Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 September 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cearta Teanga in Éirinn agus Tuarascáil Bhliantúil 2020 agus Tuarascáil Faireacháin 2020-2021: An Coimisinéir Teanga

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Ó thaobh ceist na hardteistiméireachta agus rudaí a bheith curtha ina cheart, bhí siad curtha ina cheart ach dúirt mé leis an Roinn Oideachais anseo ag an am go raibh sé ró-dheireanach. Má bhíothas ag súil go mbeadh sé úsáideach nuair a chuirfí brú agus iallach agus nuair nár tugadh rogha do dhaoine ach an leagan Béarla a úsáid chun clárú don ardteistiméireacht ar dtús, nuair a chaithfí é sin a athdhearbhú an dara huair, ná bímis ag súil go n-iompóidh daoine ar an leagan Gaeilge nuair nach raibh sé ar fáil dóibh mar ba cheart go mbeadh sé ar fáil ar an gcéad dul síos. Is é sin an pointe a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh.

Ó thaobh ceachtanna a foghlaim agus mar sin de, má tá rud curtha ina cheart, agus tá an tairseach curtha ina cheart anois, ba cheart go mbeadh sé curtha ina cheart agus is é sin deireadh an scéil, ach bogann cúrsaí ar aghaidh agus tagann seirbhísí nua i bhfeidhm go minic. Is iad sin seirbhísí idirghníomhacha go mór mór. Go minic níl aon dualgas ag go leor comhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí idirghníomhacha mar gheall nach bhfuil aon dualgas díreach san Acht ann. Is í an imní atá orm ná dá dtarlódh a leithéid de phaindéim nó d’éigeandáil arís, d'fhéadfadh an rud céanna tarlú arís mar nach bhfuil dualgas reachtúil láidir leagtha síos go neamhbhalbh i bhfoirm chaighdeáin, mar shampla, ó thaobh seirbhísí idirghníomhacha.

Ó thaobh an laghdú a tháinig ar líon na ngearán sa tuarascáil bhliantúil, tháinig laghdú ar go leor oifigí cosúil le m’oifig féin mar gheall ar Covid-19. Thit líon na ngearán agus is beag nár stop siad ar fad i mí an Mhárta nuair a thosaigh an ghéarchéim. De réir a chéile, nuair a chonaic daoine nach raibh an Stát ag caitheamh leo go féaráilte ó thaobh na Gaeilge de, tar éis dóibh deis a thabhairt don Stát é sin a dhéanamh, mhéadaigh lion na ngearán ansin. Tá líon na ngearán atá ag teacht faoi mo bhráid agus nach bhféadaim a fhiosrú ard. Tá sé os cionn 50% nó 60%, mar a dúirt an Teachta, agus is dóigh liom iad go bhfuil sé ag méadú. Léiríonn sé sin arís an easpa dualgais atá ann i gcás seirbhísí idirghníomhacha, mar shampla. Tá go leor gearán faoi sheirbhísí idirghníomhacha. Is é sin ceann de na háiteanna ina bhfuil an fhadhb seo soiléir.

Is áit eile é foirmeacha iarratais, leis an dá cheist sin a chur le chéile. Fuaireamar gearáin nach raibh daoine in ann foirmeacha iarratais a fháil i nGaeilge. Arís, níl aon dualgas díreach san Acht faoi rudaí mar sin agus táthar ag brath ar scéim teanga. Is minic nach ann don scéim, agus fiú más ann don scéim, b’fhéidir nach mbeidh a leithéid aontaithe inti.

Maidir leis an gceist a d’fhreagair mé faoi easpa chomhoibrithe agus cás Chomhairle Cathrach Chorcaí, chuireamar ceistneoir chuici agus thug an comhairle cathrach le fios i gcumarsáid ghutháin ar an 23 Márta 2020 nach mbeadh ar a cumas freagra a thabhairt de bharr ghéarchéim Covid-19. D’eisíomar roinnt mhaith meabhrachán agus roinnt teagmhála gutháin leis an gcomhairle idir mhí an Mheithimh agus mí na Samhna 2020 agus, ainneoin admhálacha a bheith faighte ón gcomhairle, ní bhfuaireamar aon fhreagra ar an gceistneoir go fóill. Is é an seasamh a bhí ann.

Mar a dúirt mé, is é an rud is mó a chuireann isteach orm faoi sin ná na húdaráis áitiúla eile a bhíonn toilteanach agus a thuigeann an dualgas reachtúil atá orthu agus a théann i ngleic leis na fadhbanna atá ann. Caithfear dul i ngleic leis sin ar bhealach agus tá cumhacht tugtha san Acht ó thaobh easpa chomhoibrithe agus is sa treo sin atáimid ag dul.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.