Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 24 November 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé
Mr. Liam Mac an Bhaird:
Bhí an chéad cheist ag baint leis an bpolasaí tithíochta tuaithe. Ag an am seo, níl polasaí ná coinníoll ar bith leagtha síos sa phlean forbartha contae atá againn maidir le tithe aonair sa cheantar Gaeltachta atá ceadaithe ag baint leis an nGaeilge. Níl polasaí ar bith againn agus ní chuirimid coinníollacha ar bith ar na ceadanna sin. Tá polasaí againn maidir le forbairt iltithíochta. Caithfidh measúnú thionchar teanga teacht le haon iarratas ar bith a thagann isteach chugainn sa cheantar Gaeltachta agus déanaimid assessment ar an measúnú sin. Táimid ag tosú ar athbhreithniú ar an bplean forbartha contae sa bhliain seo chugainn, áfach, agus b'fhéidir gur rud é a gcaithimid a chur san áireamh ach tá deacrachtaí leis, mar a dúirt Kevin Kelly. Caithfimid a bheith cúramach faoi sin.
Maidir leis an gceist eile ag baint le hinfheistíocht eile cosúil leis na feirmeacha gaoithe, táimid in áit dheacair ag an am seo mar nach bhfuil polasaí ar bith ag baint le wind energy sa phlean atá againn ag an am seo. Táimid ag déanamh variation ar an bplean forbartha ag an am seo, ag cur polasaithe maidir le wind energy isteach sa phlean. Ní raibh rud ar bith sa pholasaí a bhí againn ag baint leis an nGaeltacht nó le buntáistí a thabhairt don Ghaeilge.
Bhí an community fund ann agus bhí ar na forbróirí an community fund sin a chur ar fáil do na grúpaí éagsúla sa cheantar ina raibh na feirmeacha gaoithe á gcur suas. Ní raibh rud ar bith ag baint leis an nGaeilge ann.
Maidir leis an gceist faoin bpolasaí atá ag an gcomhairle chontae maidir le tithe a chur ar leas, níl polasaí ar bith againn sa chás sin, ag baint leis an nGaeilge. Níl dualgas ar bith ar dhuine ar mhaith leo teach sóisialta a fháil sa Ghaeltacht maidir leis an nGaeilge. Is é sin an dóigh a bhfuil sé ag an am seo.
Maidir leis na grúpaí a bhfuilimid ag dul i dteagmháil leo, bíonn an chomhairle chontae i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta go minic maidir leis an nGaeilge agus táimid ag obair anois le coiste pobail chun plean forbartha comhtháite a ullmhú do limistéir phleanála teanga i nGaoth Dobhair agus in íochtar na Rosann. Táimid ag obair le roinnt grúpaí eile chomh maith faoin ábhar sin.
Bhain an cheist dheireanach a bhí ag an Teachta leis an oifigeach Gaeilge tá againn.
Tá beirt oifigeach Gaeilge lánaimseartha ag an gcomhairle contae anseo. Tá siad ar leibhéal 5 nó staff officer level sa chomhairle contae.
No comments