Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Caithfear tairiscint ghníomhach a bheith ann. Ní bhíonn ar dhaoine dul agus a éileamh go mbeadh Béarla ann. An gnáthdhuine a bhíonn mise ag plé leo, má tá tairiscint ghníomhach ann roghnóidh sé nó sí Gaeilge agus mura bhfuil níl sé nó sí ag dul ag tarraingt raic air.
Mheabhróinn rud eile, agus tá an-mheas agam ar an Dr. Mac Cormaic. Áfach, má théann sé isteach ag Roinn Stáit ar bith ag iarraidh cearta leasa shóisialaigh agus, mar shampla an t-am a bheith imithe agus gan fios a bheith aige go raibh scéim ann agus nár chuir sé a iarratas isteach in am, ní thabharfar aon chreidiúint dó má deir sé nár thuig sé é sin, nó nach raibh aon eolas aige, nó nach raibh oideachas air le tuiscint go mba cheart dó cur isteach ar invalidity pension seachas disability allowance, rud a tharlaíonn go coitianta. Déarfar nach ndearna sé ag an am é agus good luck. Tá an dearcadh céanna agam féin. Mar a dúirt Ó Beoláin sa chás cúirte, cuireann an Stát go leor anró ar an saoránach agus níl leithscéal ar bith ag an Stát maidir leis an anró a chuirfidh sé ar an státchóras maidir le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil. Tá sin i mbreithiúnas Uí Bheoláin agus b'fhiú do na finnéithe é a léamh.
No comments