Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta, Teastas Eorpach na Gaeilge agus Earcaíocht agus Cur Chun Cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí: Díospóireacht

Ms Fiona Uí Uiginn:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, na Teachtaí, na Seanadóirí agus na daoine uaisle as an deis a thabhairt dúinn teacht i láthair anseo inniu agus labhairt leo faoi dhréachtsonraíochtaí Gaeilge na hardteistiméireachta a d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe, CNCM, do chomhairliúchán i mí Feabhra. Tá mé i mo bhall de bhord stiúrtha Ghaeloideachas agus i m'iar-uachtarán na heagraíochta sin agus iar-phríomhoide Choláiste Íosagáin, meánscoil lán-Ghaeilge. In éineacht liom ar an toscaireacht seo inniu tá an tOllamh Áine Hyland, iar-ollamh le hoideachas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus saineolaí ar chúrsaí curaclaim; Shane Ó Coinn, cathaoirleach ar an nGréasán do Mhúinteoirí Gaeilge agus múinteoir Gaeilge i meánscoil T2, Coláiste Mhuire, Dún Dealgan; agus Julian de Spáinn, ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tá coiste oideachais á chomhordú ag Conradh na Gaeilge ar a bhfuil ionadaithe ó 14 de na heagraíochtaí a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge mar chuid dá gcúram. Shocraigh an coiste oideachais seo iarraidh orm féin agus ar an Ollamh Hyland plécháipéis a scríobh ag déanamh mionanailíse ar ábhar na ndréachtsonraíochtaí, ar na príomhúdair atá ag cothú conspóide agus imní i measc múinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí ó foilsíodh iad, agus moltaí a dhéanamh bunaithe ar an anailís sin. Tá iarracht déanta againn sa phlécháipéis, a bhfuil cóip di faighte ag na comhaltaí ar fad, soiléiriú a thabhairt ar bhunús na himní sin agus ar na gníomhartha is gá don CNCM, don Roinn Oideachais agus do Choimisiún na Scrúduithe Stáit a ghlacadh le dul i ngleic leis na nithe atá ag cothú na conspóide agus ag cur an chomhairliúcháin dá threoir.

I dtosach báire, rinneamar anailís ar ábhar na ndréachtsonraíochtaí. Tá na sonraíochtaí leagtha amach de réir teimpléid atá ag an CNCM do gach ábhar sa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach. Tá cur síos déanta ar go leor de na heasnaimh a bhaineann leis an leagan amach seo ag geallsealbhóirí éagsúla a labhair os comhair an choiste seo i rith an tsamhraidh: an easpa eolais faoi ábhair atá le múineadh ag na múinteoirí agus le foghlaim ag na daltaí; easpa eolais faoin gcóras measúnaithe; gan páipéir scrúduithe samplacha agus córas marcála a bheith ar fáil; gan cur síos ar an gcaighdeán a mbeifear ag súil leis ag na leibhéil éagsúla; agus gan liosta de na téacsanna agus den litríocht a bheith ar fáil.

Is liosta le háireamh iad na heasnaimh ar fad agus ní gá dúinn dul siar orthu arís inniu.

An dara rud a rinneamar ná féachaint ar na mórcheisteanna córasacha nó sistéamacha atá ag cothú go leor den imní agus den mhíshuaimhneas i measc scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí. Baineann na mórcheisteanna seo le nithe ar nós oiriúnacht an mhúnla T1 agus T2. Ní dhearna an CNCM athbhreithniú ar an múnla nua seo T1 agus T2 ag leibhéal na sraithe sóisearaí sular socraíodh ar shonraíochtaí a dhréachtú don tsraith shinsearach bunaithe ar an múnla céanna. Cuireadh tús leis an gcóras T1 agus T2 sa tsraith shóisearach in 2017 ach níor tharla aon scrúdú bunaithe air fós de bharr na paindéime. Mar is eol don choiste, cuireadh an tsraith shóisearach ar ceal in 2020 agus 2021. Tá sé ráite sa pholasaí don oideachas Gaeltachta nach dtabharfar aon sonraíochtaí nua isteach sa tsraith shinsearach go dtí go mbeidh na sonraíochtaí nua sa tsraith shóisearach “forbartha agus ag obair go maith sna scoileanna”. Ní féidir a rá go bhfuil sé seo ag tarlú fós agus, toisc gur tháinig brú ó gheallsealbhóirí, tá tuarascáil á choimisiúnú ag an CNCM ar chur i bhfeidhm luath T1 agus T2 sa sraith shóisearach. Tá sé sin á dhéanamh faoi láthair, ag an nóiméad deireanach, agus ní bheidh an tuarascáil sin ar fáil go dtí go mbeidh an tréimhse chomhairliúcháin thart. Ba chóir an t-athbhreithniú seo a bheith déanta agus an t-aiseolas curtha ar fáil sular tugadh faoin múnla céanna a úsáid ag an tsraith shinsearach.

Baineann an dara pointe leis an gcúrsa bonnleibhéal. Ní bheidh aon scrúdú ag an mbonnleibhéal ar fáil faoin múnla nua atá molta le T1 agus T2. Is scrúdú tábhachtach atá sa scrúdú bonnleibhéal, a fhreastalaíonn ar riachtanais fhoghlama cohórt daltaí nach bhfuil chomh láidir sa teanga. Tá sé de cheart ag gach dalta sa tír cúrsa a bheith ar fáil dóibh sa Ghaeilge ag leibhéal a oireann dá gcumas agus mura ndéantar an freastal sin ag an mbonnleibhéal, tá baol láidir ann go mbeidh ardú mór ar líon na scoláirí a lorgóidh díolúine ón nGaeilge san ardteistiméireacht.

An tríú pointe ná an rogha idir T1 agus T2. An mbeidh sonraíocht nua T1 roghnach nó an mbeidh sé éigeantach do scoláirí atá ag freastal ar scoileanna T1? Níl freagra na ceiste seo ar fáil sna dréachtsonraíochtaí, cé go bhfuil méid áirithe eolais faoin gceist ar fáil sa pholasaí don oideachas Gaeltachta. Gan eolas cruinn faoin gceist seo, tá an tuairim ag teacht chun cinn sa dioscúrsa poiblí go mbeidh ar scoláirí i scoileanna T1 tabhairt faoi chúrsa Gaeilge níos dúshlánaí agus nach mbeidh aon chúiteamh ar fáil dóibh as an saothar breise a bhainfidh leis an gcúrsa seo.

An ceathrú pointe ná na bearta maidir le cúrsa T1. Cad iad na bearta a chuirfear ar fáil chun scoláirí a mhealladh le tabhairt faoi scrúdú Gaeilge níos dúshlánaí san ardteistiméireacht, scrúdú atá chomh tábhachtach i saol an scoláire agus a bhfuil an oiread i ngeall leis dóibh? Níl aon eolas sna dréachtsonraíochtaí faoin gceist seo agus arís caithfear brath ar an méid atá ar fáil sa pholasaí don oideachas Gaeltachta. Tá na bearta atá luaite sa pholasaí seo an-teoranta agus ní bheidís tarraingteach do thromlach na scoláirí chun iad a spreagadh le tabhairt faoi shonraíocht T1 dá ndeoin féin, fiú dá mbeadh an cúrsa sin níos feiliúnaí dá riachtanais fhoghlama. Tá scoláirí an-straitéiseach ag leibhéal na hardteistiméireachta. Ní foláir dúinn a bheith réalaíoch faoi seo agus má táthar ag súil go dtabharfaidh siad faoi scrúdú níos dúshlánaí ag an leibhéal seo, caithfear spreagadh i bhfoirm pointí bónais CAO a chur ar fáil dóibh. Inár dtuairim, níor chóir don CNCM na sonraíochtaí seo a bheith foilsithe acu do chomhairliúchán gan freagraí a bheith ar fáil ar na mórcheisteanna córasacha seo mar, in éagmais an eolais seo, tá frustrachas agus imní ag fás agus tá an comhairliúchán a chur dá threoir.

An cúigiú pointe ná comhtháthú le polasaithe Stáit i leith na Gaeilge. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcuraclam Gaeilge i scoileanna na tíre mar thacaíocht do pholasaithe eile an Stáit i leith na teanga. Tá sé seo leagtha amach go soiléir sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2020-2030 nuair a deirtear:

Tá an córas oideachais ar cheann de na príomh-mhodhanna chun an cumas teanga a bhfuil an Straitéis 20 Bliain bunaithe air a chothú. Sa scolaíocht fhoirmiúil, tá an Stát ábalta cuidiú go gníomhach le cumas teanga ár ndaoine a fhorbairt. Is sprioc lárnach é mar sin go n-éireodh leis na húdaráis oideachais fócas náisiúnta níos córasaí agus níos dlúithe a bhaint amach ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge.

Tá sé fíorthábhachtach mar sin go mbeidh na húdaráis oideachais, an CNCM, an Roinn Oideachais agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag cur spriocanna na bpolasaithe Stáit eile san áireamh ar bhealach córasach agus forbairtí á ndearadh acu d’fhoghlaim agus do mhúineadh na Gaeilge. Ní léir dúinn faoi láthair go bhfuil an comhtháthú sin le polasaithe eile an Stáit ag tarlú go córasach agus dá bhrí sin tá míréir ann in áiteanna idir na polasaithe Stáit agus codanna de na dréachtsonraíochtaí. Mar shampla moltar sa straitéis 20 bliain nasc tairbhiúil a dhéanamh leis an bhFráma Tagartha Eorpach do Theangacha, FTCE, ar mhaithe le caighdeán teanga agus cumarsáide a leagan síos. I mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, deirtear go mbeidh aitheantas á thabhairt don fhráma tagartha seo i bpróiseas earcaíochta na hearnála poiblí amach anseo. Dá réir sin, ba chóir go mbeadh na sonraíochtaí ag leibhéal na sraithe sinsearaí ailínithe ar bhealach trédhearcach leis an bhfráma tagartha ionas go mbeidh comhleanúnachas ann idir na caighdeáin sa chóras oideachais trí chéile agus polasaithe earcaíochta an Stáit.

Bunaithe ar an eolas seo agus an méid atá sa phlécháipéis, tá sé soiléir nach féidir leis na dréachtsonraíochtaí ardteistiméireachta, mar atá siad leagtha amach faoi láthair, freastal go sásúil ar riachtanais na scoláirí ar fad agus gur gá féachaint ar an bhfráma T1 agus T2 arís agus ceist a chur faoina oiriúnacht don tsraith shinsearach. Is cinnte go bhfuil gá le sonraíochtaí ar leith le freastal ar riachtanais éagsúla scoláirí. Níl an status quosásúil mar nach bhfuil freastal á dhéanamh ar riachtanais na gcainteoirí dúchais ná cainteoirí cumasacha Gaeilge. Tá deis ann anois, leis na sonraíochtaí nua, dul i ngleic leis an gceist seo agus sonraíochtaí a dhearadh atá in oiriúint do na spriocghrúpaí éagsúla ar fad den chéad uair. Chuige seo, caithfear fráma nó múnla eile a cheapadh do na sonraíochtaí seachas T1 agus T2. Dar liom féin agus an tOllamh Hyland, tá dhá bhealach ann leis seo a dhéanamh.

Rogha a haon ná sonraíochtaí nua a chur ar fáil ag ceithre leibhéal. Ba chóir bonnleibhéal a thabhairt ar ais agus gnáthleibhéal a bheith ar fáil, chomh maith le hardleibhéal agus sárleibhéal – cúrsa nua a bheadh dírithe ar ardchaighdeán i labhairt agus scríobh na teanga, mar aon le heolas ar ghnéithe de shaíocht, litríocht agus de shaol na Gaeilge. Cad iad na buntáistí a bheadh ag baint leis an rogha seo? Bheadh sé oscailte do scoláirí i scoileanna T1 agus T2 tabhairt faoin tsonraíocht sárleibhéal, sonraíocht a d’fhreastalódh i gceart ar riachtanais fhoghlama cohórt daltaí nach bhfuil freastal ceart déanta orthu ag leibhéal na sraithe sinsearaí go dtí seo. Chinnteodh sé go mbeadh freastal á dhéanamh ar an gcohórt daltaí sin go bhfuil bonnleibhéal níos oiriúnaí dá riachtanais fhoghlama. D’fhéadfaí na leibhéil éagsúla a cheangal ar bhealach trédhearcach leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, rud a chinnteodh go mbeadh na sonraíochtaí nua seo ailínithe le polasaithe eile an Rialtais don teanga. Bheadh líon áirithe pointí breise CAO ar fáil dóibh siúd a roghnódh an scrúdú sárleibhéal mar chúiteamh as an obair bhreise a bheadh ag dul leis an tsonraíocht seo, rud atá ar fáil don ardleibhéal mata i láthair na huaire.

Rogha a dó ná sonraíochtaí nua a chur ar fáil ag na trí leibhéal atá againn faoi láthair, sé sin, bonnleibhéal, gnáthleibhéal agus ardleibhéal, agus ábhar nua a fhorbairt ar a dtugtar "Saíocht agus Litríocht na Gaeilge". Bheadh sé seo ar fáil do chohórt daltaí a mbeadh spéis acu tabhairt faoi ar an múnla seo. Bheadh sé sin mar an gcéanna leis na cúrsa mata agus mata fheidhmeach atá ar fáil faoi láthair do scoláirí. Cad iad na buntáistí a bhainfeadh le rogha a dó? Arís, bheadh rogha ag daltaí i scoileanna T1 tabhairt faoin ábhar dá mba mhian leo agus bheadh sé oscailte do scoláirí i scoileanna T2 tabhairt faoi freisin. Tá difríocht idir sárleibhéal agus saíocht agus litríocht na Gaeilge. Is leibhéal breise atá i gceann acu ach sa rogha seo is ábhar breise atá i gceist. Chinnteodh an rogha seo go mbeadh bonnleibhéal ar fáil, bheadh sé ceangailte leis an bhfráma tagartha agus bheadh pointí bónais CAO ag dul leis an ábhar seo ar an mbealach céanna le mata agus mata fheidhmeach. Le hachoimre a dhéanamh, is éard atá i rogha a haon ná leibhéal breise agus i rogha a dó ná ábhar breise, ar an múnla céanna le mata agus mata fheidhmeach.

Is scrúdú fíorthábhachtach i saol an scoláire an ardteistiméireacht agus mar is eol dúinn ar fad, tá an oiread i ngeall leis.

Ní ceart athrú chomh mór leis an gceann atá beartaithe sna dréachtsonraíochtaí seo a dhéanamh in aon ábhar ag an leibhéal seo, go háirithe sa Ghaeilge, ábhar a bhfuil tábhacht níos leithne ag baint leis, gan na himpleachtaí a mheas go cúramach.

An chomhairle a bheadh againne ag an bpointe seo ná go gcuirfidh an CNCM aon chinneadh faoi shonraíocht nua don Ghaeilge sa tsraith shinsearach ar leataobh go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú ar an tsraith shóisearach déanta agus torthaí an athbhreithnithe curtha ar fáil. Nuair a bheidh sé sin déanta, iarraimid ar comhaltaí an choiste, polaiteoirí ar spéis leo todhchaí na teanga, a chinntiú go gcuireann an CNCM, an Roinn Oideachais agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit na moltaí atá déanta againn sa phlécháipéis san áireamh agus go ndéantar fráma nua a dhearadh don Ghaeilge ag leibhéal na sraithe sinsearaí, fráma a fhreastalóidh i gceart, den chéad uair, ar riachtanais foghlama na scoláirí uile sa tír.

Tá a fhios againn go bhfuil spéis faoi leith ag an gcomhchoiste san ábhar seo agus ba mhaith linn é a mholadh as na héisteachtaí atá tugtha aige go dtí seo don ábhar. Tá súil againn go mbeidh sé sásta gníomhú anois agus na moltaí atá sa phlécháipéis a chur san áireamh san aighneacht a chuirfidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chuig an CNCM roimh an 30 Samhain. Gabhaim míle buíochas as an éisteacht inniu agus tá an ceathrar againn anois ar fáil chun aon cheisteanna atá ag baill an chomhchoiste a fhreagairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.