Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair agus as an eolas, go háirithe i rith an phlé cúpla nóiméad ó shin, agus as freagraí na gceisteanna. Leagadh amach cúpla comhartha ceiste dom. Más féidir liom filleadh ar ábhar a bhí á phlé ag an Seanadóir Clifford-Lee tamaillín ó shin, tuigim go bhfuil na finnéithe ag lorg toradh thart ar leibhéal C1 i gcomhair an chúrsa T1 agus go mbeidh toradh thart ar B2 sa chóras Theastas Eorpach na Gaeilge i gceist i gcomhair daoine a bheidh ag déanamh an chúrsa T2. Mar sin, tá sé soiléir go bhfuil caighdeán níos airde i gceist do cheann de na cúrsaí. Shamhlóinn go mbeidh ualach breise oibre ag na daltaí a bheidh ag tabhairt faoi caighdeán C1 a bhaint amach. Cad ina thaobh go dtabharfaidís faoin ualach breise sin? Tá siad dírithe ar an toradh is fearr a bhaint amach ó thaobh pointí de. Má tá rogha acu, cad ina thaobh nach dtabharfaidís faoin gceann bog nó an ceann a bheadh níos éasca dóibh? Cad ina thaobh go dtabharfaidís faoin ualach breise sin? Cad atá i gceist chun daoine a mhealladh sa treo sin? Luamar pointí bónais. An bhfuil uirlisí eile ann chun daoine a mhealladh sa treo sin? Cad ina thaobh in aon chor go dtabharfadh éinne faoin ualach breise sin? An féidir soiléiriú a fháil air sin? Chabhródh sé sin go mór le daoine ar fud na tíre atá ag iarraidh aighneachtaí a sheoladh isteach. Tá daoine trína chéile mar gheall air sin. Tá breis eolais ag teastáil. Bhí roinnt plé sna scoileanna difriúla idir tuismitheoirí agus mar sin de. An bhféadfaimis aon soiléiriú a fháil maidir leis an méid plé atá déanta i measc pobal na dtuismitheoirí agus na scoileanna mar gheall ar na heasnaimh atá ann? Táim féin bainteach le roinnt scoileanna agus is beag plé atá déanta mar gheall air.

Conas a d'úsáidfí an t-am breise seo anois? Tá síneadh ama ar feadh roinnt míonna ann. Conas a úsáidfidh é sin? Mar bhun agus barr an scéil, cad ina thaobh go dtabharfadh aon duine faoin ualach breise agus cad atá ann chun daoine a mhealladh isteach i dtreo an ualaigh bhreise sin? An mbeadh deis ag daoine an dá chúrsa a dhéanamh, mar a luamar leis an matamaitic, dá mba rud é go raibh an rogha acu?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.