Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta, Teastas Eorpach na Gaeilge agus Earcaíocht agus Cur Chun Cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí: Díospóireacht

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na hionadaithe ón dá ghrúpa. Is leor an machnamh atá anseo agus tá sé thar a bheith deacair dúinne mar ní saineolaithe muid ar chúrsaí oideachais. Mo bhuíochas dóibh as a gcuid oibre mar tá a fhios agam go bhfuil obair na gcapall curtha isteach taobh thiar de na cáipéisí seo. Tá siad léite agam. Ba mhaith liom díriú isteach ar rud nó dhó. Maidir le Conradh na Gaeilge, de réir mar a thuigim, shocraigh sé coiste oideachais a chur le chéile agus ag eascairt as an gcoiste sin tá an plécháipéis atá os ár gcomhair inniu. Laistigh den choiste sin, tá 14 grúpa i gceist. Tá an-imní ar eagraíochtaí ar an talamh. Sin an teachtaireacht atá ag teacht trasna. Tá Conradh na Gaeilge chomh buartha sin go raibh air coiste oideachais a chur le chéile agus ansin an bheirt ollamh a tharraingt isteach - nó ollamh amháin agus Fíona leis na teidil uilig atá aici - agus an plé-cháipéis a chur le chéile. Mar a dúirt Fíona, is liosta le háireamh atá sa liosta mór bearnaí atá i gceist. Tá sé deacair é sin a chloisteáil agus tá sé deacair déileáil leis nuair atáimid ag caint faoi theanga atá chomh tábhachtach sin, príomhtheanga na tíre. Bíonn muid ag caint faoin straitéis 20 bliain, an plean gníomhaíochta agus an Bille nua. Tá sé deacair. An féidir leis na finnéithe míniú dom cén chaoi ar tharla sé seo? Tá próiseas comhairliúcháin ar siúl agus spriocdháta i gceist i ndeireadh na míosa seo agus de réir mar a thuigim, níl aon duine ar an talamh sásta. An moladh mór atá Conradh na Gaeilge ag cur os ár gcomhair ná “go gcuirfidh an CNCM aon chinneadh ar shonraíocht nua don Ghaeilge sa tsraith shinsearach ar leataobh go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú ar an tsraith shóisearach déanta agus torthaí an athbhreithnithe curtha ar fáil.” Cén chaoi ar tharla sé sin, go háirid agus é ráite go soiléir sa pholasaí don oideachas Gaeltachta go mba chóir go mbeadh an t-athbhreithniú agus na torthaí istigh roimh aon turas eile a dhéanamh le hathruithe? Beidh ceist nó dhó eile agam ach tá mé ag iarraidh míniú a fháil ar cén chaoi ar tharla sé seo ar dtús.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.