Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta, Teastas Eorpach na Gaeilge agus Earcaíocht agus Cur Chun Cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí: Díospóireacht

Ms Aoife Ní Ghloinn:

Thar ceann Lárionad na Gaeilge, gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus baill an chomhchoiste as an deis seo labhairt leo inniu ar Theastas Eorpach na Gaeilge, nó TEG, mar is fearr aithne air, agus ar an ról a d’fhéadfadh a bheith aige i gcúrsaí earcaíochta agus i gcur chun cinn na Gaeilge san earnáil phoiblí. Is mise stiúrthóir Lárionad na Gaeilge agus anseo i mo theannta inniu tá beirt chomhghleacaithe liom: Siuán Ní Mhaonaigh, stiúrthóir TEG, agus Aodh Ó Gallchóir, leas-stiúrthóir TEG. Is í an tUasal Ní Mhaonaigh a thabharfaidh an phríomhchaint inniu ar chóras TEG, ach ar mhaithe leis an obair sin a chur i gcomhthéacs, tabharfaidh mise beagán cúlra don chomhchoiste ar dtús maidir le Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil.

Is sain-aonad é Lárionad na Gaeilge, atá mar chuid de scoil an léinn Cheiltigh in Ollscoil Mhá Nuad, ach mar a léiríonn teideal oifigiúil an ionaid, díríonn muid ar thrí shainréimse oibre, is iad sin, teagasc na Gaeilge; an tástáil teanga, go háirithe; agus ansin an taighde sa dá réimse sin.

Tá dhá phríomhaidhm ag Lárionad na Gaeilge agus ag an obair ar fad a bhíonn ar siúl againn Is é an chéad cheann ná freastal ar na riachtanais is mó a bhaineann le teagasc, foghlaim agus measúnú na Gaeilge, ní hamháin i measc phobal na hollscoile féin ach ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta chomh maith. Déanann muid iarracht, mar sin, bearnaí sa soláthar reatha a aithint agus a líonadh. Mar shampla, tá sainchúrsaí oiliúna curtha ar fáil againn san aistriúchán agus eagarthóireacht, agus i múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta, chomh maith le hacmhainní ar nós Vifax, is iad sin acmhainní ar líne d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí Gaeilge. Is é sin an chéad aidhm atá againn, freastal ar na riachtanais sin.

Is é an dara haidhm atá againn i Lárionad na Gaeilge ná an taighde agus an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus an nuálaíocht i múineadh agus i measúnú na Gaeilge a chur chun cinn. Chuige sin, is é an bunphrionsabal a bhaineann leis an obair ar fad a bhíonn ar siúl againn ná go mbíonn sé bunaithe ar an taighde agus ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta.

Tá an dá aidhm sin le feiceáil go soiléir sa togra is mó atá againn; is é sin Teastas Eorpach na Gaeilge nó TEG. Is córas scrúdaithe agus teastasaithe é seo atá bunaithe ar chóras idirnáisiúnta, an córas atá luaite ag an Uasal Uí Uiginn cheana féin, an Fráma Tagartha Comónta Eorpach, agus tá na scrúduithe agus an córas seo in úsáid cheana féin in institiúidí agus ag eagraíochtaí éagsúla go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar shlat tomhais neamhspleách, bailí agus iontaofa ar an inniúlacht teanga sa Ghaeilge.

Labhróidh an tUasal Ní Mhaonaigh anois faoin mbealach a bhféadfaí TEG, an córas seo, a úsáid le tacú le cúrsaí earcaíochta agus le cur chun cinn na Gaeilge san earnáil phoiblí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.