tionchar teanga ar an bpróiseas nó ar an bplean ina iomláine go ginearálta. Caithfimid sin a dhéanamh agus tá sé mar pháirt den phróiseas. Ag éirí as an cheist sin, chuir an Teachta ceist eile maidir leis an gcaighdeán comhsheasmhach don assessment ar na pleananna sin. Ag an bpointe seo, is rud é sin a dhéanann muid in-house. Sin an assessment a dhéanann muid ar na pleananna sin.
No comments