Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na hoifigigh. Is cruinniú tábhachtach é seo. Tugaim aitheantas don Chathaoirleach as é a eagrú. Is léir go mbeidh an státchóras ag obair leis an Roinn atá freagrach as an nGaeltacht agus leis an Roinn Oideachais. Tá sé sin iontach dearfach. Tá cúpla ceist agam. Maidir leis an bhearna atá ann ó thaobh soláthair, níl daoine ag iarraidh na poist le Gaeilge. Tá fadhb ann leis sin. Cuirfidh mé ceist ar an Dr. Mac Cormaic i dtús báire. Baineann sé leis an churaclam. Bhí sé ag caint faoin idirbhliain. Tá an comhrá tosaithe. Tá sé sin tábhachtach agus suntasach. Chomh maith leis sin, muna bhfuil na daoine ann, beidh fadhb san fhadtéarma fosta. An bhfuil athrú de dhíth maidir leis na réamhscoileanna, na bunscoileanna nó na meánscoileanna? Is léir go bhfuil na meánscoileanna, na bunscoileanna agus na réamhscoileanna sna Gaeltachtaí ag obair agus ag bogadh ar aghaidh leis an tumoideachas maraon leis na Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá achan rud i gceart. Tá rath agus torthaí le feiceáil as sin. Baineann an fhadhb is mó leis na scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Is ansin atá an fhadhb leis an churaclam faoi láthair. Dá mbeadh na finnéithe timpeall an bhoird leis an Roinn Oideachais, b'fhéidir go mbeadh seansanna agus deiseanna ann. B'fhéidir go mbeadh am ann breathnú arís ar an churaclam. Is ceist amháin é sin.

Tá ceist agam do David Cagney freisin. Baineann sé leis na daoine sa státseirbhís atá ag lorg athraithe nó post difriúil. B'fhéidir go bhfuil siad lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath agus ag smaoineamh ar bogadh ar ais go Ciarraí, Gaillimh nó Dún na nGall. Táim ag smaoineamh ar na bailte atá aitheanta mar bhailte seirbhíse, mar shampla, Leitir Ceanainn. Tá níos mó státseirbhísigh lonnaithe i Leitir Ceanainn anois. An bhfuil aon solúbthacht ansin? An bhfuil aon deiseanna ann tríd an scéim mobility? Ba chóir go mbeadh. Táim ag iarraidh barúil David Cagney faoi sin. An bhfuil seans ann do na daoine le Gaeilge dul go dtí na bailte seirbhíse tríd an scéim mobility? Nílim ag caint faoi Leitir Ceanainn ach faoi Ghaillimh mar tá nasc ag na bailte seirbhíse taobh amuigh den Ghaeltacht leis na daoine le Gaeilge laistigh di. B'fhéidir go bhfuil seans ann do na daoine le Gaeilge atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath atá ag iarraidh post difriúil sa Státseirbhís in áiteanna timpeall na tíre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.