Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé seo thar a bheith úsáideach mar tá muidne ag iarraidh tionchar a imirt ar an Aire maidir leis an bpolasaí pleanála Gaeltachta nua atá sé ag caint air. Chomh maith leis sin, is gearr go bhfoilseoidh sé dréacht-rialacha a bhaineann le pleanáil tuaithe agus tithíocht tuaithe. Beidh muidne ag iarraidh ionchur a bheith againn sna rudaí sin agus táimid ag iarraidh foghlaim ó inniu céard gur cheart dúinn a bheith ag moladh don dá pholasaí sin. Nuair a bhí na trí chomhairle chontae ag leagan amach na pleananna contae, an ndearna siad aon staidéar teangeolaíochta ar an tionchar a bhíonn ag an bpátrún lonnaíochta ar an teanga? Sin le rá, má athraítear chuile dhuine amach ón tuath agus isteach i mbailte, an mbeadh tionchar dearfach nó diúltach ar an teanga? An bhfuil staidéar déanta air sin? Tá brú sa treo sin.

An bhfuil aon chóras monatóireachta neamhspleách ann do na contaetha a leagann síos caighdeán Gaeilge do thithe le coinníoll Gaeilge iontu in eastáit tithíochta? Go hiondúil nuair atá caighdeáin leagtha síos, tá dream éigin a dhéanann monatóireacht go bhfuil siad sásúil agus cothrom an t-am ar fad.

Baineann an cheist seo le Maigh Eo agus Tír Chonaill, ach sílim gur fhreagair muintir Thír Chonaill é cheana féin. An bhfuil coinníoll leagtha síos go gcaithfear cuid de na tithe a choinneáil do lucht labhartha na Gaeilge? Is fiú dúinn ar fad suntas a thabhairt i láthair na huaire don bhreithiúnas Ard-Chúirte i gcás na forbartha tithíochta a bhí molta do Ráth Chairn. Beidh an-tionchar aige sin ar pholasaithe pleanála teanga amach anseo.

Ní fhaca mé go raibh a leithéid de rud ar nós an pholasaí neartú Gaeltachta in aon aighneacht ach an ceann ó Chontae na Gaillimhe. Tá cúpla ceist shonrach agam faoi sin. Luaigh Valerie Loughnane go mbeadh daoine ó Ghaeltacht taobh amuigh de Chontae na Gaillimhe, ar nós mé féin as Baile Átha Cliath, cáilithe faoin bpolasaí neartú Gaeltachta. An mbeadh duine as Gaeltacht na Gaillimhe cáilithe faoin bpolasaí sin, dá mbeadh siad ag iarraidh bogadh go háit eile taobh istigh de Ghaeltacht na Gaillimhe? An bhfuil mapaí ar fáil den cheantar lena mbaineann an polasaí neartú Gaeltachta? Ní fhaca mé mapa riamh a thaispeáin na háiteanna taobh istigh den cheantar ina nglactar le hiarratais faoin bpolasaí neartú Gaeltachta agus na cuid taobh amuigh de. Má tá mapa ann, an bhfuil sé bunaithe ar láidreacht na Gaeilge sna ceantair sin nó ar tiús an daonra nó an brú daonra? An dtugtar suntas do na ceantair phleanála teanga statúideach atá ann anois ag Roinn na Gaeltachta?

Tá rud amháin nach féidir liom meabhair a fháil air riamh. B’fhéidir go bhfaighidh mé soiléiriú air inniu. Luadh go bhfuil riachtanas teanga sa pholasaí neartú Gaeltachta, sé sin, go mbeadh duine in ann Gaeilge a labhairt go líofa, agus luadh "the Irish culture". Éiríonn dhá cheist as sin. An gcaithfidh daoine an dá rud a bheith acu? An gcaithfidh siad teanga na Gaeilge agus "the Irish culture", mar a tugadh air, cultúr na hÉireann nó cultúr Gaelach, a bheith acu, nó an ndéanfaidh ceann amháin? An bhféadfadh daoine fáil isteach leis an Irish culture gan an teanga a bheith acu? Cuirfidh mé ar bhealach eile ar fad é. Abair go raibh duine ina chainteoir dúchasach Gaeilge agus go raibh sé ag tógáil a chlann le Gaeilge, ach go raibh spéis acu i rac-cheol agus rugbaí agus na rudaí ar fad nach luaitear mar chultúr dúchasach Éireannach. Fiú gur Gaeilge a bheadh ag an gclann mar theanga, go hiomlán agus go huile, ó mhaidin go hoíche, an mbeadh siad dícháilithe mar nach mbeadh an Irish culture seo, cibé céard é féin, acu? Tá soiléiriú ag teastáil faoi céard a chiallaíonn sé sin. Níor thuig mé riamh cén fáth go raibh an tagairt ann do Irish culture mar tá an Ghaeltacht bunaithe ar an teanga. Níl sí bunaithe ar aon rud eile.

D’fhéadfadh duine a bheith ag imirt rugbaí sa Ghaeltacht agus spéis a bheith acu i gceol nach bhfuil aon bhaint aige le ceol dúchasach agus mar sin de agus ina chainteoir dúchasach Gaeilge, sa chaoi chéanna go bhfuil cainteoirí Fraincise sa Fhrainc gan aon spéis acu i gceol na Fraince nó aon rud eile sa Fhrainc. Ba mhaith liom soiléiriú ar an ábhar seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.