Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 22 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Seirbhís Thithe an Oireachtais

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCléireach agus le gach ball d’fhoireann an Oireachtais as an obair atá déanta acu agus muid ag teacht go deireadh an tseisiúin dochreidte seo i gcomhthéacs stair an Oireachtais. Bhí dhá Oireachtas ann, anseo agus san an Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath maidir le gach rud a bhí ar siúl faoi chúrsaí Covid-19. Tá a fhios agam go raibh deacrachtaí ann agus nach rabhamar go léir sásta leis an ionad comhdhála, ach gabhaim buíochas le gach duine ar an bhfoireann agus leis an gCléireach. Gabhaim buíochas freisin le foireann agus le cléireach an chomhchoiste seo. Táimid tar éis an-jab a dhéanamh le linn na bliana seo.

Rinneamar an-jab freisin ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) ach bhí moill ann mar gheall ar chúrsaí aistriúcháin anseo. Léiríonn sé sin an fhadhb a bhfuil againn le Bille atá chomh tábhachtach seo maidir le cúrsaí agus seasamh dlí na Gaeilge. Bhí sé suimiúil éisteacht leis an bhfadhb mar a leagann ár bhfinnéithe amach í mar go mbímid ag caint faoi chúrsaí an Aontais Eorpaigh, AE, ach cén fáth go gcaithfimid fanacht bliain chun a fháil amach faoi seo? An é an cás nach dtuigeann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an fhadhb agus nach bhfuil an Roinn sin in ann teacht ar réiteach i bhfad níos tapúla, go háirithe i gcomhthéacs na bhfigiúirí atá leagtha amach ag na finnéithe faoi PwC agus, go háirithe, an comórtas i gContae na Mí i dtaca leis an AE? Nach féidir linn cás práinneach a dhéanamh faoi sin?

Le linn dom a bheith ag éisteacht leis an Teacht Ní Chonghaile freisin agus mé ag smaoineamh faoi, is ceist chúrsaí muiníne í. Tá Gaeilge ag gach duine ach caithfimid an mhuinín agus an cuidiú a thabhairt chun é a úsáid. I mo thaithí féin, bhí Gaeilge agam go dtí an ardteistiméireacht agus chaill mé í díreach tar éis an scrúdaithe sin. Níor bhain mé aon úsáid go dtí gur tháinig mé go dtí an Teach seo. Chuir Raidió na Gaeltachta glaoch orm agallamh a dhéanamh agus bhí mé ag magadh nach raibh aon seans go mbeinn in ann é a dhéanamh ach chuidigh an stáisiún sin agus TG4 liom. Leis an gcuidiú sin tháinig an Ghaeilge agus an mhuinín ar ais. Is féidir linn cuidiú a thabhairt do dhaoine i ngach páirt den Teach seo. Más rud é go raibh suaitheantais á chaitheamh ag daoine á rá, “Tá Gaeilge agam; bain úsáid as”, nó mar sin de, bheadh a fhios againn ansin go raibh duine eile nó comhghleacaí sa Teach compordach le húsáid na Gaeilge agus a bhí in ann caint i nGaeilge. Sa chás sin, bhainfinn féin i bhfad níos mó úsáide as mo chuid Gaeilge. Ní bheinn ag iarraidh brú a chur ar dhuine sa chaoi sin an Ghaeilge a úsáid mar bheadh an tuiscint agam ansin go raibh Gaeilge ag an duine eile agus d’úsáidfinn í. B’fhéidir gur fiú scéim cosúil leis sin.

Maidir le háit chúrsaí an Standards In Public Office Commission, SIPO, an bhfuil aon tuairimí ag na finnéithe maidir le ceangal a dhéanamh idir an airgead atá ag dul go dtí na páirtithe polaitiúla agus na Teachtaí Dála, cosúil leis an gender quotas, agus an ceangal idir úsáid na Gaeilge i gcúrsaí polaitiúla agus eagraithe an pháirtí nó an Teachta? Is stick é sin ach b’fhéidir go gcaithfimid an stick seo a úsáid chun spreagadh agus cuidiú leis an teanga.

Cá seasann an tOireachtas seo i gcomparáid le hoireachtais agus parlaimintí eile ina bhfuil dhá theanga ann i gcomhthéacs an airgid atá á chaitheamh againn san Oireachtas mar chéatadán den mhéid airgid agus den bhuiséad féin atá againn, líon na ndaoine atá ag obair anseo agus an chaighdeáin? Tá sé léite amach go bhfuil caighdeáin ard ag teastáil chun obair aistriúcháin a dhéanamh agus b’fhéidir go gcaithfimid caighdeán nach bhfuil chomh hard sin a bheith againn ionas go mbeidh an duine in ann obair a dhéanamh chun an caighdeán sin a shroicheadh.

Cá seasaimid maidir leis an gcomparáid idirnáisiúnta idir parlaimintí na hEorpa, mar shampla, Parlaimint na hAlban agus Tionól Náisiúnta na Breataine Bige? Cá seasaimid freisin faoin gcaighdeán agus maidir le cúrsaí airgid?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.