Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta, Teastas Eorpach na Gaeilge agus Earcaíocht agus Cur Chun Cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí: Díospóireacht

Professor Áine Hyland:

Leis an bhfírinne a rá leis an Teachta, tá na múinteoirí, na tuismitheoirí agus na daltaí go léir buartha mar gheall air seo, mar is eol don chomhchoiste. Ní hiad na múinteoirí Gaeilge amháin ach múinteoirí na n-ábhar eile atá buartha freisin. Dá mbeifí ag an gcomhchoiste oideachais, chloisfí é sin freisin.

Scríobh mé mar gheall air seo timpeall ceithre nó cúig uair chuig an CNCM ach ní éisteann sé. Bhí sé seo ag teacht síos an bóthar chugainn ar an gcaoi seo agus bhí sé soiléir cúpla bliain ó shin, nuair a chuir siad an teimpléad ar fáil ar dtús, nach raibh sé oiriúnach in aon chor le haghaidh na hardteistiméireachta. B’fhéidir go mbeadh sé oiriúnach sa bhunscoil nuair nach bhfuil scrúduithe ann, ach má tá scrúduithe ann agus má tá an ardteistiméireacht chun a bheith againn - tá agus beidh sí agus níl aon duine ag caint faoi dheireadh a chur léi - níl an teimpléad sin oiriúnach. Ní úsáideann tír ar bith eile sa domhan a leithéid. Chuaigh mé trí na curaclaim faoi seo in an-chuid tíortha, sé cinn is dóigh liom, agus ní úsáidtear teimpléad mar sin riamh don ardteistiméireacht nó do shraith shinsearach. B’fhéidir go bhfuil an teimpléad oiriúnach don bhunscoil. Mura mbeadh scrúdú ag deireadh sraithe sóisearaí, b’fhéidir go mbeadh an teimpléad oiriúnach, ach tá scrúdú ansin.

Mar a dúirt an tUasal Uí Uiginn, ní raibh scrúdú againn an bhliain seo caite nó an bhliain roimhe sin. Fiú amháin, faoi láthair ní raibh i mbliana ach scrúdú ardteastais ann le haghaidh agricultural science agus bhí siad an-bhuartha toisc nach raibh na torthaí foghlama ailínithe leis an scrúdú. Is é sin an dainséar atá ann nach mbeidh ailíniú ann má tá ábhar breise againn. Cé acu de na roghanna a bheidh againn? Caithfidh siad an teimpléad sin a chur ar leataobh agus tosú arís. Níl sé oiriúnach agus ní fhaca mise riamh teimpléad den saghas sin á úsáid le haghaidh scrúdú poiblí atá chomh tábhachtach sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.