Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Mr. Dónal Ó Buachalla:

Is féidir liom teacht isteach. Tá cúpla ceist sonraithe ag an Teachta ansin. Má fhéachaim i dtús báire ar an gcéad cheist a luaigh an Teachta maidir le hualach breise i gcomhair T1 nó T2, tógann na dréachtsonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hardteistiméireachta, atá foilsithe don chomhairliúchán seo, ar na forbairtí suntasacha a tharla i soláthar churaclam na Gaeilge. Mar a luaigh mo chomhghleacaí, Arlene Forster, sa ráiteas tosaigh; ag leibhéal na bunscoile tá curaclam teanga na bunscoileanna idirdhealaithe do chomhthéacsanna T2 agus T1 i bhfeidhm ó 2019 ar aghaidh. Chomh maith le sin, gan amhras, tá na sonraíochtaí idirdhealaithe T1 agus T2 i bhfeidhm do Ghaeilge na sraithe sóisearaí ó 2017 ar aghaidh.

I gcomhthéacs T1 ach go háirithe, tá tábhacht nach beag ag baint le heispéireas leanúnach foghlama a sholáthar do scoláirí ar mhaithe lena bhforbairt teanga, lena rochtain ar an gcuid eile den churaclam trí mheán na Gaeilge agus lena dul chun cinn i gcoitinne. Is iad forbairt, saibhriú agus buanú scileanna teanga na haidhmeanna don dreachtsonraíocht T1. Freastalaíonn an tsonraíocht T1 ar riachtanais fhoghlama Ghaeilge na scoláirí a thug faoi shonraíocht Ghaeilge na sraithe sóisearaí T1.

Tá difríochtaí suntasacha ó thaobh riachtanais agus cúlraí teanga na scoláirí de, ó thaobh cúlra sochtheangeolaíochta de agus ó thaobh theoiricí an tsealbhaithe teanga de, idir sonraíocht T1 agus sonraíocht T2. Ach mar atá ráite, tá dréachtsonraíocht Ghaeilge na hardteistiméireachta T1 dírithe ar chainteoirí dúchais agus ar fhoghlaimeoirí i scoileanna lán-Ghaeilge - na Gaelcholáistí, na haonaid lán-Ghaeilge agus na scoileanna ina bhfuil sruthanna Gaeilge iontu. É sin ráite, mar atá sé leagtha amach sna dréachtsonraíochtaí, is féidir le scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla an curaclam T1 a chur ar fáil chomh maith, ag brath ar na hacmhainní áitiúla atá ar fáil acu agus ar riachtanais teanga na scoláirí atá ag freastal ar na scoileanna sin.

Is í an dara ceist a bhí ag an Teachta ná ceist maidir leis an gcomhairliúchán. Cad atá déanta-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.