Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta, Teastas Eorpach na Gaeilge agus Earcaíocht agus Cur Chun Cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí: Díospóireacht

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Ó Cuív. Fáiltím roimh na comhaltaí agus na finnéithe a bheidh ag labhairt os ár gcomhair inniu agus roimh ár lucht féachana ar theilifís an Oireachtais. Tá na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú go fisiciúil i seomra an choiste laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ag bualadh linn inniu, tá Julian de Spáinn, ard-rúnaí, Conradh na Gaeilge; Fiona Uí Uiginn, iarphríomhoide, Coláiste Íosagáin, agus iar-uachtarán Ghaeloideachas; Áine Hyland, ollamh emerita san oideachas, Coláiste na hOllscoile Corcaigh; agus Shane Ó Coinn, an Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge. Tá siad anseo mar ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge.

Is é an dream eile atá anseo ná Siuán Ní Mhaonaigh, stiúrthóir Theastas Eorpach na Gaeilge, TEG; Aoife Ní Ghloinn, stiúrthóir Lárionad na Gaeilge; agus Aodh Ó Gallchóir, leas-stiúrthóir TEG. Tá siad ar fad ina n-ionadaithe ó Lárionad na Gaeilge - Taighde, Teagasc agus Tástáil, Ollscoil na hÉireann Mhá Nuad. Tá fáilte rompu ar fad. Beidh dhá ábhar á phlé againn inniu: na sraitheanna sinsearacha T1 agus T2 agus Teastas Eorpach na Gaeilge, agus cúrsaí earcaíochta agus cur chun cinn na Gaeilge san earnáil phoiblí. Tógfaidh mé an dá ábhar le chéile, i ndíospóireacht amháin, má iarrann siad amhlaidh.

Sula dtosaím, caithfidh mé na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoin faoi bhráid an choiste agus na bhfinnéithe. Meabhraím do chomhaltaí agus d'fhinnéithe agus do bhaill na foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta. Tá rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams. Tá beirt linn go fíorúil, na Teachtaí Calleary agus Ó Muimhneacháin agus tá an Teachta Ó Muimhneacháin tar éis siúl isteach go fisiciúil chomh maith. Tá sé tar éis an dá thrá a fhreastal. Bhí mise ag féachaint ar an scáileán. Nuair a bheidh comhaltaí ag freastal ar an gcruinniú óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais agus nuair a bheidh finnéithe ag freastal ar chruinniú ar Microsoft Teams, ba chóir dóibh a bhfíseán a bheith ar siúl. Tá sé sin déanta againn go dtí seo. Meabhraím do chomhaltaí a bheith ag freastal ar an gcruinniú ar Microsoft Teams an riachtanas bunreachtúil go mbeidh siad i láthair go fisiciúil laistigh de na purláin. Tá an Teachta Calleary ina oifig. Tá sé imithe ón scáileán ar feadh soicind.

Meabhraím d’fhinnéithe, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, go bhfuil siad faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Má ordaíonn an comhchoiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann leis na himeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tosaigh a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d'fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí ar fhéadfaí iad a aithint. Fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí na ráitis tosaigh a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordaítear dóibh éirí as na ráitis láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach má ghlaoitear orthu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.