Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta, Teastas Eorpach na Gaeilge agus Earcaíocht agus Cur Chun Cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí: Díospóireacht

Mr. Julian de Spáinn:

Gabhaim buíochas don Teachta as an gceist. Beidh orm labhairt ar bhealach beagáinín níos ginearálta maidir leis an gcoiste a bhí muid ag déanamh comhordú air. Tháinig grúpaí le chéile. Tá grúpa oibre faoi leith curtha ar bun chun déileáil leis na sonraíochtaí ach tá an grúpa oibre sin ag teacht ón mór-ghrúpa atáimid ag déanamh comhordú air a bhaineann le cúrsaí oideachais trí chéile. Ní hé seo an chéad bhagairt don teanga agus tá an coiste sin ag iarraidh déileáil leis na ceisteanna éagsúla. Mar shampla, bhí an tOllamh Pádraig Ó Duibhir os comhair an choiste seo níos luaithe sa bhliain ag caint faoi chóras na ndíolúintí. Bhíomar páirteach sa phróiseas sin freisin.

Sílim go ndearnadh neamhaird ar an gcuid is mó den saineolas a tháinig chun cinn ó na daoine atá sa ghort ag plé leis na ceisteanna seo. Tá sé sin le feiceáil arís agus arís eile. Mar shampla, tá comhairliúchán ar siúl faoi láthair ag an CNCM maidir leis an gcuraclam bunscoile agus tá moladh ann go mbeadh an líon ama a chuirtear ar fáil do mhúineadh na Gaeilge laghdaithe, gan aon anailís déanta ar an uair dheireanach a rinne siad laghdú ar an méid ama atá ar fáil do mhúineadh na Gaeilge chun an tríú teanga a thabhairt isteach. Tá na coincheapa seo ar fad go maith ó thaobh oideachas a leathnú ach níl siad ag tógáil san áireamh an mór-phictiúr a luaigh Fíona maidir le i bhfad níos mó a bheith i gceist leis an teanga ná díreach ábhar scoile. Tá an coiste sin ag feidhmiú agus ag breathnú ar na bagairtí nó na deiseanna a thagann chun cinn go rialta. Thosaigh an grúpa oibre ag obair ar an gceist seo, ag aithint go raibh mór-fhadhbanna ag baint léi.

Níl mise anseo mar shaineolaí oideachais ach mar dhuine a bhíonn ag iarraidh daoine a thabhairt le chéile agus an cleachtas a chur chun cinn, ach tá mise buartha go dtiocfaidh moltaí ar ais chun tweaking a dhéanamh ar na moltaí atá istigh sa cháipéis T1 agus T2. Mar shampla, tá comhairliúchán éigin ar siúl faoin liosta litríochta faoi láthair agus tá siad tar éis tosú le rud éigin luath ar an tsraith shóisearach fiú, mar a dúirt Shane, go bhfuil gá breathnú ar an rud ina iomláine. Tá baol ann go dtiocfaidh an CNCM ar ais agus go ndéarfaidh siad go ndearna siad iarracht anseo agus ansiúd, in ionad a rá go bhfuil fadhb mhór ann. Mar a luaigh an Teachta, tá gach duine ag rá nár chóir dul ar aghaidh leis seo faoi láthair. Aon duine atá ag plé leis na ceisteanna seo sa phobal, atá mise tar éis bualadh leo, tá siad ag rá gan dul ar aghaidh leis seo. Sin ráite, má tá buíochas le gabháil leis an CNCM ar rud amháin, sé sin go bhfuil an cheist seo ardaithe anois. Tá sí os comhair an phobail agus tá deis faoi leith ann anois an rud a réiteach agus T1 agus T2 a chur ar leataobh. Tá an oiread sin mearbhall faoi ghnáthleibhéal agus ardleibhéal T1, gnáthleibhéal agus ardleibhéal T2, agus gan bonnleibhéal a bheith ann. Mothaím go bhfuil an struchtúr atá siad ag moladh go hiomlán mícheart ach tá moltaí eile ag teacht chun cinn. Ní moltaí nua iad ar fad ach tá siad ann agus tá siad ar an mbord, agus b’fhéidir gur seo an deis is fearr a bheidh ann riamh chun breathnú ar an gcóras agus é a cheangal leis an bhfráma tagartha, mar shampla, mar tagann sin leis an bpolasaí Stáit. Is féidir breathnú air ó thaobh an cur chuige a bheadh ann, bíodh sin an rogha le dhá ábhar don ardteistiméireacht nó an ceann le pointí bónais. Dar ndóigh, bheadh an rogha le pointí bónais níos éasca ó thaobh clár ama scoile agus gach rud a chur i bhfeidhm agus b’fhéidir go mbeadh an ceann eile beagáinín níos deacra.

Bhí pointe an-mhaith ag Shane go gcaithfimid breathnú ar an nGaeilge sa chóras oideachais ina iomláine. Faoi láthair, táimid ag labhairt faoin ardteistiméireacht agus tá sé ráite ag cúpla duine cheana féin nach féidir linn labhairt faoin tsraith shóisearach mar nach bhfuil an taighde déanta air agus níl a fhios againn faoi. Tá moladh á chur chun cinn le tamall anuas gur chóir go mbeadh muid ag breathnú air seo ó thús go deireadh. Tá an Ghaeilge difriúil ó ábhair eile mar go bhfuil sé ann ó thús go deireadh. Cén fáth nach mbeadh muid ag breathnú ar rud éigin atá ceangailte le chéile ó thús go deireadh? D’fhéadfaí é sin a dhéanamh leis an bhfráma tagartha. Ní gá go mbeadh aon mheasúnú déanta ar an bhfráma go dtí an dara leibhéal agus an tríú leibhéal ach ní sin le rá nár chóir go mbeadh cuid den mhodh eolaíochta agus an cur chuige in úsáid sa réamhscoil agus sa bhunscoil freisin.

Is é seo cinnte mo phointe deireanach. Is é an rud is mó a chuireann iontas orm i gcónaí ag plé leis na ceisteanna seo ón taobh amuigh, d'fhéadfaí a rá, ná an easpa saineolaithe a bheadh muinín iomlán agam astu atá páirteach sa chur chuige leis na rudaí seo a chuir le chéile. Ba bhreá liomsa coiste saineolaithe leis na hUaisle Uí Uiginn, Ní Ghloinn, Ó Coinn agus Ní Mhaonaigh, mar is iad siúd daoine a bheadh saineolach ar na hábhair seo agus ar cheisteanna Gaeilge go háirithe, agus iad a fháil i seomra agus a rá leo an bhféadaidís teacht ar ais leis na moltaí a dhéanfadh ciall. Mothaím faoin struchtúr atá ar bun faoi láthair sa CNCM go bhféadfaí go bhfuil an toil ann agus go bhfuil sé ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh, ach ní dóigh liom go bhfuil an saineolas ag teacht agus an fhianaise sin sa cháipéisíocht atá curtha ar fáil aici in ionad an méid atá curtha ar fáil ag na hUaisle Ní Ghloinn agus Uí Uiginn dúinn a fhreagraíonn an-chuid de na ceisteanna agus a léiríonn na fadhbanna agus na bearnaí atá ann. Ba chóir céim siar a ghlacadh agus na saineolaithe cuí a fháil a bheadh in ann ag plé le cúrsaí a bhaineann le hábhar chun breathnú ar an gceist seo i gceart in ionad saineolaithe a bhfuil ina n-ionadaithe ar ghrúpaí faoi leith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.