Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 22 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Seirbhís Thithe an Oireachtais

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Fearaim fáilte roimh achan duine anseo inniu. Is léir go bhfuil ár bhfinnéithe iontach tiomanta agus réadúil fosta i dtaca leis an teanga agus tá struchtúr ann anois. Bhí na daoine uile a bhí anseo inné ag labhairt faoin todhchaí agus an leanúnachas maidir leis an teanga a fhoghlaim agus a athfhoghlaim. Tá an struchtúr ann. Gabhaim comhghairdeas faoi sin. Is léir go bhfuil na comharthaí i nGaeilge le feiceáil timpeall Theach Laighean agus an ionaid comhdhála agus tá sé sin de dhíth.

É sin ráite, tá na daoine ann anois a bhfuil an tsuim acu, foireann an Chléirigh féin, ach níl siad ábalta nó níl an mhuinín acu an Ghaeilge a labhairt. B’fhéidir go bhfuil tionchar suntasach de dhíth faoi sin. Táimid istigh de bharr Covid-19. Tá bearna ann. Níl na daoine uilig ag casadh ar a chéile nó níl na deiseanna ann fa choinne iad a bheith ag labhairt le chéile as Gaeilge. Cinnte, tá siad ábalta é sin a dhéanamh ar an Idirlíon ach ní sin an réiteach fa choinne na teanga.

Tá ceist amháin shimplí agam inniu. An bhfuil ár n-aíonna ag iarraidh a gcomhghleacaithe a bhfuil suim acu sa Ghaeilge dul go dtí an Ghaeltacht chun casadh leis na daoine sa Ghaeltacht, b’fhéidir i nGaillimh, i bPort Láirge, i gCiarraí, i nDún na nGall b'fhéidir fosta, i Maigh Eo, i mBaile Átha Cliath nó i nDún Dealgan? Tá níos mó áiteanna sa tír seo a bhfuil daoine ag labhairt Gaeilge ar na sráidbhailte. Bhí na gardaí ag dul go dtí an Ghaeltacht na blianta ó shin chun foghlama agus athfhoghlama. Cinnte, tá airgead i gceist i gcónaí ach níl mé ag lorg seic oscailte faoi sin ach is fa choinne na daoine gan Ghaeilge atáim. Tá féinmhuinín i gceist. B’fhéidir go mbeadh seans ann deiseanna a sholáthar dóibh dul go dtí an Ghaeltacht fa choinne cúpla lá nó seachtain. Bheadh taithí dhearfach ar fáil ansin agus d’fhéadfaí gurbh é sin an slat tomhais a bheadh ag an lucht foghlama nuair a thiocfadh siad ar ais.

Is é sin an réiteach. Ní hé ranganna an riachtanas iomlán fa choinne fhoghlaim na Gaeilge. Taithí dhearfach atá ag teastáil leis na daoine le Gaeilge agus atá ábalta an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha, cibé iad na daoine i nGaillimh, i nDún na nGall, i gCiarraí nó in aon áit a bhféadfaí labhairt leis na daoine go nádúrtha. Nuair a bheadh na daoine seo ag streachailt, d’fhéadfadh siad labhairt i mBéarla agus cuidiú a iarraidh ar cén Ghaeilge atá ar an bhfocal sin nó cibé rud.

Ag filleadh ar an gceist shimplí amháin mar sin, an bhfuil ár bhfinnéithe ag iarraidh seans nó deiseanna dul go dtí an Ghaeltacht nuair a bheidh Covid-19 socraithe a thabhairt do na daoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge sna Tithe seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.