Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 22 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Seirbhís Thithe an Oireachtais

Mr. Vivian Uíbh Eachach:

Freagróidh mé na pointí a bhí ag an Teachta Ní Chonghaile de réir mar a scríobhadh síos iad. Maidir le Peter a bheith ina eiseamláir dúinn ó thaobh bogadh ar ais i dtreo na Gaeilge, is dóigh liom go bhfuil taithí mhaith ag cuid mhór daoine sa tseirbhís ar an teanga agus go raibh, tráth den saol, Gaolainn mhaith comhrá acu. Is dóigh liom go gcaithfimid a admháil go raibh córas i bhfeidhm leis na blianta fada nach raibh fáilte roimhe sin ann. Tá an comhchoiste an-láidir ar an bpointe sin. Is dóigh liom gur phointe é gur cheart é a rá go minic. Mar a luaigh Peter i dtús an phlé, táimid ag tosú ag pointe an-íseal ar fad.

Ní fhaca mé an cruinniú a bhí ag an gcoiste leis an Roinn sin, ach le fada an lá, níl taithí ag daoine ar fháilte a bheith roimh an dátheangachas sa chóras oifigiúil. Baineann sé ní hé amháin le daoine atá ag obair sa chóras ach le daoine a bhíonn ag lorg seirbhísí ón gcóras. Is minic nach lorgaíonn daoine seirbhísí as Gaolainn toisc nach dóigh leo go gcuirfidh an córas ar fáil iad pé scéal é. Is dóigh liom gur shampla maith é Peter den saghas duine a bhfuilimid ag díriú air nó uirthi, is iad sin daoine atá an-bháúil leis an teanga agus ar mhaith leis nó léi an teanga a athshealbú agus is iad sin na daoine, dar ndóigh, go dtosóimid leo. Tá céatadán ard de na daoine sin san eagraíocht cheana féin. Sin é an fáth a bhfuilimid ag díriú ar dheiseanna. Tá an-bhéim ar dheiseanna a bheith ag daoine athshealbhú a dhéanamh ar an nGaolainn agus ansin an teanga a úsáid agus ócáidí a bheith acu chun an teanga a úsáid agus cur leis an úsáid laethúil a bhaineann siad aisti.

Tá an pointe a luann an Teacht Ní Chonghaile maidir leis na ranganna fíorthábhachtach mar go bhfuil a fhios agam go bhfuil an t-aonad oiliúna dírithe go hiomlán ar pé saghas ranganna atá ag teastáil ó thaobh na Gaolainne de a chur ar fáil. Cuirfimid an méid atá ráite ag an Teachta Ní Chonghaile in iúl dó. I rith na mblianta agus mé ag caint le Teachtaí agus Seanadóirí agus leis an aonad oiliúna féin, d'éirigh sé soiléir, toisc gur pharlaimint é an tOireachtas agus go mbíonn na Comhaltaí gafa le coistí agus suíonna, nach mbíonn an t-am rialta ar fáil chun freastal ar ranganna. Is minic a chuala mé gur thosaigh an rang le líon áirithe daoine agus an tseachtain dár gcionn bhí sé laghdaithe agus laghdaithe arís toisc go raibh na daoine a bhí páirteach ann gafa le cúramaí nua mar Theachtaí nó mar Sheanadóirí.

Is dóigh liom gur b'fhéidir nár mhiste, agus bheinn sásta an moladh seo a dhéanamh leis an aonad oiliúna, go ndéanfaí suirbhé ar na Comhaltaí féin chun féachaint cén saghas ranganna a bheadh ag teastáil agus cén struchtúr a bheadh orthu agus foirm na foirne polaitiúla in aigne mar, dá bhfeabhas is atá an t-aonad oiliúna atá againn, bheadh sé tábhachtach go mbeadh na seirbhísí a chuireann sé ar fáil dírithe ar a bhfuil ag teastáil ag agus a oireann do na daoine a bheidh ag freastal ar na ranganna sin.

Is dóigh liom gurb é an tsolúbhacht an rud is tabhachtaí ansin, is é sin, má tá tú ag freastal ar rang inniu ach go mbeidh tú gafa an lá seo an tseachtain seo chugainn, go mbeidh an rang céanna ar siúl am éigin eile mar rogha eile duit. Caithfidh sé sin gabháil le haon seirbhís a chuirfear ar fáil san Oireachtas.

Luaigh an Teachta Ní Chonghaile an timpeallacht ar champas an Oireachtais. Is rud é sin a tháinig chun cinn go mór ag an gcruinniú deiridh a bhí againn leis an gcomhchoiste i mí Éanair 2018, go raibh Teachtaí agus Seanadóirí ag tabhairt daoine isteach ar an gcampas chun cuairt a thabhairt ar na Tithe nó go raibh daoine ag teacht isteach chun finnise a thabhairt os comhair coiste, agus d'ainneoin go raibh Teachtaí ag cur in iúl do na daoine sin gur eagraíocht dhátheangach is ea an tOireachtas, nuair a tháinig siad isteach, ní fhaca siad ach Béarla. Ba cheann de na moltaí é a rinneadh an lá sin ná go mbeadh na teidil ar Oireachtas TV dhátheangach feasta. Ghlacamar leis an bpointe sin an uair sin.

Bheadh sé sin curtha i bhfeidhm murach ár gcara Covid-19. I dtús báire, b'éigean don aonad craolacháin an teicneolaíocht a aimsiú agus a roghnú. Rinneadh é sin agus bhí sé sin ullamh i dtreo dheireadh na bliana atá caite. Ní raibh ag teastáil ansin ach inchur foirne, is é sin go mbeadh daoine i láthair chun na teidil a eagrú as Béarla agus as Gaolainn agus go mbeadh an soláthar dátheangach ar fáil ar bhonn beo. Toisc Covid-19 agus na srianta sábháilteachta agus sláinte, ní rabhamar ábalta, go praticiúil, na daoine a chur síos go dtí stiúideo an aonaid craolúcháin sna cúinsí ina bhfuilimid. A luaithe is a bheidh deis ansin é sin a dhéanamh, is é sin an t-aon rud eile atá le déanamh chun go mbeidh Oireachtas TV dátheangach ó thaobh teidil agus a leithéid de sin. Is dóigh liom go bhfuil sé sin tábhachtach.

Luaigh an Teachta an scéim nó caighdeán. Bhí plé againn mar gheall air sin, maidir leis an scéim. Ó thaobh an mBille faoi láthair, chríochnaigh na comhaltaí ar Chéim an Choiste agus ní bheidh Céim na Tuarascála ann go dtí tar éis an tsamhraidh. Ní foláir dúinn feidhmiú ar bhonn na reachtaíochta mar atá sé. Faoi láthair, tá scéimeanna i gceist. Le cuidiú an chomhchoiste agus na gcomhaltaí i gcoitinne, beimid ag iarraidh díriú ar chuspóirí a bheith againn ansin gur furasta iad a aistriú mar chaighdeán seachas mar chuspóirí scéime. Beimid ag díriú air sin.

Mar a luaigh Peter Finnegan sa chaint aige, tá caidreamh an-mhaith againn leis an gCoimisnéir Teanga. Is rud é sin arís a d'eascair as an gcruinniú deiridh a bhí againn leis an gcomhchoiste. Tar éis an chruinnithe sin, bheartaíomar gur cheart dúinn obair i gcomhair leis an gcoimisinéir chun go mbeadh treoraíocht agus comhairle aige dúinn agus go mbeimis ábalta teagmháil a dhéanamh leis chun a chomhairle a fháil maidir leis an dea-chleachtas ó thaobh an dátheangachais srl. Tá an-chaidreamh againn leis an gCoimisnéir Teanga. Eascraíonn sé sin as an gcruinniú deiridh a bhí againn leis an gcomhchoiste.

Is dócha gurb é an cheist is achrannaí ná na riaráistí ar na hAchtanna. Ní dóigh liom go bhfuil aon slí dhearfach chun cur síos ar an áit ina bhfuilimid maidir leis sin, ach tá rud amháin deimhnithe agus is é sin go bhfuil an tseirbhís tiomanta an rud a chur ina cheart. Tá an próiseas tosnaithe. Mar a mhínigh Cléireach na Dála ansin, is plean cúig bliana é. Caitheadh an chuid tosaigh den thréimhse pleana sin ar na struchtúir atá ag teastáil chun é seo a bhaint amach a chur in situ. Bhí obair mhór le déanamh chun an áit sa phróiseas aistriúcháin ina raibh gach ceann de na tiontaithe a aimsiú agus plean a leagan amach. Faoi láthair, táimid ag 10%, mar a luaigh an Teachta Ní Chonghaile ansin, ó thaobh dul chun cinn a dhéanamh, ach os rud é go bhfuil an obair meáchan déanta cheana féin ó thaobh an struchtúir a chur le chéile, táimid ag súil anois go dtosóimid ag ardú an céadatán sin.

Mar a dúirt Cléireach na Dála, áfach, tá dúshlán ag baint leis. Ní féidir aon rud a dhéanamh gan acmhainní. Níl ag éirí linn lenár gcuid iarrachtaí earcaíochta a bhfuil go míábhrach go dtí seo. Nílimid ag lorg figiúirí ollmhóra sna gráid éagsúil atá againn, ach tá 39 nó 40 ceadaithe don rannóg, agus má bhaineann tú an fhoireann riarcháin as, táimidimid gafa ag 21 nó mar sin maidir leis an bhfoireann aistriúcháin agus eagarthóireachta. Tá sé sin in aineoinn na hiarrachtaí móra atá déanta ag an aonad acmhainní daonna chun daoine a earcú dúinn.

Luaigh Peter Finnegan an iomaíocht atá ann anois ó thaobh na n-institiúidí Eorpacha de. Tá siad ag lorg an-chuid daoine agus tá ag éirí leo. Níl na comhaltaí ag cáineadh. Tá siad ag moladh as cé chomh éifeachtach is a bhí siad sa tionscadal sin a bhí le cur i gcrích acu. B'fhéidir go bhfuil cuid mhaith le foghlaim againn uathu. Tá solúbthacht acu nach mbíonn go minic sa chóras oifigiúil in Éirinn ach táimid ag bogadh air sin. Luaigh Cléireach na Dála an dul chun cinn atá déanta againn le cúpla lá anuas ó thaobh cead a bheith againn daoine a thosú ag leibhéal níos airde ar an bpá scála ná mar a bhíodh.

Pointe eile tábhachtach ansin, agus is rud é atá tar éis teacht chun cinn i lár éigeandála Covid-19, is ea an chianobair. Táimid go léir á dhéanamh anois. Tá Covid-19 tar éis a thaispeáint go n-oibríonn sé. Tá cead faighte againn ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an tseachtain seo chun a bheith níos solúbtha ó thaobh na sonraíochta poist a bheadh á dtairiscint againn d'iarrathóirí ar phoist sa rannóg. Más duine tusa atá i do chónaí i nGaeltacht na Gaillimhe, Thír Chonaill nó Chíarraí agus nach dteastaíonn uait imeacht ó d'ait dúchais chun bheith ag obair le rannóg an aistriúcháin, tá na féidearthachtaí ann anois. Go dtí seo, b'éigean do dhaoine teacht go Baile Átha Cliath, dul san iomaíocht ó thaobh costas ard na cóiríochta agus tithíochta de, an cíos ar na hárasáin, an trácht agus na rudaí sin ar fad. Anois táimid ag súil le go mbeimid ábalta an rogha a thabhairt dóibh, is é sin go mbeadh struchtúr againn bunaithe ar an gcianobair agus go mbeadh daoine ina ndlúthchuid de rannóg an aistriúcháin ach iad a bheith lonnaithe lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. B’fhéidir gur rud é sin a chabhróidh linn an difear atá ag teastáil a dhéanamh agus na daoine a aimsiú.

Go dtí go bhfaighimid dóthain daoine go hinmheánach, níl aon dul as againn ach dul lasmuigh agus na hacmhainní sin a lorg lasmuigh. Má táimid chun an cuspóir a bhaint amach, beidh acmhainní ag teastáil. Caithfidh na hacmhainní sin a bheith laistigh den eagraíocht nó, mura féidir iad sin a aimsiú, lasmuigh. Tá conarthaí againn. Tá creat againn le heagarthóirí agus tá creat againn le profléitheoirí. Ait go leor, tá roinnt mhaith de na daoine sin lonnaithe sa Ghaeltacht toisc gur chreat é. Go bunúsach, níl dóthain de na hacmhainní sin ar fáil ach an oiread. Tá plean déanta amach againn idir seo agus deireadh na bliana luí isteach ar an earcaíocht chun daoine ag gach leibhéal sa rannóg a fháil isteach chun díriú ar an obair seo agus na hacmhainní seachtracha a mhéadú freisin. Teastaíonn uainn go mbainfimid é seo amach.

Is pointe maith é atá luaite ag an Teachta Ní Chonghaile nár cheart dúinn radharc a chailleadh air. Bíonn daoine i gcónaí ag rá go bhfuil na hacmhainní seo go léir ag teastáil chun an leagan Gaolainne a chur ar fáil ach tagann an leagan Béarla ar fáil go míorúilteach gan aon acmhainní. Is meon é sin a thagann chun cinn go minic sa cheist cé mhéad a chosnaíonn sé sin. Má deir tú go bhfuil seirbhís Gaolainne ar fáil, cé mhéad a chosnaíonn sé sin? Ní chuireann na daoine céanna an cheist chéanna mar gheall ar an tseirbhís Bhéarla. Glacann siad leis go gcuireann an tseirbhís Bhéarla í féin ar fáil.

Caithfimid a admháil go bhfuil acmhainní ag teastáil anseo chun a bhfuil le baint amach againn a thabhairt i gcrích. Beidh sé sin mar thosaíocht againn, idir seo agus deireadh na bliana, na hacmhainní sin a aimsiú chun na riaráistí seo a ghlanadh faoi dheireadh is faoi dheoidh.

Tá súil agam go bhfuair mé agus gur chlúdaigh mé na pointí agus na ceisteanna a bhí ag an Teachta Ní Chonghaile, ach má tá cinn eile ann, is féidir iad a chur chugam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.