Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 September 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cearta Teanga in Éirinn agus Tuarascáil Bhliantúil 2020 agus Tuarascáil Faireacháin 2020-2021: An Coimisinéir Teanga

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus na comhaltaí coiste uile. Is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl duitse agus don choiste seo as an gcuireadh teacht in bhur láthair agus plé a dhéanamh ar an ábhar cearta teanga in Éirinn. Ní foláir dom a rá gur mór agamsa agus ag m'oifig aird an choiste seo ar gach gné den bheartas náisiúnta teanga agus cearta teanga phobal na Gaeilge go háirithe.

Tá forléargas ar an obair iniúchta, imscrúduithe agus faireacháin sa leagan cuimsitheach den ráiteas tosaigh atá curtha ar fáil do chomhaltaí an choiste. Tá teacht ar fhaisnéis bhuin sna foilseacháin atá eisithe ag an oifig ó thús 2021, idir thuarascálacha bliantúla, faireacháin agus Oireachtais. Tá míle fáilte roimh cheisteanna i dtaca le gné ar bith d'obair na hoifige.

Is téama thar a bheith uileghabhálach é cearta teanga in Éirinn agus níor mhiste beachtú áirithe a dhéanamh air. Dá bhféadfainn dhá mhórcheist shonracha a chur faoi chaibidil sa ráiteas tosaigh seo, creidim go gcuideodh sé le brí a thabhairt don phlé. Cén tábhacht a bhaineann le fís na gceart teanga? Cén chaoi ar cheart feidhm a thabhairt don fhís sin? Is ceart tús áite a thabhairt do cheist na físe. Éascaíonn teangacha an chumarsáid; cuireann teangacha lenár dtuiscint ar chultúir a chéile; agus ligeann teangacha dúinn dul i mbun plé, cainteanna agus idirbheartaíocht ar cheisteanna móra amhail féiniúlacht, flaitheas agus fís. Níor ghá ach oiread go mbeifí taobh le fís chúng i dtaca le féiniúlacht agus flaitheas i ndáil leis an bhfeidhm a thugtar don fhís chéanna. Is é dúshlán seasta ár gcuid comhlachtaí poiblí agus m'oifige é freastal tráthúil a dhéanamh ar chearta an tsaoránaigh.

Tá fís dóchais ag pobal na teanga i dTuaisceart Éireann. Beart praiticiúil atá sna moltaí maidir leis an oifig úr um léiriú féiniúlachta agus cultúrtha. Tugaim faoi deara go bhfuil beannacht na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas, CATT, le comhaontú an Túis Úir agus leis an gcreatlach polasaí Ré Nua, Cur Chuige Nua a bhfuil meas, ómós agus dínit mar bhunsraith aige.

Má dhéantar reachtaíocht teanga a thabhairt chun cinn faoina gceapfar Coimisinéir Teanga agus faoina mbunófar oifig nua um léiriú féiniúlachta agus cultúir, níl aon amhras orm ach go gcuirfear le stádas na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Maidir leis an dara mórcheist - cén chaoi a dtugtar feidhm d’fhís na gceart teanga - tá ábhar plé agus machnaimh sa reachtaíocht reatha atá ar fáil don Stát seo agus sna próisis agus sna dúshláin a tháinig chun cinn go mór le bliain go leith anuas, in aimsir éigeandála na paindéime. Is ábhar bróid dúinn uile mar shaoránaigh agus mar sheirbhísigh phoiblí, sa chiall is leithne den téarma sin, an teacht aniar a léirigh an pobal agus an Stát araon chun rochtain ar bhunseirbhísí ardchaighdeáin a chinntiú ainneoin na srianta sláinte poiblí. É sin ráite, tugadh ceithre cinn d’imscrúduithe chun críche le linn na bliana 2020 agus bhain péire acu siúd go díreach le seirbhísí don phobal nár cuireadh ar fáil go dátheangach ar bhonn comhuaineach le linn na paindéime. Ó thús na paindéime go deireadh 2020, rinneadh gearáin le m’oifig 86 uair faoi ghníomhartha comhlachtaí poiblí a bhain le paindéim Covid-19 ar shlí éigin.

Bhain bunáite na ngearán le modhanna cumarsáide éagsúla chun eolas a chur ar fáil don phobal, idir chomharthaí, leabhráin eolais, shuíomhanna gréasáin agus fógraíocht sna meáin agus an tslí nár soláthraíodh ábhar don phobal as Gaeilge. Bhraith go leor de na gearánaithe go raibh leithcheal á dhéanamh ar an nGaeilge nó ar lucht a labhartha sa dioscúrsa náisiúnta in aimsir éigeandála. Os a choinne sin, aithním le buíochas an comhoibriú a fuair m’oifig ó fhormhór na gcomhlachtaí poiblí a rabhthas i dteagmháil leo agus a ghlac leis gur chóir an tseirbhís nó an t-eolas a bhí faoi chaibidil a chur ar fáil sa dá theanga, go mór mór sna cásanna nár léir go raibh aon dualgas sonrach reachtúil i gceist lena leithéid a dhéanamh. Sna cásanna ina raibh dualgas soiléir reachtúil i gceist agus a d’fhiosraigh m’oifig, feictear dom go bhfuil téamaí coiteanna sna freagraí a tugadh: go mb’éigean gníomhú go práinneach agus i gcúinsí fíoreisceachtúla na géarchéime sláinte; cinneadh na dualgais reachtúla teanga a chur i leataobh nó iad a chur ar atráth; nó níor tugadh aird ar na dualgais sin ar chor ar bith toisc go gcuirfeadh sé moill ar an ngníomh a chur i gcrích. Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó é sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin go bhfuil an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca nó acmhainn an chomhlachta phoiblí. Ba dhócha, i gcás mar sin, nuair ba thábhachtaí agus ba phráinní an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.

Mar thoradh díreach ar ghearáin ón bpobal, b’éigean do m’oifig idirghabháil a dhéanamh leis an Roinn Oideachais, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, an Roinn Sláinte agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is ceart a rá go soiléir nach bhfuil an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca, tosaíochtaí nó acmhainn an chomhlachta phoiblí. Níor cheart go mbeadh coimhlint idir na gníomhartha tromchúiseacha náisiúnta a bhí, agus atá, idir lámha agus dualgais i dtaca le cearta teanga. Ba chóir go n-aithneofaí gaisce cheannaireacht agus foireann na seirbhísí sláinte in aimsir ghéarchéime agus is maith a thuigtear go raibh móréileamh gan choinne ar an uile acmhainn a bhí faoi stiúir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FSS. San am céanna, nuair is mó an riachtanas eolas agus faisnéis iontaofa a scaipeadh ar an bpobal trí chéile is ceart nach ndéanfaí loiceadh ar bhuncheart teanga an tsaoránaigh agus an fhaisnéis chéanna a chur ar fáil ag an am céanna i nGaeilge agus i mBéarla. Ní léir go bhfuil dualgas reachtúil ar FSS i dtaca le roinnt mhaith de na hábhair ghearáin a cuireadh faoi bhráid m’oifige mar nach bhfuil scéim teanga náisiúnta aontaithe ag an eagraíocht fós. Áirítear an aip rianaithe teagmhálaithe a chuir FSS ar fáil sa réimse gearán seo. Socraíodh an aip a chur ar fáil i nGaeilge den chuid is mó, cé nach raibh dualgas reachtúil i gceist. B’amhlaidh a tharla i gcás na bhfoirmeacha agus na gcóras idirghníomhach ar líne.

Ocht gcineál gearáin a tháinig chun cinn ón bpobal agus a cuireadh faoi bhráid FSS. Baineann na gearáin ar fad le heaspa seirbhíse i nGaeilge ar bhealaí difriúla. Cuimsítear idir dhualgais reachtúla agus neamhreachtúla sna gearáin seo agus tá teagmháil leanúnach i scríbhinn ag m’oifig le FSS ó lár mhí Feabhra i mbliana agus fuarthas an comhfhreagras is deireanaí uathu mí Lúnasa. Aithnítear an t-ualach a bhí ar FSS le linn na paindéime agus an dúshlán a bhain le leanúnach seirbhíse a sholáthar i ndiaidh an chibirionsaithe go speisialta. Mar sin féin, ní thagann dualgas seirbhíse teanga salach ar aon dualgas seirbhíse eile. Ina theannta sin, ba léir go raibh baint ag an gcóras Eircode le brú an Bhéarla i gcuid de na gearáin a cuireadh faoi bhráid na hoifige.

Ábhar mór díomá don phobal teanga an samhradh seo atá imithe tharainn ab ea an chaoi inar eisíodh teastas digiteach Covid an Aontais Eorpaigh. Ní raibh comhstádas ag an nGaeilge leis an mBéarla ar na teastais a cuireadh amach agus ní dhearnadh próiseáil cheart ar an síneadh fada. Cuireadh ainmneacha Gaeilge as a riocht mar thoradh díreach air sin, agus níor cheart go mbeadh an scéal amhlaidh.

Tugadh faoi dhá thuarascáil théarmacha ó thús na bliana seo. Seoladh tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas maidir le líon na ngardaí atá ar dualgas i limistéar Gaeltachta Dhún na nGall, agus táim buíoch de Choimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, agus den choiste seo as iniúchadh mion a dhéanamh ar ábhar na tuarascála sin i mí na Bealtaine agus den tuarascáil a d’eisigh an comhchoiste i mí Iúil. Creidim go gcuideoidh na cúig mholadh atá sa tuarascáil sin leis An Garda Síochána feidhm a thabhairt do mo chuid moltaí féin.

Tabharfaidh mé forléargas ar an tuarascáil Oireachtais maidir leis an gcóras Eircode agus logainmneacha Gaeltachta a leagtar faoi bhráid an choiste inniu. Is ceart a mheabhrú go dtiteann an dualgas reachtúil ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide sa chás seo agus ní ar Eircode féin, ná ar An Post, a dháil na héirchóid. Is í an Roinn atá freagrach as an gconradh don chóras a bhronnadh agus a stiúradh. Dá mhínádúrtha agus dá thútaí é mar nós ag comhlachtaí Stáit logainmneacha Béarla a úsáid do sheoltaí daoine lasmuigh den Ghaeltacht ainneoin gur mian leo go n-úsáidfí an logainm Gaeilge, ba léir nach raibh sárú reachtaíochta i gceist leis. Is léiriú eile an neamhréir seo ar easpa cosanta ar bhuncheart teanga in Acht na dTeangacha Oifigiúla.

I mí Iúil na bliana seo, thug an Rialtas le fios go gcuirfear breis is 30 leasú suntasach ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla faoi bhráid an Oireachtais. Ba mhaith liom fáilte eatramhach a chur roimh mhianaidhm na leasuithe uile atá molta ag an Rialtas ar an mBille. Go deimhin, agus m’oráid á chur faoi bhráid an choiste agam seachtain roimh an chruinniú seo, níor foilsíodh téacs na leasuithe go fóill ach dá thúisce a rithfear an Bille is amhlaidh is téagartha a bheidh an reachtaíocht teanga a bheidh ar fáil chun cearta teanga a chosaint. Dá ghaire fís agus feidhm na gceart teanga dá chéile is amhlaidh is fearr é.

Mar fhocal scoir, fillfidh mé ar an dá mhórcheist - tábhacht na físe agus feidhm na físe. Is maith a aithnítear an tábhacht a bhaineann le stádas, siombalachas agus comhionannas measa. Is cóir gach leas a bhaint as an dea-mhéin agus an chomhthoil chun go gcuirfí lenár dtuiscint choitianta ar chearta teanga in Éirinn. San am céanna, má dhaingnítear ceart teanga go reachtúil is ann don tnúthán réasúnach go mbainfí lánúsáid as an gceart céanna agus go ndéanfadh an Stát agus comhlachtaí poiblí freastal dá réir ar an bpobal teanga. Is mian liom, mar fhocal scoir, aitheantas a thabhairt do dhíograis an choiste, agus buíochas a ghlacadh leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí uile an choiste as a ndúthracht.

Is ábhar misnigh domsa go pearsanta go bhfuil próiseas maoirseachta agus monatóireachta i réim a láidríonn rialachas teanga an Stáit. Táimid uile faoi chomaoin an choiste dá bharr.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.