Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta, Teastas Eorpach na Gaeilge agus Earcaíocht agus Cur Chun Cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí: Díospóireacht

Mr. Shane Ó Coinn:

Ar an gcéad dul síos, tá easpa eolais ar fáil maidir le roinnt mhaith buncheisteanna a bhaineann leis na dréachtsonraíochtaí. Tá an cháipéis chomhairliúcháin easnamhach agus níl a dhóthain eolais ar fáil sna cáipéisí. Ní féidir linn dréachtsonraíochtaí a mheas mar is ceart gan an t-eolas seo a bheith ar fáil. Má fhágtar rudaí mar atá sna dréachtsonraíochtaí, ní bheidh an ceann scríbe ar eolas ag múinteoirí agus cuirfidh sé seo le míthuiscint na múinteoirí agus le halltacht na múinteoirí ó thaobh a gcuid oibre de agus ó thaobh a ndualgais dá ndaltaí. Ní mór muinín a bheith ag múinteoirí as aon chúrsaí nua a chuirfear i bhfeidhm chun gníomhú leis. Creidimid go láidir gur cheart do CNCM, do Choimisiún na Scrúdaithe Stáit agus don Roinn Oideachais oibriú níos dlúithe le chéile maidir leis na sonraíochtaí agus maidir le cur i bhfeidhm aon sonraíochtaí nua.

Go minic, tá an cuma ar an scéal go bhfuil na heagrais Stáit uilig ag obair ar a gconlán féin agus tá easpa freagrachta ann dá bharr. Chonaiceamar é seo le cúrsaí na sraithe sóisearaí nuair a bhí múinteoirí ag cur ceisteanna réasúnta amhail cén téacsanna litríochta a bheadh ar an gcúrsa don dara agus tríú bliain; cad a bheadh le déanamh do na tascanna rangbhunaithe; agus cén cineál ceisteanna scrúdaithe a bheadh ar na cúrsaí. Nuair a chuir múinteoirí na ceisteanna seo, ní raibh na freagraí ar fáil nuair a bhí an t-eolas de dhíth agus bhí múinteoirí ag obair sa dorchadas. Nuair a cuireadh ceisteanna ar dhreamanna difriúla, dúradh nár bhain sé leo - gur bhain an cúram sin leis an CNCM agus nach raibh na freagraí acu. Dúradh gur bhain sé sin le Coimisiún na Scrúduithe Stáit nó leis an Roinn Oideachais. Ní raibh aon dream ag glacadh freagrachta.

Tá sé an-tábhachtach go ndéanfar athbhreithniú iomlán ar chúrsa na sraithe sóisearaí. Tá cuid mhór míshásaimh léirithe ag múinteoirí maidir le cúrsa na sraithe sóisearaí. Rinneamar suirbhé ar mhúinteoirí agus dúirt 95% de mhúinteoirí gur cheart go mbeadh athbhreithniú déanta ar chúrsa na sraithe sóisearaí sula bhogamar ar aghaidh go dtí cúrsa na hardteistiméireachta. Tá cuid mhór easnaimh ann, ach tá easpa mhór eolais ach go háirithe maidir leis na torthaí foghlama agus maidir le cur chuige na measúnuithe ach go háirithe. Níl na torthaí foghlamtha atá molta maith go leor mar threoir do mhúinteoirí agus do dhaltaí. Má fhágtar rudaí mar atá, cuirfidh sé alltacht ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí. Ní bheidh a fhios acu cad é atá le clúdach agus níl cur chuige mar sin inghlactha, go háirithe do scrúdú chomh tábhachtach leis an ardteistiméireacht.

Creidimid fosta nach bhfuil dóthain eolais ann maidir le cur chuige na measúnuithe. Sa suirbhé atá luaite agam, dúirt 98% de mhúinteoirí nach raibh go leor eolais ar fáil sna dreachtsonraíochtaí maidir leis an gcóras measúnachta. Creidimid go láidir gur cheart an córas measúnachta a dhearadh anois agus tascanna samplacha measúnachta a chur ar fáil bunaithe ar na sonraíochtaí agus an comhairliúchán a bhunú air sin ar fad. Is é an tábhacht a bhaineann leis sin agus le heolas ar na measúnuithe a bhí ar fáil ag tús an phróisis ná cuidiú leis na hathruithe a leagadh isteach agus meon agus straitéis teagaisc a athrú. Bíonn tionchar ollmhór ag an measúnú ar an teagasc a bhíonn ag dul ar aghaidh sa Roinn. Ní féidir é a fhágáil go dtí an deireadh mar athsmaoineamh. Caithfidh Coimisiún na Scrúdaithe Stáit agus an Roinn Oideachais páirt lárnach a ghlacadh sa phróiseas seo fosta. Níl sé maith go leor sonraíochtaí a dhearadh agus ansin a bheith ag smaoineamh ar cén cineál measúnuithe a bheidh ar na cúrsaí ná cén téacsanna litríochta a bheidh ann agus mar sin.

Ba cheart go mbeadh cur chuige comhtháite ann, go mbeadh na heagrais uile ag obair le chéile mar is ceart agus go mbeadh an t-eolas seo uile atá easnamhach curtha ar fáil mar chuid den phróiseas comhairliúcháin. Ba cheart go mbeadh an t-eolas atá easnamhach curtha ar fáil agus go mbeadh pacáiste de scrúduithe samplacha, scéimeanna marcála agus traenáil chuimsitheach déanta ag múinteoirí sula gcuirtear tús le haon chúrsa nua. Nuair a thóg siad isteach an tionscadal mata, bhí sé sheisiún traenála ag múinteoirí mata sula gcuireadh tús leis an gcúrsa. Má táimid ag caint ar athrú chomh mór leis seo, ba cheart go mbeadh amhlaidh ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge.

Sa chomhthéacs seo, creidimid go láidir gur cheart go mbeadh an dara comhairliúchán ann agus go mbeadh an t-eolas atá easnamhach curtha ar fáil mar chuid den dara comhairliúchán seo. Ba cheart go mbeadh fáil ar na liostaí litríochta, na páipéir shamplacha agus na scéimeanna marcála, ar eolas ar na torthaí foghlamtha agus ar eolas faoin spreagadh a bheadh i gceist maidir le daltaí a bheadh ag dul le cúrsa T1 nó cibé ainm a bheidh air. Ba cheart go mbeadh fáil ar fhreagraí ar na buncheisteanna uilig curtha san áireamh.

Chomh maith leis sin, tá sé geallta sa chlár Rialtais go mbeidh polasaí ann don Ghaeilge sa chóras oideachais, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Ba cheart go mbeadh ionchur lárnach ag an bpolasaí seo nuair atá sé forbartha maidir leis an gcur chuige atá á leanúint sna dréachtsonraíochtaí fosta.

Thar aon rud eile, creidimid gur fiú go mór am a thógáil leis an bpróiseas seo chun é a fháil i gceart. Ní mór dúinn an deis a thapú le teacht ar an mbealach ceart le foghlaim agus múineadh na Gaeilge a threisiú. Ba cheart go mbeadh tacaíocht fhorleathan ann ó na geallsealbhóirí uilig d’aon mhúnla nua chun go n-éireoidh leis. Ní mór éisteacht leis na buairimh atá léirithe ag múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí agus an mórphobal. Caithfimid oibriú le chéile le córas d’ardchaighdeán do mhúineadh na Gaeilge a chruthú, a chothóidh an chéad ghlúin eile de chainteoirí líofa agus muiníneacha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.