Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 November 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Curaclam Nua na hArdteistiméireachta, Teastas Eorpach na Gaeilge agus Earcaíocht agus Cur Chun Cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí: Díospóireacht
Ms Siuán Ní Mhaonaigh:
Gabhaim buíochas leis an Uasal Ní Ghloinn agus leis an gCathaoirleach. Ceann de phríomhchuspóirí na hathruithe atá á mbeartú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná méadú agus feabhsú a dhéanamh ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil do phobal na Gaeilge. Le tacú leis an aidhm sin, tá sé molta go mbeidh 20% de na hearcaithe úra sa tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge. Chun go mbeidh rath air seo tá sé iontach tábhachtach go mbeidh córas caighdeánach, trédhearcach atá bunaithe ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta leagtha síos.
Faoi láthair, nuair a bhíonn ceist na hearcaíochta san earnáil phoiblí á plé, bíonn easpa soiléireachta ann maidir le cad é atá i gceist le "cumas" nó "inniúlacht" sa Ghaeilge. I measc na riachtanas is minice a fheictear i bhfógraí poist, bíonn na lipéid seo: cumas maith sa Ghaeilge, Gaeilge mhaith idir labhairt agus scríobh, nó ardscileanna Gaeilge agus líofacht sa Ghaeilge. Tá na lipéid sin feicthe againn ar fad, is dóigh liom.
Ní léir go bhfuil aon sainiú ceart déanta ar cad atá i gceist leis na lipéid seo, agus dá bharr sin, ní hionann an tuiscint a bhíonn ag aon bheirt ar a bhfuil i gceist leo. Dar le duine amháin, b’fhéidir, gurb ionann "líofacht" agus sruth breá cainte. Dar le duine eile, b’fhéidir, gur cruinneas gramadaí atá i gceist. Bíonn na páirtithe leasmhara ar fad thíos leis an doiléireacht seo, an t-iarrthóir atá ag cur isteach ar an bpost chomh maith leis an té atá i mbun earcaíochta. Ar ndóigh, tá leithcheal á dhéanamh ar phobal na Gaeilge chomh maith, pobal atá ag súil le seirbhís mhaith a fháil trí mheán na Gaeilge agus atá i dteideal an tseirbhís sin a fháil.
Tá deacrachtaí leis an gcur chuige reatha aitheanta ag Shirley Comerford, príomh-oifigeach feidhmiúcháin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí chomh maith. Tá sé ráite aicise go bhfuil fadhb mhór ann i gcás daoine a tharraingíonn siar iarratais nuair a thuigtear dóibh go mbeidh triail Ghaeilge le déanamh mar chuid den phróiseas iontrála. Dúirt sise:
It’s been our experience that many of the candidates tick the box that indicates that they wish to apply for the Irish language stream but when we make contact with them, they don’t have the fluency or indeed they don’t wish to proceed with that element of the competition.
Tá dhá ghrúpa eile a d’fhéadfaí a mhealladh i dtreo fostaíochta san earnáil phoiblí ach an t-eolas cuí a bheith ar fáil faoi na riachtanais teanga. Is é an chéad ghrúpa ná foghlaimeoirí ar mhaith leo sprioc chinnte a bheith acu agus iad ag cur lena scileanna teanga. Faoi láthair, níl aon treoir chinnte ar fáil don ghrúpa seo maidir leis na scileanna ar cheart dóibh díriú orthu nó an leibhéal cumais ba cheart a bheith mar sprioc acu agus iad ag lorg fostaíochta san earnáil phoiblí. Is é an dara grúpa ná cainteoirí dúchais agus úsáideoirí cumasacha eile. B’fhusa iad a mhealladh le cur isteach ar phoist dá mbeadh sainiú ceart déanta ar na riachtanais teanga agus dá mbeadh siad in ann dearbhú neamhspleách a fháil a léireodh an cumas atá acu sa teanga cheana féin.
Agus leasuithe á mbeartú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla anois, tá an deis ann anois bonn ceart a chur faoin obair agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá luaite agam. Is gá dúinn a chinntiú go bhfuil na tuiscintí céanna ag na páirtithe leasmhara ar fad maidir le cad é atá i gceist le caighdeáin agus leibhéil éagsúla cumais sa Ghaeilge. Gan chur chuige comónta, cad é mar is féidir na caighdeáin atá á lorg againn a aithint, a shainmhíniú agus a éileamh agus caighdeán sásúil seirbhíse trí Ghaeilge a chinntiú?
Mar a luaigh an tUasal Ní Ghloinn ansin, is é an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha, FTCE, a d'fhoilsigh Comhairle na hEorpa in 2001 agus lenar foilsíodh imleabhar eile an bhliain seo caite, a luaitear mar shlat tomhais i bhformhór na dtíortha sin ina leagtar síos spriocanna teanga den chineál atá beartaithe san earnáil phoiblí anseo.
Tá dúshraith eolaíoch sa fhráma tagartha atá bunaithe ar thaighde na mblianta. Tugtar mionchur síos ann ar na rudaí ba cheart d’úsáideoirí teanga a bheith in ann a dhéanamh sna scileanna éagsúla ag sé leibhéal cumais. Tá sé leibhéal ghinearálta aitheanta ann, agus tugtar sainmhíniú ar gach ceann de na leibhéil sin ionas go mbeadh tuairim mhaith ag foghlaimeoirí, fostóirí, lucht oideachais agus lucht déanta beartas ar fud an domhain ar cad é atá i gceist leis na leibhéil, bíodh siad sin A2 sa Fhraincis, B1 sa Spáinnis nó C1 sa Ghaeilge. Níl an fráma tagartha dírithe ar aon teanga faoi leith; is cáipéis ghinearálta atá i gceist. Tá gné na solúbthachta ar cheann de na buanna is mó atá aige. Is féidir, agus is gá, an t-eolas atá ann a chur in oiriúint do cibé comhthéacs teanga ina bhfuiltear ag feidhmiú. Is féidir é a chur in oiriúint don réimse oibre, do chomhthéacs na scoile, do dhaoine óga, d’fhoghlaimeoirí fásta agus d’úsáideoirí eile.
Má tá leas le baint as an fhráma tagartha Eorpach chun sainiú a dhéanamh ar inniúlacht nó cumas Gaeilge, is gá anailís a dhéanamh ar na riachtanais teanga atá ag fostaithe le go mbeidh siad in ann seirbhís shásúil a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge i gcomhthéacsanna éagsúla. Tá roinnt rudaí a mbíonn tionchar acu ar an leibhéal cumais a theastaíonn ó fhostaithe. Ina measc siúd tá na ceisteanna seo a leanas. Cé leis a mbeidh an fostaí ag plé? Cad iad na scileanna cumarsáide a bheidh de dhíth orthu? Cén cineál ábhair a bheidh á bplé acu? Cén seans atá ann go dtiocfaidh rudaí gan choinne chun cinn? An bhféadfaí go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ag baint le botún a dhéantar de bharr míthuiscintí cumarsáide idir fostaithe agus na daoine lena bhfuil siad ag plé?
Tá an t-eolas atá sa fhráma tagartha in ann cabhrú linn sainiú a dhéanamh ar na riachtanais sin. Aithnítear leibhéal B2 go forleathan ar fud na cruinne mar an t-íosleibhéal atá de dhíth ar dhaoine i dteanga chun a gcuid oibre a dhéanamh go sásúil trí mheán na teanga sin. Bíodh sin mar atá, tá riachtanais agus scileanna éagsúla de dhíth i róil agus i gcomhthéacsanna éagsúla. D’fhéadfadh duine atá ag leibhéal B1 ard, mar shampla, déileáil le fiosrúchán bunúsach ar an ghuthán nó teachtaireacht shimplí a thógáil. B’fhéidir gur leor é sin i róil nó i gcomhthéacsanna áirithe. É sin ráite, ní bheadh na scileanna teanga ag an duine sin a bhíonn riachtanach le haghaidh cuid mhór cúraimí eile a láimhseáil trí Ghaeilge, mar shampla, déileáil le comhrá casta nó achrannach le duine den phobal, miontuairiscí a scríobh, comhfhreagras scríofa a láimhseáil agus mar sin de. I mbeagán focal, bheadh an baol ann, mura mbeadh ach leibhéal B1 ag an fhostaí, go dteipfeadh ar an chumarsáid agus nach bhféadfadh sé nó sí seirbhís shásúil agus leanúnach a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Agus córas á cheapadh don earcaíocht san earnáil phoiblí, ba chóir go mbeadh leibhéal B1 ard go dtí C1 in úsáid agus go mbeadh cur síos ann ar na cineálacha cúraimí a d’fhéadfadh oibrithe tabhairt fúthu, ag brath ar a leibhéal inniúlachta. Ní fhéadfaí, mar shampla, seirbhís shásúil a chur ar fáil mura mbeadh ach leibhéal B1 ag an fhoireann uilig mar nach bhféadfadh na daoine sin ach réimse iontach teoranta tascanna a láimhseáil go sásúil trí Ghaeilge.
Ar an dul síos céanna, thabharfadh an fráma tagartha seo tuiscint do Ranna ar fud na hearnála poiblí ar phróifíl na foirne ó thaobh na teanga de. Le dearbhú neamhspleách ar chumas na bhfostaithe de réir an fhráma tagartha Eorpaigh, d’fhéadfaí a rá go cinnte cad iad na tascanna a mbeadh na baill fhoirne in ann chucu agus cad iad na seirbhísí a d’fhéadfaí a chur ar fáil trí Ghaeilge dá réir. Gan fráma tagartha ná dearbhú ceart inniúlachta, tá baol ollmhór ann go leagfaí cúraimí thar a gcumas teanga ar dhaoine agus go gcuirfí seirbhís mhíshásúil ar fáil dá réir. Tugtar achoimre san aguisín atá leis an aighneacht scríofa ar chuid de na rudaí a d’fhéadfadh daoine a dhéanamh i gcomhthéacs an státchórais ag na leibhéil éagsúla chumais ó B1 go C1. Is féidir leis na baill breathnú air sin ar a gcaoithiúlacht.
Chun go mbeadh rath ar cibé cur chuige a úsáidfear le riachtanais teanga san earnáil phoiblí a chinntiú, tá tábhacht nach beag le córas measúnaithe atá bunaithe ar an fhráma tagartha comónta a bheith in úsáid. Is é Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, an t-aon chóras dá leithéid d’fhoghlaimeoirí agus d’úsáideoirí Gaeilge atá ag lorg deimhniú neamhspleách ar an leibhéal cumais atá acu.
Mar chuid de chóras TEG, tá forbairt déanta ag Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, ar shiollabais agus ar scrúduithe ag cúig leibhéal cumais atá ag teacht le leibhéil A1 go dtí C1 den fhráma tagartha. Tá na hábhair go léir a bhaineann leis an chóras sin - na siollabais, scrúduithe samplacha, tuairiscí agus araile - ar fáil go poiblí agus saor in aisce ar shuíomh TEG. Ba chóir cibé córas atá le cur i bhfeidhm don earnáil phoiblí a bhunú ar chur chuige an fhráma tagartha Eorpaigh agus ar chóras measúnaithe TEG. Chinnteodh sé seo go mbeadh caighdeáin chomónta teanga ar fud na seirbhíse poiblí a bheadh ag teacht leis na caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Lena chois sin, chinnteodh sé go mbeadh na caighdeáin chuí á n-éileamh agus á gcur ar fáil maidir le seirbhísí Gaeilge.
Roinnfidh mé anois roinnt bheag eolais maidir le cuid de na gnéithe is lárnaí de chóras TEG. Mar a luaigh mé níos luaithe, tá scrúduithe agus siollabais againn ag cúig leibhéal ó leibhéal A1 go dtí leibhéal C1. Tá solúbthacht ag baint leis an chóras sa mhéid is gur féidir le daoine tabhairt faoi lánchreidiúint, is é sin na scileanna ar fad a dhéanamh, nó teastas a fháil sa pháirtchreidiúint, is é sin an scrúdú cainte amháin. Chomh maith leis sin, tá grádbhandaí éagsúla laistigh de gach leibhéal. Mar shampla, tá trí ghrádbhanda éagsúla laistigh de leibhéal B1 agus B2 – pas, tuillteanas agus gradam. Tá ionaid scrúduithe againn thar lear agus tá deich n-ionad againn in áiteanna éagsúla ar fud na tíre anseo in Éirinn. Go dáta, tá timpeall ar 10,000 iarrthóir i ndiaidh tabhairt faoi na scrúduithe atá againn.
Is rud eile atá iontach tábhachtach le aon chóras measúnaithe é ná go dtig le daoine brath ar na torthaí a eascraíonn as an gcóras. An bhfuil siad bailí agus iontaofa? Le tacú leis sin, tá lárionad na Gaeilge ina bhall d’eagraíocht ghairmiúil tástála, is é sin an Association of Language Testers in Europe, ALTE. Cuireann an eagraíocht sin treoir agus oiliúint ar fáil dúinn maidir le gach gné den tástáil teanga le cinntiú go bhfuil na rudaí atá ar siúl againn ag teacht le dea-chleachtas idirnáisiúnta agus leis an taighde is déanaí sa réimse sin. Chomh maith leis sin, tá cúram eile ag ALTE a bhaineann le dearbhú cáilíochta. Déanann sé iniúchadh iomlán ar gach gné de na córais agus na próisis atá againn gach cúig bliana le cinntiú go bhfuil siad ag teacht le dea-chleachtas. Táimid iontach sásta gur bhronn ALTE Q Mark orainn dhá uair, in 2015 agus arís anuraidh.
Cad iad, mar sin, na buntáistí a bhainfeadh le córas TEG a úsáid le haghaidh na hearcaíochta san earnáil phoiblí? Tá córas TEG bunaithe ar an taighde is déanaí agus ar fhráma tagartha atá aitheanta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá leibhéil an fhráma tagartha Eorpaigh luaite, mar shampla, i sonraíochtaí na sraithe sóisearaí don Ghaeilge agus in Languages Connect: Ireland’s Strategy for Foreign Languages in Education 20172026. In áit téarmaí scaoilte ginearálta ar nós “Gaeilge líofa” nó “Gaeilge mhaith”, cuireann an fráma tagartha bonn eolaíoch faoin obair chun a chinntiú go mbíonn comhthuiscint ann maidir le brí na leibhéal éagsúil teanga. Anuas air sin, tá an cur chuige ar a bhfuil TEG bunaithe ag teacht le cleachtais idirnáisiúnta i dtaca le riachtanais teanga de, mar shampla, sa Bhreatain Bheag. Tá bearta den chineál atá á moladh againn anseo ag teacht le moltaí atá á ndéanamh ag Rialtas na Breataine Bige tar éis do shaineolaithe taighde cuimsitheach a dhéanamh ar cheist na hearcaíochta san earnáil phoiblí ansin. Dúirt na saineolaithe sin:
The Welsh Government should adopt a single national standard Welsh language proficiency framework to be used by the whole of the public sector in Wales.
The framework should be based on the ALTE framework with clear definitions of the meaning of the different levels of proficiency that are consistent, for example, between a Health Board and a Local Authority. This would ensure consistency across the various sectors and facilitate bilingual workforce planning.
Chomh maith leis sin, is féidir le TEG seirbhísí comhairliúcháin a chur ar fáil i dtaca leis an leibhéal teanga a bheadh de dhíth i róil agus i gcomhthéacsanna éagsúla, rud a chabhródh le heagraíochtaí agus Ranna Rialtais sainiú ceart a dhéanamh ar na riachtanais teanga atá acu. I ndiaidh leibhéil éagsúla a leagan síos ag brath ar riachtanais an phoist, is féidir scrúduithe éagsúla a chur ar fáil dá réir sin, mar shampla, an scrúdú cainte amháin nó scrúdú scríofa amháin.
Is é an buntáiste is mó a bhainfeadh le córas TEG a úsáid sa chomhthéacs seo ná gur deimhniú iontaofa, neamhspleách a bheadh ann ar chumas teanga gach oibrí. Chinnteodh sé leanúnachas, trédhearcacht agus cothromaíocht ar fud an chórais. Tá córais mhonatóireachta agus caighdeánaithe i bhfeidhm ag TEG sa tslí is gur féidir linn seasamh leis na torthaí agus na cáilíochtaí a bhronntar.
Is fiú a lua freisin go bhfuil maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán do chóras TEG. Tá lárionad na Gaeilge fíorbhuíoch as an tacaíocht leanúnach a chuireann an Roinn ar fáil dúinn. Ó thaobh caiteachas poiblí de, mar sin, bheadh buntáiste suntasach ag baint le córas TEG a úsáid san earnáil phoiblí seachas córas eile a cheapadh ó bhonn, rud a mbeadh caiteachas dúbailte ag baint leis. Is léir dúinn ón phlé a bhíonn ar siúl againn le hoifigigh na Roinne go n-aithníonn siad na buntáistí a bhaineann leis an fhráma tagartha agus le córas neamhspleách measúnaithe a úsáid le dul i ngleic go córasach le ceist na hearcaíochta agus na hoiliúna san earnáil phoiblí.
Cé go bhfuil ceist na hearcaíochta lárnach sa phlé maidir leis na leasuithe ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, tá gné na hoiliúna fíorthábhachtach chomh maith. Dá n-úsáidfí córas mar atá leagtha amach anseo, bheadh tionchar dearfach aige chomh maith ar an soláthar deiseanna foghlama. Tá buntáiste mór ag baint le réimse soláthraithe agus acmhainní teagaisc a bheith ar fáil, sa mhéid is go gcinntíonn sé sin soláthar maith deiseanna foghlama. É sin ráite, tá míbhuntáiste mór ag baint leis mura bhfuil fráma nó cur chuige coiteann mar bhonn leis na cúrsaí sin agus mura bhfuil córas teistithe neamhspleách amháin in úsáid. Dá n-úsáidfí córas atá bunaithe ar an FTCE agus ar TEG d’fhéadfaí a chinntiú go mbeadh an soláthar sin oiriúnach agus ag an leibhéal cuí. Chinnteodh sé go mbeadh na caighdeáin chéanna ag baint leis an soláthar sin ar fud na hearnála. Is den dea-chleachtas é go mbeadh an córas measúnaithe neamhspleách sa mhéid is nach mbeadh sé ceangailte go díreach le haon soláthraí cúrsaí ach go bhfeidhmeodh sé mar shlat tomhais neodrach a thacódh le hobair na ngrúpaí ar fad a chuireann oiliúint ar fáil. Tuigeann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a thábhachtaí agus atá sé go mbeadh na páirtithe leasmhara ar fad ag obair ar an chóras chomónta chéanna agus is chuige sin a threoraigh sé OneLearning, dream ar a bhfuil cúram na hoiliúna sa státseirbhís i dtreo an FTCE agus TEG. Dul chun cinn suntasach a bheidh ann má bhíonn an soláthar maidir leis an oiliúint Ghaeilge san earnáil phoiblí bunaithe ar an FTCE agus TEG as seo amach.
Bheadh níos mó éilimh ar chúrsaí agus ar dheiseanna foghlama Gaeilge dá mbeadh cur chuige comónta trédhearcach in úsáid san oiliúint agus san earcaíocht. Bheadh sé níos éasca do ranna Rialtais léargas cruinn, iontaofa a fháil ar chumas Gaeilge na foirne agus ansin plean oiliúna teanga a fhorbairt le dul i ngleic le cibé bearnaí a aithnítear. Dá mbeadh critéir chinnte leagtha síos do phoist, thuigfeadh oibrithe na spriocanna a bheadh le baint amach acu agus bheadh conair nó cosán cinnte rompu agus iad ar a n-aistear foghlama. Is cinnte go méadófaí ar na deiseanna fostaíochta dóibh siúd ar cainteoirí dúchais nó úsáideoirí cumasacha Gaeilge iad chomh maith. Buntáiste ollmhór a bheadh ann do gach fostaí san earnáil phoiblí, agus d’aon duine a bheadh ag smaoineamh ar phost san earnáil sin, dá mbeadh cáilíocht ag leibhéal faoi leith sainithe roimh ré mar chritéar iontrála.
Le córas ceart caighdeánach a chur ar bun agus le cinntiú go n-éireoidh leis, ní miste smaoineamh air mar fhoirgneamh a bhfuil trí cholún mar thaca faoi. Is iad sin: sainiú ar riachtanais teanga; critéir teanga do phoist; agus an oiliúint agus an measúnú a bheith bunaithe ar an fhráma chomónta chéanna ach an measúnú a bheith neamhspleách ón oiliúint. Dá bhfágfaí ceann ar bith de na colúin sin ar lár, bheadh an baol ann go dtitfeadh an córas ar fad as a chéile. Le cinntiú go n-éireoidh leis agus go gcuirfear seirbhís cheart ar fáil do phobal na Gaeilge - agus caithfimid cuimhneamh gur sin an fheidhm atá againn - caithfear cúpla rud a chinntiú. Caithfear a chinntiú go ndéanfar sainiú ceart ar an chumas teanga; go mbainfear úsáid as an FTCE mar chóras comónta a chinnteodh go mbeadh comhthuiscint ann maidir leis na leibhéil éagsúla chumais; go gcuirfear deireadh leis an éiginnteacht agus le lipéid scaoilte i gcás na leibhéal éagsúil agus go ndéanfar riachtanais chinnte a leagan síos a bheadh ag teacht le sainghnéithe na leibhéal agus leis na comhthéacsanna cumarsáide; go mbainfear úsáid as córas measúnaithe caighdeánach atá taighde-bhunaithe ar mhaithe le leanúnachas a chinntiú agus le bonn eolais a chur faoin soláthar oiliúna; agus go mbeidh an córas measúnaithe neamhspleách ar an soláthar oiliúna le trédhearcacht, leanúnachas agus iontaofacht a chinntiú. Gabhaim buíochas leis na comhaltaí agus beidh mé féin, Aoife Ní Ghloinn agus Aodh Ó Gallchóir go breá sásta ceist ar bith a fhreagairt.
No comments