Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 24 November 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá cúpla ceist nach bhfuair mé freagraí orthu ansin. Táim an-bhuíoch as na freagraí, go háirithe ó mhuintir Dhún na nGall. B’fhéidir go raibh míthuiscint éigin ann. Nílim ag lorg go mbeadh coinníoll teanga ar thithe sóisialta. Táim ag fiafraí an mbíonn buntáiste ann i gcomhair Gaeilgeoirí. Má tá cinneadh le déanamh agus é síos go dtí an bheirt nó triúir deireanach, an mbeadh an buntáiste ag duine le Gaeilge ó thaobh an teach a fháil, chun an Ghaeltacht a chothú? Sin atá i gceist agam. Ní hé go bhfuilim ag lorg aon choinníollacha ar na hiarratais.
Níor freagraíodh an cheist mar gheall ar na tithe sóisialta agus an t-oifigeach Gaolainne i Maigh Eo. An bhféadfainn breis eolais a fháil air sin? Cén leibhéal ar a bhfuil an t-oifigeach Gaolainne i gContae Mhaigh Eo? Maidir le tithíocht shóisialta, an bhfuil buntáiste ann do Ghaeilgeoirí má tá measúnú á dhéanamh ar iarrthóirí i gcomhair teach? An mbíonn an chomhairle ag cothú na Gaeltachta nó an mbíonn an Ghaolainn san áireamh in aon chor nuair a bhíonn tithe sóisialta á scaipeadh amach?
No comments