Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé
Dr. Aodhán Mac Cormaic:
Tagann mise ó chúlra an Bhéarla. Nuair a thosaigh mé sa státseirbhís, ba le Béarla a bhí mé ag obair agus ní raibh aon Ghaeilge agam. Tuigimse an dá thaobh mar sin. Tá mé sáite i saol na Gaeilge anois. Rud a thug mé faoi deara sular thosaigh mé amach i saol na Gaeilge ná nach raibh an teanga ar an radar fiú ag go leor de na cohóirt atá ag obair sa státchóras.
An fáth go ndeirimse é sin ná go ndeachaigh mise isteach nuair a thosaigh mé amach sa phost seo ag gach Roinn Stáit. Chas mé leis na hoifigigh pearsanra i ngach Roinn Stáit seachas Roinn amháin agus bhí muid ag dul tríd na héilimh a bhí ar phoist le Gaeilge. Chuamar isteach go Roinn amháin agus bhí mo chomhghleacaí, Micheál Ó Conaire, in éineacht liom. Chuir mé an cheist chéanna orthu; an raibh aon phost a bhí aitheanta ag an Roinn do Ghaeilgeoirí agus dúradh nach raibh agus nach raibh aon éileamh ann. Chuir mé ceist mar gheall ar cohórt ar leith de dhaoine a bhí a fhios go maith agam go raibh ag obair sa Ghaeltacht agus a raibh ag plé le cainteoirí fíor-dhúchasacha Gaeilge. D'iarr mé orthu faoi na daoine sin agus dúradh liom nár smaoinigh siad air sin ariamh. Sin an pointe; is aineolas atá ann. Níl aon rud mailíseach anseo ach is aineolas atá ann.
Má bhreathnaímid ar na cúrsaí a chuireann an Institute of Public Administration, IPA, agus go leor de na hollscoileanna ar fáil do bhainisteoirí sa státchóras, tá na cúrsaí sin do public administration agus a leithéid. Cuirim i ngeall leis na baill nach bhfuil modúil amháin fiú faoin nGaeilge ar aon cheann de na cúrsaí sin. Sin áit go gcaithfidh muid tosú, le cúrsaí oideachais agus oideachas a chur ar bhainisteoirí sa státchóras ag gach leibhéal. Is iad na bainisteoirí ag an leibhéal is ísle na bainisteoirí sinsearacha a bheas ann amach anseo. Caithfidh go dtuigfidh siad nach mbeadh siad aineolach. Níl aon neart acu air. Ní bhfuair siad an teachtaireacht go raibh tábhacht leis an teanga. Sin an bealach chun tús a chur leis sin a cheartú. Caithfidh go bhfeicfeadh siad an áit a bhfuil na Teachtaí Ó Cuív agus Connolly ag rá go bhfuil éileamh ansin; i measc na feirmeoirí Gaeltachta mar shampla. Caithfear daoine le Gaeilge a bheith ag dul amach ag plé leo. Tosaíonn sé i gcúrsaí mar ghné oideachais den rud istigh sa státchóras agus tiocfaidh sé tríd sin.
No comments