Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Níl mórán le rá agam faoi seo mar go bhfuil a fhios agam go bhfuil próiseas comhairliúcháin ag dul ar aghaidh agus fáiltím roimh an síneadh ama ó thaobh an phróisis sin. Tá sé sin go maith. Ní saineolaí mé. Tá sé ráite go mion minic agam. Tá mé ag breathnú ar an bpróiseas comhairliúcháin agus ag tnúth leis na torthaí as an bpróiseas sin. An mbeidh an tAire in ann a tuairim féin a thabhairt faoi phointí bónais? Tá m'aigne oscailte maidir leis an gceist seo ach tá sé ag déanamh imní do thuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil T1 i gceist, le tuilleadh oibre agus gan aon phointí bónais i gceist maidir leis an gcúrsa sin. Má leanaimid ar aghaidh, tar éis an phróisis comhairliúcháin, le T1 agus T1, cén chaoi is féidir linn na gasúir a mhealladh tuilleadh oibre agus dua a chur orthu mura bhfuil pointí breise i gceist? An bhfuil bealaí éagsúla eile chun iad a mhealladh, amhail pointí iontrála do chúrsaí éagsúla? Níl a fhios agam. Is é tuairim an Aire atá ag teastáil uaim.

Tá sé curtha arís ag an Teachta Ó Cuív. Táimid bogtha ar aghaidh. Tá an straitéis atá foilsithe ag an Roinn léite agam. Níl aon bhéim ar chor ar bith ar luath-oideachas. B’fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann teacht ar ais maidir leis an gceist sin.

Ní raibh mé ann an tseachtain seo caite ach b’fhéidir coicís ó shin, d’iarr mé ar an Roinn na sonraí a thabhairt dom maidir le cé mhéad dalta a bhí ar na cúrsaí éagsúla ar fud na tíre. B’fhéidir go bhfuil siad istigh. Bheinn buíoch mar go bhfuil sé tábhachtach. Dúirt mé nuair a thosaigh mé ag caint go bhfuil céimeanna dearfacha maithe tógtha ag an Roinn. Tuigim é sin ach chun é a thuiscint, tá gá le comhthéacs. Thug Treasa Kirk figiúirí dúinn. Laistigh de thréimhse beidh 173 nó mar sin ag an Roinn. Níl mé in ann é a thuiscint mar go bhfuil comhthéacs ag teastáil uaim. Bhí bearna mhór ann.

Tá Gaeilge i mbaol i gcónaí agus bhí sí i mbaol roimhe seo. Táimid ag díriú isteach ar rud amháin, is é sin caighdeán na Gaeilge agus an tsoláthair múinteoirí. Cé mhéad atá ag teastáil? Tá an daonra ag méadú an t-am uile. Níl míorúilt ag teastáil uaim ach an rud i gcomhthéacs. Ag pointe áirithe, ba chóir gur féidir linn a rá go bhfuil muid ag an am a bhfuil neart múinteoirí againne. Tá an cheist sin don Aire agus an cheist eile do Treasa Kirk.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.