Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 6 October 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cláir Ghaeilge: RTÉ
Ms Niamh Ní Churnáin:
Tá an ceart ag an Teachta faoin gclár "Home School Hub". Bhí 30% de as Gaeilge agus rinneadar iarracht an-mhór an Ghaeilge a bheith fite fuaite sa chlár agus rinneadar an-jab.
Bhí rud eile againn do dhaltaí meánscoile i gclár staidéir a bhí ar siúl ar an raidió níos luaithe i mbliana ar feadh trí mhí agus bhí sé sin á chur i láthair ag Bláthnaid Treacy.
Is é an rud a rinneamar do dhaoine a dteastaíonn uathu an teanga a fhoghlaim ná gur cheannaíomar na cearta do "Turas Teanga" arís. Is sraith 20 clár atá ann d'aon duine a dteastaíonn uaidh nó uaithi an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá sé sin ar fáil anois. Bhí rud ar leith déanta againn ar shuíomh do dhaoine a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a fhoghlaim, agus bhí rudaí ar nós "Leagan Cainte" ó Raidió na Gaeltachta. Is clár iontach é sin do dhaoine a dteastaíonn uathu cur leis an bhfoclaíocht Ghaeilge atá acu.
Is rud ar leith é agus ba bhreá liom a bheith ábalta sraith nua a chur i bhfeidhm, mar cé go bhfuil "Turas Teanga" againn agus ar fáil, tá sé críochnaithe anois agus tá 17 mbliana caite anois ó rinneadh é. Tá sé in am do shraith nua agus ba bhreá linn é a dhéanamh.
No comments