Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Mr. Pádraig Ó Beaglaoich:

Gabhaim buíochas as an gceist sin, a Leas-Chathaoirleach. Tá deacrachtaí ann, gan amhras. Ní hionann an rogha chéanna a bheith ag scoláire atá ag freastal ar iar-bhunscoil Gaeltachta nó ar Ghaelcholáiste agus a bheadh trasna an bhoird sna scoileanna Béarla. Chomh maith leis sin, tá deacrachtaí a ndearna mé tagairt dóibh níos luaithe maidir le soláthar téacsleabhar. D’fhéadfaí téacsleabhair, fiú amháin, a sholáthar ach is é ceann de na hábhair gearáin a bhíonn ag múinteoirí agus ag scoileanna chomh maith ná, i gcás an Bhéarla, go bhféadfaí ceithre nó cúig cinn de théacsleabhair a bheith mar rogha ag an duine ach, toisc go bhfuil scéim na dtéacsleabhar mar a bhaineann le scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge fóirdheonaithe, níl bhíonn i gceist ach rogha amháin d’ábhar amháin. Cruthaíonn sé sin deacrachtaí ann féin.

Maidir leis an gceist a d’ardaigh an Leas-Chathaoirleach maidir le scoileanna iargúlta agus tuaithe, níl aon amhras ach go bhfuil múnla na molscoile nó ríomhscoile ach i dtús ama anois, i ndáiríre. D’éirigh go maith leis na chéad iarrachtaí agus tá an dara hábhar le tabhairt isteach ach tá gá le breathnú níos mine agus níos cuimsithí ar an gceist sin ionas go mbeidh, mar a luaigh Caoimhín Ó hEaghra ansin, cothrom na Féinne ag na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Is é rud nár éirigh liom a lua sa ráiteas tosaigh ná go bhfáiltím roimh an iarratas ar eolas margaidh don dara cúrsa a bheadh dírithe ar an bhfoghlaim chumaisc trí mheán na Gaeilge d’oideachas tosaigh múinteoirí agus tá sé sin idir lámha ag an Roinn Oideachais faoi láthair. Tá cúrsa ann cheana féin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh - Máistir Gairmiúil san Oideachas trí mheán na Gaeilge - ach tá gá le tuilleadh soláthair múinteoirí gan amhras.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.