Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá roinnt ceisteanna agam féin, bunaithe ar an gcomhrá a bhí againn go dtí seo. Thuig mé roimhe seo go raibh ceist na Gaeilge an-chasta agus is léir go bhfuil ceist na Gaeilge sa chóras oideachais níos casta fós. Tá a lán ann. Labhair na finnéithe faoi na hacmhainní agus líon na múinteoirí lena bhfuil gá, ach má tá muid ag caint faoi chúrsa bhunleibhéal, bonnleibhéal agus ardleibhéal ag T1 agus T2, sin sé rang dhifriúil. Níl aon scoil in Éirinn, go bhfios domsa, ag an leibhéal sin a bheadh in ann sé rang dhifriúil Gaeilge a chur ar fáil. Sin ceann de na fadhbanna má tá sé i gceist ag an gcomhairliúchán seo go mbeadh dhá chúrsa Gaeilge ar fáil do gach uile pháiste agus gach uile dhalta a fhreastalaíonn ar scoil. Sin dúshlán don Roinn Oideachais. Má tá sí chun é seo a dhéanamh caithfidh sí na hacmhainní a chur ar fáil mar a rinne sí nuair a cuireadh mata feidhmeach ar fáil ar dtús. In a lán scoileanna bhí mata feidhmeach ann mar ábhar breise tar éis na scoile nó roimhe. Níor mhaith liom é sin a fheiscint riamh ó thaobh na Gaeilge de.

Ó thaobh DEIS, níl gach uile choláiste lán-Ghaeilge lasmuigh den chóras DEIS. Tá scoileanna agus coláistí ann atá istigh sa chóras DEIS. Sin rud a dhéanann an argóint beagán níos casta.

Caithfimid a bheith níos cúramaí nuair atá é sin á rá againn. Maidir le scoileanna DEIS, anois is arís, bíonn acmhainní breise ag dul toisc an stádas sin. Athraíonn sé anois is arís agus ní bhíonn go leor ar fáil. Ba chóir go mbeadh roinnt scoileanna lán-Ghaeilge aitheanta sa chóras. Uaireanta ní maith leo agus uaireanta ní éiríonn leo.

Bhí an ceart chomh maith ag an Seanadóir Ward, nuair a bhí sé anseo níos luaithe, agus ag an Seanadóir Clifford-Lee. Tugadh an sampla dóibh siúd atá go maith ag an nGaeilge i scoileanna Béarla. Tá sé sin tábhachtach chomh maith mar bíonn a lán dóibh siúd atá ar maith aithne ag iarraidh páistí a chur chuig scoil lán Gaeilge agus ní bhíonn spás ann nó teacht uirthi. Bheadh siad ábalta tabhairt faoi pé cúrsa dúshlánach a bheadh ann ag an deireadh, ach níl an deis acu, agus seasann siad amach i scoil Bhéarla.

Tá ceist eile a rith liom. Tarlaíonn sé seo go minic. Athraíonn páistí scoileanna tar éis na sraithe sóisearaí. Bogann siad bunaithe ar an gcleachtadh a bhí acu sa scoil, mar shampla, an raibh sé ró-acadúil, an bhfuil an scoil eile níos gaire dá mbaile, nó an bhfuil ábhar áirithe ar fáil ann. I mo chás féin, bhí díomá ar mo mhac nach raibh stair ar fáil dó sa scoil ina raibh sé. Bhí sé ag smaoineamh ar bhogadh óna scoil ach mhúin mise an stair dó mar is múinteoir mé. Bhí mise in ann é sin a dhéanamh ach bhí sé ag smaoineamh ar bhogadh. Cé mhéad dalta eile tar éis na sraithe sóisearaí atá ag smaoineamh ar bogadh? D’fhéadfadh a lán daoine bogadh as scoileanna T1 chuig scoil eile. Tá siad ag rá go bhfuil leibhéil a gcuid Gaeilge maith go leor cheana féin, nach mbeadh siad buartha faoi sin, agus go sroichfidh siad leibhéal H1 nó H2, nó pé leibhéal atá ann anois. Bhí sé i bhfad Éireann níos éasca nuair a bhí mise ar scoil mar go raibh figiúirí i gceist. Sin cinneadh a dhéanann daoine. Caithimid a bheith cúramach sa slí a leagann muid síos an tsraith shinsearach.

Ceann de na pointí a luaigh an dá cheardchumann ná nach bhfuil an comhairliúchán maith go leor toisc nach bhfuil an t-eolas ar fáil faoin sraith shóisearach. Níl na hábhair ar fáil; sin go díreach atáimid ag caint faoi. Bíonn muidne anseo agus tagann na finnéithe isteach. Bhí an Roinn os ár gcomhair. Bhí an an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, os ár gcomhair, ach fós ní bhfuair muid na freagraí. Cad é go díreach atá i gceist sa pháipéar? Cad é an liosta don chúrsa litríochta? Tá muidne agus na múinteoirí ag iarraidh freagraí a fháil. Níl an tsraith shóisearach ach díreach críochnaithe agus ní raibh scrúdú, go fisiciúil, ann i mbliana. Conas is féidir review ceart a dhéanamh ar sin ionas gur féidir linn cinnte a dhéanamh nach ndéanfaimid na botúin chéanna ag an gcéad leibhéal eile más rud é go bhfuilimid ag dul sa treo sin?

Bhí cúpla seisiún againn ag caint faoi na díolúintí atá ann agus an bhuairt a bhíonn ar dhaoine faoi sin. Bhí grúpaí os ár gcomhair le déanaí ag caint faoin gcaighdeán sna coláistí ullmhúcháin agus, mar a dúradh, an fhadhb atá ann teacht ar mhúinteoirí le Gaeilge mhaith go leor chun dul os comhair ranga agus an Ghaeilge a mhúineadh nó ábhar éigin a mhúineadh trí Ghaeilge. Tá an tuiscint sin againne. Beidh an díospóireacht seo á roinnt againn leis an gcoiste oideachais, agus beidh an tAire Oideachais os ár gcomhair an tseachtain seo chugainn. Beimid ag labhairt léi faoi na ceisteanna seo. Déanfaimid cinnte go mbeidh na pointí a d’ardaigh na finnéithe aici chomh maith.

Tá sé i gceist againn ag deireadh an próiseas seo an t-ábhar ar fad a chur le chéile agus tuairisc a dhéanamh. Tá súil againn go mbeidh sé sin réidh i mí Mheán Fómhair nó i mí Dheireadh Fómhair, i lár an chomhairliúcháin, agus cuirfimid ar fáil é mar aighneacht chuig an CNCM.

Luadh na buntáistí atá agus a bheidh ann do Ghaelcholáistí agus Ghaelscoileanna ó thaobh marcanna de. Tá míbhuntáistí ann chomh maith ó thaobh téacsleabhair a thagann amach cúpla bliain níos déanaí, ábhar tacaíochta agus a leithéid. Sin é an fáth go gcuireann an Stát na pointí bónais nó pé rud atá ann faoi láthair. Is aitheantas é nach bhfuil an chur chuige ceart ann. Tá athraithe tarlaithe, ach is é sin an fáth atá leis an mbuntáiste sin.

Ó thaobh na pointí bónais de, measaim go mbeidh sé deacair orainn. Ní aontaím leis an TUI ar an bpointe seo nár chóir pointí bónais a thógáil isteach. Má tá T1 agus T2 sa tslí atá curtha faoinár mbráid faoi láthair, ní fheicim fáth ar bith, seachas grá don teanga, go mbeadh aon dalta ag glacadh le cúrsa atá níos dúshlánaí. Tá an cuid is mó de na daltaí atá aithne agam orthu idir 17 agus 18 mbliana d’aois ag staidéar don ardteistiméireacht. Tá siad ag rá gur féidir leo é sin a dhéanamh go héasca agus a gcuid ama a dhíriú ar ábhar eile atá níos deacra nó níos dúshlánaí dóibh. Muna bhfuil breis pointí ann, ní dhéanfaidh siad é.

An moladh a bhí ag Conradh na Gaeilge nuair a bhí sé os ár gcomhair ar an ábhar seo, agus moladh a rinne sé tamall de bhlianta ó shin, ná gur chóir go mbeadh dhá ábhar ann. Ba chóir go mbeadh ábhar amháin ann don teanga labhartha le 50%, nó níos mó, de mharcanna don scrúdú béil. D’fhéadfadh sé sin a bheith níos dúshlánaí. Bheadh an cúrsa eile ag déileáil le litríocht, stair agus a leithéid sin. B’fhéidir go mbeadh daoine sásta an dá rud a dhéanamh.

Sin iad mo thuairimí féin. Níl a fhios agam an raibh mórán ceisteanna ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.