Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 22 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Seirbhís Thithe an Oireachtais
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Is cuspóir é sin a bhfuil an Ceann Comhairle agus an Leas-Cheann Comhairle ag tacú go láidir leis. Is minic a bhímid féin ag féachaint ar na figiúirí sin maidir leis an aistriúchán comhuaineach agus a leithéid sin. Tá na figiúirí an-díomách. Baineann cuid mhaith di sin leis an struchtúr atá ar an lá oibre sa Seomra agus i ndeireadh an lae is faoi na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí atá sé teacht ar réiteach air sin agus é a bhogadh ar aghaidh.
Chífinn ról an-mhór ag an gcomhchoiste anseo chun na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí eile a thabhairt leis maidir leis an gceist seo. Tháinig mise isteach san eagraíocht seo na blianta ó shin agus bhíodar ag caint faoi sin agus faoi conas arbh fhéidir an figiúr a ardú ó 0.2% go dtí 1% agus, b’fhéidir, go dtí 2%.
I ndáiríre, mar a deir an Seanadóir Clifford-Lee, tá sé tábhachtach go mbeadh sprioc ann agus go mbeadh an córas ag cuidiú leis an sprioc sin a bhaint amach. Baineann sé sin, go bunúsach, leis an gcaoi a roinntear an t-am cainte. Tá a fhios againn go léir go mbíonn ar uairibh an-iomaíocht ann ó thaobh an ama cainte chéanna sa saol polaitiúil. Tá an freagra ansin sa mhéid sin agus tá deis anois ann dó. Tá an Ceann Comhairle agus an Leas-Cheann Comhairle ar a shon chun é seo a bhaint amach agus tá Cléireach na Dála ag éascú an chuspóra sin ó thaobh na seirbhísí de. B’fhéidir go bhfuil an t-am tagtha chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh air sin agus an dea-shampla a thabhairt i Seomra na Dála agus i Seomra an tSeanaid féin ansin.
No comments