Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 September 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cearta Teanga in Éirinn agus Tuarascáil Bhliantúil 2020 agus Tuarascáil Faireacháin 2020-2021: An Coimisinéir Teanga

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tosóidh mé le Eircode agus an tuarascáil atá muid ag leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais inniu. Is ábhar tromchúiseach é don oifig go mbeadh tuarascáil á leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Faoin reachtaíocht, nuair a dhéantar imscrúdú agus déantar moltaí, má bhraithim nár cuireadh na moltaí i bhfeidhm, an rogha atá tugtha san Acht ná tuarascáil ar an ábhar sin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus sin atá tarlaithe sa chás seo. An chúis go raibh an t-imscrúdú ann ná nuair a dáileadh na cóid ar dtús bhí daoine ag fáil na cóid leis na hainmneacha aistrithe go Béarla nó leis na seoltaí i mBéarla amháin. An t-aon áit go raibh dualgas reachtúil á shárú ná i scéim teanga na Roinne, a dúirt go n-úsáidfí logainmneacha Gaeltachta chun críche oifigiúla agus corparáideacha. Faoin Acht, leanann dualgas atá geallta i scéim teanga ar aghaidh go tríú páirtí de chuid na Roinne. Sin a tharlaigh sa chás seo. Fuair siad tríú páirtí, Capita, leis an gcóras Eircode a dháileadh agus a stiúradh ach sáraíodh an tAcht mar gheall go raibh sé á chur amach do dhaoine gan na logainmneacha Gaeltachta á n-úsáid. Ní raibh aon sárú ann faoi logainm i mBéarla do dhuine i nDún Laoghaire, mar shampla, a bhí ag iarraidh go n-úsáidfí an logainm i nGaeilge. Ní raibh aon sárú reachtaíochta ansin, nó ó thaobh ainm duine a bheith i mBéarla seachas i nGaeilge, aisteach go leor. Is bocht an scéal é sin. Sin an áit go raibh an sárú. Rinne muid moladh go dtéifí i ngleic leis sin agus go gcuirfí an sárú reachtaíochta ina cheart.

Rinne an Roinn roinnt mhaith iarrachtaí é a chur ina cheart sa mhéid agus go bhfuil an leagan Gaeilge de na logainmneacha ar an leagan Gaeilge den leathanach Eircode don chuid is mó ach má théann tú isteach go dtí an leathanach Béarla tá an seoladh fós i mBéarla. An léamh atá againne ar an reachtaíocht, agus pléadh é seo aimsir an imscrúdaithe, ná gurb iad na logainmneacha Gaeltachta a úsáidfear, ní na logainmneacha i mBéarla. Smaoinigh go dtéann fear ón Spidéal isteach ar líne agus ceannaíonn sé rud eicint le teacht sa phost. Cuireann sé isteach a sheoladh i nGaeilge, agus cuireann sé isteach an cód poist leis, agus tagann an beartas chuige sa phost leis an seoladh i mBéarla, mar tá an rogha ag an duine atá ag dáileadh an phostas pé ceann a úsáid. Rinne an Roinn roinnt mhaith oibre air sin agus rinne siad iarracht é a chur ina cheart. Dúirt siad gur labhair siad leis An Post faoi agus bhí cruinnithe acu faoi. Go bunúsach, an argóint atá An Post ag déanamh ná nach féidir leo é a dhéanamh leis na leaganacha Gaeilge amháin mar go gcuirfeadh sé sin as do na hiarrachtaí atá ar bun acu an post a dháileadh go cruinn agus in am. Deir siad go bhfuil dualgais eile orthu faoi ComReg agus mar sin de an post a dháileadh agus mura mbeadh fáil ach amháin ar na logainmneacha Gaeltachta, ní fhéadfaí é sin a dhéanamh. Tá sé ina staic ar bhealach ach ó mo thaobhsa de, is léir nár cuireadh phríomh-mholadh an imscrúdaithe i bhfeidhm agus sin an fáth go bhfuil mé á leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Ó thaobh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, is oifig bheag muid, mar is eol don Teachta. Mar gheall air sin, bíonn muid ag brath ar ghearáin ón bpobal muid a chuir ar an eolas nuair a fheiceann daoine rud atá ag cur as dóibh ó thaobh na Gaeilge de agus ansin breathnaíonn muidne an bhfuil sárú reachtaíochta i gceist. Sin a tharlaigh i gcás Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Ní hiad an t-aon údarás áitiúil go ndearnadh gearán fúthu. Rinneadh gearán faoi sé nó seacht n-údarás áitiúil eile agus cúrsaí comharthaíochta ach seo an ceann go ndearnadh imscrúdú faoi. An chúis go ndearnadh imscrúdú faoi, más buan mo chuimhne, go bunúsach, ná mar nach raibh muid ag fáil an comhfhreagras go raibh muid ag súil leis i amtráth le dul i ngleic leis an bhfadhb ar bhonn a bhí praiticiúil. Téann muid ag imscrúdú nuair nach gcuirtear an rud atá ag sárú na reachtaíochta i gceart in am réasúnta gairid. Níor tharlaigh sé sin sa chás seo agus sin an fáth go ndeachaigh muid ag imscrúdú.

Ó thaobh an Roinn Sláinte agus FSS, tá an ceart ag an Teachta faoin scéim teanga. Bhí mé ag caint leis an Seanadóir Kyne faoin mhíthuiscint a d’fhéadfadh a bheith ar bhaill den phobal ó thaobh seirbhísí san áit seo. Lorgaíodh scéim teanga ó FSS in 2007. D’iarr an tAire orthu scéim teanga a aontú agus a dhaingniú, ina leagfaí síos na seirbhísí, agus níor tharla sé sin riamh. In 2005, dhá bhliain roimhe sin, d’aontaigh limistéar an iarthair de chuid FSS scéim teanga don limistéar sin amháin. De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, an plean a bhí ann, agus rinne sé go leor céille, ná go dtógfaí ar an scéim chuile thrí bliana, go mbeadh an dara scéim agus an tríú scéim ann agus go leanfaí leis na dualgais. Mura dtarlaíonn sé sin, an rud a deirtear san Acht ná go bhfuil an scéim imithe in éag, ach leanann na dualgais atá sa chéad scéim. Níor daingníodh an dara scéim riamh i gcás limistéar an iarthair. D’aithin mo réamhtheachtaí Seán Ó Cuirreáin i 2011 go raibh fadhb mhór anseo agus chuir sé an tuarascáil sin faoi bhráid Thithe an Oireachtais in 2011 nuair a rinne sé imscrúdú ar easpa chur i bhfeidhm na scéime maidir le limistéar an iarthair de chuid FSS. Is faoin gcoiste, agus, is dóigh, faoi Thithe an Oireachtais, atá an tuarascáil sin fós.

Ó thaobh mo ról mar Choimisinéir Teanga, go bunúsach an chéim dheireanach gur féidir le Coimisinéir Teanga a thógáil ná an tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus a rá gur fhéach muid ar an dualgas, chinn muid go raibh sárú ann, rinne muid moltaí, níor cuireadh i bhfeidhm iad, agus anois táimid á chur sin faoi bhur mbráid.

Maidir leis an bhForas Taighde ar Oideachas, seo cás a bhí thar a bheith dúshlánach don oifig. Bhí go leor tochailt ann ó thaobh an imscrúdú seo. Déanfaidh mé iarracht cur síos a dhéanamh air go beacht gan dul i bhfad scéil leis. Go bunúsach, rinneadh trialacha nua do bhunscoileanna do léitheoireacht i mBéarla agus i matamaitic. Le teacht ar chaighdeán a bhí mar mheán-scór, mar shampla, do léitheoireacht, rinne an Foras Taighde ar Oideachas tástáil ar scoileanna roimh ré le go bhfaighidís an caighdeán, trí shamplaí trialacha. Nuair a bhí siad á dhéanamh sin, bhris siad síos na scoileanna i réimsí éagsúla - de réir mar a chuimhním air, scoileanna cathracha agus cinn tuaithe, scoileanna cailíní nó buachaillí, scoileanna DEIS, agus scoileanna a bhí ag teagasc trí Ghaeilge. Nuair a bhí sé sin déanta, leis an gcaighdeánú a dhéanamh bhain siad amach na scoileanna a bhí ag feidhmiú trí Ghaeilge agus rinne siad an caighdeánú ar na cinn eile mar ní raibh siad ullamh é a dhéanamh i nGaeilge. Go bunúsach, sin an t-imscrúdú a bhí ann agus sháraigh an fhoras an tAcht Oideachais dá bharr. Táimid ag déileáil leo go leanúnach ó shin chun cinntiú nach dtarlóidh sé arís. Tá moltaí curtha faoinár mbráid agus táimid ag oibriú leo le teacht go staid go mba cheart nach dtarlódh sé arís.

Maidir leis na húdaráis áitiúla, seo fadhb mhór a tháinig chun cinn le linn na hoibre ar an dtuarascáil faireacháin. Luaigh an Teachta an cúig údarás áitiúil nach raibh ag tacú linn. Ceisteanna sách bunúsach a bhí ann faoin obair a bhí ar siúl ag na húdaráis áitiúla, ach an rud a dúirt mé sa tuarascáil bhliantúil ná go bhfuil foráil san Acht a cheadaíonn dom mar Choimisinéir Teanga an dlí a chur ar chomhlacht poiblí de bharr easpa comhoibrithe agus iad a thabhairt chuig na cúirteanna mura bhfuil siad ag comhoibriú liom. An rabhadh a thug mé ná go bhfuil mé ag obair ina threo sin anois mar níl sé féaráilte ar na húdaráis áitiúla eile atá ag tacú linn agus atá ag freagairt na ceisteanna agus ag cur eolais ar fáil. Tá imní nó aiféala orm faoi seo. B’fhéidir gur rud é gur cheart a tharlú - go mbeidh orm seans feidhme a thabhairt don fhoráil sin san Acht de bharr easpa comhoibrithe.

Ó thaobh an Gharda agus easpa tuisceana, níl aon bhealach gur cheart go mbeadh aon easpa tuisceana ar an nGarda Síochána faoin dualgas reachtúil atá orthu ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh líon na ngardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht. Bhí muid ag scríobh acu ar feadh deich mbliana faoi seo agus tá siad go maith ar an eolas faoin dualgas atá orthu. Molaim an bealach go ndeachaigh an coiste i ngleic leis an tuarascáil trí Choimisinéir an Gharda a thabhairt isteach agus tuarascáil bhliantúil a lorg faoin dul chun cinn atá á dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh sé sin ina chabhair.

Ní dhearna mé an oiread sin machnamh go dtí seo faoin earcaíocht agus arduithe céime. B’fhéidir gur cheart go mbeadh sé sin ann. Tá mé ag cuimhneamh os ard anseo. Is léir go mba cheart go mbeadh sé mar bhuntáiste do dhuine atá ag iarraidh ardú céime go bhfuil Gaeilge acu, go mór mór má tá poist ann ina bhfuil gá leis an nGaeilge. Ba cheart breathnú ar an nGaeilge mar bhuntáiste breise atá ag duine agus ba cheart go mbeadh sé sin san áireamh chomh maith. An rud atá ag teastáil ó thaobh earcaíochta de, go ginearálta, ná go mbeadh daoine le Gaeilge ag chuile leibhéal den státchóras agus den tseirbhís phoiblí. Sílim go gcuideodh sé sin go mór.

Bhain an cheist dheireanach leis na leasuithe agus na ceannteidil. Dúirt mé go raibh mé ag cur fáilte "eatramhach" rompu mar nach bhfuil siad feicthe agam. In 2017, sa tráchtaireacht ar chóras na scéimeanna teanga, luaigh mé na rudaí a bhí ag teastáil, dar liom, agus luaigh an comhchoiste na moltaí a bhí ag teastáil ina thuarascáil chomh maith. Ón méid atá feicthe againn, tá an Rialtas ag dul i ngleic le go leor de na moltaí atá déanta leis na leasuithe, de réir mar atá feicthe againn sa ráiteas, ach níl na leasuithe feicthe againn fós agus sin an fáth go ndúirt mé go gcuireann mé fáilte "eatramhach" rompu. Tá sé tábhachtach go mbeadh spriocanna ama cinnte sna leasuithe agus nach mbeadh siad lán le díolúintí. Níor chóir go mbeadh sé ró-éasca díolúine a fháil ó na leasuithe má tá dualgas ar chomhlacht poiblí a lógó a bheith i nGaeilge, fógraíocht a dhéanamh trí Ghaeilge nó, go sábhála Dia sinn, go gcaithfidís síneadh fada a chur san áit go gcaithfidh síneadh fada a bheith. Ba chóir go dtarlódh sé sin go sciobtha agus nach mbeadh siad ag fáil díolúintí ar feadh blianta a chuirfeadh moill ar a leithéid. Sílim go bhfuil na prionsabail leagtha síos ach - agus deirim é seo le mór-mheas - caithfidh an coiste Oireachtais agus Baill an Oireachtais a bheith ag faire amach dóibh nuair atá an reachtaíocht seo á phlé san am amach romhainn.

Is léir go bhfuil bearna mhór mhillteach idir an fhís agus an méid atá ag tarlú. Deirtear go leor faoin Ghaeilge i ráitis de chuid an Stáit agus an Rialtais ag dul siar go 2006, sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus in Acht na dTeangacha Oifigiúla. An áit inar féidir feidhm a thabhairt don fhís sin, ag deireadh an lae, ná trí dhaoine le Gaeilge a chur san áit go bhfuil siad ag teastáil, sa státchóras agus sa tseirbhís phoiblí, le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine a theastaíonn siad uathu, chun nach mbeadh orthu a bheith ag streachailt nó anró a bheith ann ag fáil seirbhísí. Sin an áit dó sin agus is réiteach fadtéarmach atá ann gur féidir dul i ngleic leis sin amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.