Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta: Conradh na Gaeilge

Mr. Julian de Spáinn:

Gabhaim míle buíochas leis an gCathaoirleach, leis na Teachtaí, leis na Seanadóirí agus le foireann an chomhchoiste as an gcuireadh le bheith ina láthair inniu chun labhairt faoin nGaeilge sa chóras oideachais, go háirithe faoin gcomhairliúchán ar na sonraíochtaí nua ardteistiméireachta, T1 agus T2, atá ar bun ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM. Díreoidh mé ar an gcomhairliúchán sin ar dtús agus ansin labhróidh mé beagáinín faoin mórphictiúr faoin nGaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.

Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil Conradh na Gaeilge go mór taobh thiar den mholadh gur chóir difreáil a dhéanamh ag leibhéal na sraithe sinsearaigh le sonraíochtaí faoi leith do scoileanna Gaeltachta agus do Ghaelcholáistí, ar nós atá déanta ag leibhéal na sraithe sóisearaí agus sna bunscoileanna roimhe seo. Chomh maith leis sin, creideann muid gur chóir go mbeadh an difreáil seo ar fáil do scoileanna a éiríonn go maith leo leis an nGaeilge a mhúineadh más mian leo é a chur ar fáil dá ndaltaí. Tá an conradh, agus 12 eagraíocht Ghaeilge agus oideachais eile, den tuairim, áfach, gur chóir an comhairliúchán reatha atá ar bun ag an CNCM ar na sonraíochtaí nua ardteistiméireachta T1 agus T2 a chur siar.

Ba mhaith liom dul tríd cuid de na cúiseanna go bhfuilimid ag éileamh seo. Gan athbhreithniú ceart eolaíoch déanta ar an tsraith shóisearach Gaeilge nua T1 agus T2 roimh bhogadh ar aghaidh go dtí an tsraith shinsearach, tá seans mór ann go leanfar le botúin agus le fadhbanna atá sa tsraith shóisearach nua faoi láthair agus go mbeidh aon sonraíocht nua ardteistiméireachta, mar sin, lochtach ón tús. Mar shampla, is é ceann de na heasnaimh is mó atá ann sa tsraith shóisearach, dar ndóigh, ná nach bhfuil aon bhéaltriail ann a thuilleadh. Níl aitheantas ar bith ann, mar sin, don teanga labhartha sa mharc a fhaigheann daltaí ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Conas gur féidir teanga a mheas i gceart gan bhéaltriail?

Ní hamháin go bhfuil an conradh agus an 12 eagraíocht Ghaeilge agus oideachais eile ag éileamh go mbeidh athbhreithniú ceart déanta ar an tsraith shóisearach roimh bhogadh ar aghaidh go dtí na sonraíochtaí ardteistiméireachta ach, de réir suirbhéanna éagsúla déanta le déanaí ag Cumann na Meánmhúinteoirí, ASTI, agus ag an nGréasán do Mhúinteoirí Gaeilge, léirigh breis is 95% de mhúinteoirí Gaeilge sa dá shuirbhé tacaíocht don éileamh seo. D’fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ann má dhéanann an Roinn Oideachais agus an CNCM neamhaird ar thuairim na múinteoirí. Conas gur féidir dul ar aghaidh le comhairliúchán agus 95% de mhúinteoirí ag iarraidh go gcuirfear siar é?

Sna suirbhéanna céanna, aithnítear na heasnaimh atá sna cáipéisí comhairliúcháin ar nós nach bhfuil liosta litríochta ar fáil, nach bhfuil scéim marcála ar fáil agus nach bhfuil na torthaí foghlama soiléir. Chomh maith leis sin, níltear sásta leis an moladh go laghdófar na marcanna don bhéaltriail ó 40% go 35%. Conas gur féidir le múinteoirí agus le geallsealbhóirí eile páirt iomlán a ghlacadh sa chomhairliúchán seo gan an t-eolas cuí ar fáil sna cáipéisí a bhaineann leis an gcomhairliúchán?

Níl cuid den eolas is tábhachtaí curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais chun gur féidir le tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí tuiscint iomlán a bheith acu ar céard a bheidh i gceist leis an tsonraíocht nua T1. Níl an Roinn tar éis a dheimhniú an mbeidh marcanna bónais ann le haitheantas, cúiteamh nó spreagadh a chur ar fáil do dhaltaí as siollabas níos deacra le hualach breise a dhéanamh. I suirbhé a rinne Aontas na nDaltaí Iarbhunscoile in Éirinn le déanaí, dúirt 76% go meallfadh marcanna bónais iad leis an gcúrsa T1 a dhéanamh. Cén fáth a roghnódh daltaí an cúrsa T1 a dhéanamh mura mbíonn marcanna bónais ar fáil dóibh?

Tá an-chontúirt ann - agus ba mhaith liom béim faoi leith a chur ar an bpointe seo - go gcaillfear muinín an phobail sa pholasaí oideachais Gaeltachta. Tá an comhairliúchán féin ag déanamh neamhairde ar an bpolasaí agus ar an tagairt atá déanta do shonraíochtaí ardteistiméireachta sa pholasaí ina ndeirtear "Táthar ag súil go dtosóidh obair ar shonrúcháin idirdhealaithe T1 agus T2 a fhorbairt do Ghaeilge na sraithe sinsearaí nuair a bheidh na sonrúcháin idirdhealaithe don Ghaeilge sa tsraith shóisearach forbartha agus iad ag obair go maith sna scoileanna." Níl aon fhianaise ann go bhfuil an tsraith shóisearach ag feidhmiú go maith sna scoileanna, in éagmais aon athbhreithniú oifigiúil, agus a mhalairt atá fíor ón aiseolas atá faighte ón ASTI agus ón nGréasán do Mhúinteoirí Gaeilge. Beidh neamhaird agus ceapmhagadh léirithe don pholasaí oideachais Gaeltachta má théitear ar aghaidh leis an gcomhairliúchán agus forbairt sonraíochtaí nua ardteistiméireachta gan deimhniú go mbeidh marcanna bónais ann agus athbhreithniú déanta ar an tsraith shóisearach. D’fheadfadh sé scoilt sa phobal a chruthú idir daoine a bheidh ar son an pholasaí oideachais Gaeltachta agus daoine a bheidh ina choinne agus dhéanfadh sin an-dochar sa Ghaeltacht. Is í an cheist is bunúsaí atá ann ná, gan marcanna bónais as cúrsa níos dúshlánaí a roghnú, cén mhaith gach rud eile sa pholasaí?

Níl aon tagairt nó plé sa chomhairliúchán maidir le bonnleibhéal a choinneáil agus ní bheidh freastal sásúil ar an dalta le deacrachtaí foghlama mar sin. Tá an-bhaol ann go méadófar an líon daltaí ag lorg díolúintí mura bhfuil bonnleibhéal ar fáil dóibh nó go laghdófar torthaí foghlama an ghnáthleibhéil le freastal ar dhaltaí níos laige agus, mar thoradh air sin, go laghdófar caighdeán gnáthleibhéil trí chéile. Níl aon tagairt nó plé sa chomhairliúchán maidir leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach a úsáid le freastal níos fearr ar dhaltaí bonnleibhéil agus daltaí gnáthleibhéil agus tá deis á cailliúint mar sin córas nua a úsáid le freastal ar riachtanais an dalta in ionad an chórais dhaingin dholúbtha atá molta sna sonraíochtaí seo.

Mar is eol do na comhaltaí, tá sprioc uaillmhianach leagtha amach i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 go mbeadh 20% de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí inniúil sa Ghaeilge. Is é leibhéal B2 ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, FTCE, an caighdeán is mó a luaitear go hidirnáisiúnta mar bhunriachtanas le go mbeadh duine in ann feidhmiú i dteanga ar bith i gcomhthéacs gairmiúil.

Tá deis ann a chinntiú go mbeadh an caighdeán seo ag cuid mhaith daltaí scoile tar éis dóibh cúrsa na hardteistiméireachta a chur i gcrích. Dá mbeadh an ardteistiméireacht ailínithe leis an FTCE ar bhealach trédhearcach, agus córas bailí measúnachta ag baint leis, thacódh sé go mór le polasaí agus spriocanna earcaíochta an Bhille teanga. Buntáiste a bheadh ann don dalta freisin, dá mbeadh aitheantas gairmiúil ag baint le cáilíocht Ghaeilge na hardteistiméireachta. Níl aon tagairt nó plé, áfach, sa chomhairliúchán maidir leis an FTCE a úsáid. Ceann de na gnéithe is réabhlóidí faoin FTCE ná go ndéanann sé cur síos ar an bhfoghlaimeoir teanga mar úsáideoir teanga. Is é an phíomh-sprioc a bhaineann le cúrsaí atá bunaithe ar an FTCE, mar sin, ná an foghlaimeoir a chumasú le bheith in ann an teanga a úsáid go héifeachtach ina shaol nó ina saol acadúil, gairmiúil agus sóisialta i ndiaidh an chúrsa, seachas foghlaimeoir a ullmhú do scrúdú. Deis amú a bheidh ann mura n-úsáidfí an cur chuige seo go soiléir i gcúrsa nua na hardteistiméireachta, agus beidh an-bhaol ann go bhfágfaidh glúin eile an scoil le scileanna agus straitéisí scrúdaithe seachas inniúlacht teanga agus chumarsáide. Céard is fiú do chuid amháin den Rialtas a bheith ag brú ar aghaidh leis an FTCE agus an chuid eile ag déanamh neamhaird air?

Bheadh buntáiste i gceist leis an tsraith shinsearach a nascadh leis an FTCE chomh maith, de bharr gur ar an gcóras sin atá na curaclaim ollscoile don Ghaeilge bunaithe. An bhféadfaí glacadh leis go mbeadh aon dalta T1 agus T2 a bhaineann amach grád faoi leith sa tsraith shinsearach cáilithe nó cumasaithe le tabhairt faoin nGaeilge mar ábhar ollscoile? An gcaithfeadh daltaí T2 bliain bhreise nó fiú modúil bhreise a dhéanamh san ollscoil i gcomparáid le daltaí T1? D’fhéadfadh impleachtaí a bheith ag na sonraíochtaí seo don soláthar múinteoirí freisin. An mbeadh cáilíochtaí éagsúla i gceist do mhúinteoirí cúrsa T1 agus T2? D’fhéadfadh go mbeadh easpa mhór múinteoirí incháilithe nó inniúil leis an tsonraíocht T1 a mhúineadh ag leibhéal na sraithe sinsearaí. Ní féidir páirt iomlán a ghlacadh sa chomhairliúchán gan freagraí ar na ceisteanna seo. B’fhearr moill a chur ar an bpróiseas anois leis na sonraíochtaí difreáilte a chur le chéile agus iad a dhéanamh i gceart, in ionad praiseach a dhéanamh de na sonraíochtaí nua ardteistiméireachta nach mbeidh daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus eile ag tacú leo.

D’fhéadfadh sonraíocht dhifreáilte a bheith leagtha amach go sásúil le marcanna bónais freastal i gceart ar an gcainteoir dúchais, daltaí Gaelcholáiste agus daltaí eile i scoileanna a n-éiríonn go maith leo an Ghaeilge a mhúineadh. D’fhéadfadh sé seo cumas, úsáid agus saibhreas na teanga a láidriú trí chéile sa tír. Tá súil ag Conradh na Gaeilge go n-aontóidh an comhchoiste linn gur chóir an comhairliúchán reatha atá ar bun ag an CNCM ar na sonraíochtaí nua ardteistiméireachta T1 agus T2 a chur siar, gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an tsraith shóisearach agus gur gá don Roinn Oideachais marcanna bónais a dheimhniú don chúrsa T1 gan a thuilleadh moille. Bheimis an-bhuíoch dá mbeadh an coiste sásta rún a rith chuige seo agus scríobh chuig an Aire Oideachais agus chuig an CNCM le tacaíocht dár n-éileamh a chur in iúl dóibh.

Is maith an rud é go bhfuil an comhchoiste ag plé ceist na sonraíochtaí ardteistiméireachta inniu. Tuigim go raibh plé aige roimhe seo maidir leis na díolúintí, caighdeán Gaeilge na múinteoirí, agus eile. D’fhéadfainn 20 ábhar oideachais eile a mholadh le plé a dhéanamh orthu, ó bhunú Gaelscoileanna go páirt-tumoideachas sna bunscoileanna, agus go leor eile. Bheadh daoine eile in ann go leor leor ábhar oideachais eile a mholadh le plé chomh maith. Caithfidh go bhfuil cur chuige níos fearr ann ná iomaí ábhar oideachais éagsúla nach bhfuil ceangal eatarthu.

Go rómhinic, is tinte a mhúchadh a bhíonn ar siúl againn, in ionad pleanáil go cuimsitheach, go comhtháite agus go fadtéarmach don Ghaeilge sa chóras oideachais. Sin an fáth, roimh an olltoghchán i 2020, gur chuir an feachtas #Gaeilge4All moladh chun cinn leis na páirtithe polaitiúla gur chóir go mbeadh polasaí ann don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Chuimseodh an polasaí an Ghaeilge sa chóras oideachais ag gach leibhéal agus i ngach earnáil, leis an trí chroí-pholasaí seo a leanas san áireamh sa pholasaí: an polasaí oideachais Gaeltachta reatha; polasaí don Ghaelscolaíocht, mar a gheall an Teachta McHugh nuair a bhí sé mar Aire Oideachais i mí na Nollag 2019; agus polasaí don oideachas a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Bheadh an páirt-tumoideachas, tumoideachas iomlán, an curaclam, sonraíochtaí, oiliúint múinteoirí, bunú Gaelscoileanna, díolúintí, measúnú agus gach rud eile san áireamh sa pholasaí seo.

Bheadh go leor buntáistí lena leithéid de pholasaí. Bheadh ciall agus ceangal comhtháite le foghlaim na Gaeilge don dalta sa chóras ón gcéad lá sa réamhscoil go dtí scrúdú na hardteistiméireachta agus ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Thógfadh polasaí mar seo na geallsealbhóirí ar fad le chéile le díriú ar sprioc faoi leith. Bheadh an polasaí ag freastal ar bhuarthaí dlisteanacha daoine óga maidir le foghlaim na Gaeilge agus cuirfear iad ar a suaimhneas trí chóras a dhéanann ciall ó leibhéal go leibhéal a chur ar fáil dóibh, a léiríonn na deiseanna agus na buntáistí a bhaineann le foghlaim na Gaeilge. Ag an leibhéal is bunúsaí, phléifeadh an polasaí le cuid mhaith de na bréaga agus an míchruinneas a bhaineann leis an teanga atá ag mionlach sa phobal, mar shampla, go bhfuil an Ghaeilge marbh, go mbíonn daoine 13 bliain ag foghlaim na Gaeilge agus ní féidir le haon duine abairt a chur le chéile, nó go bhfuil sé ródheacair í a fhoghlaim. Chuirfeadh polasaí mar seo spreagadh arís faoi theagasc na Gaeilge ón mbonn agus chuirfeadh sé le húsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga sa tír. Laghdódh sé an gá le díolúintí ó staidéar na Gaeilge a bhronnadh ar dhaltaí ag teacht isteach déanach sa chóras nó ar dhaltaí le fadhbanna foghlama, mar go mbeadh sé i bhfad níos freagraí do riachtanais agus cumais éagsúla na ndaltaí.

Tá eiseamláir dá leithéid de pholasaí comhtháite cuimsitheach le feiceáil sa pholasaí oideachas Gaeltachta a cuireadh le chéile le tacaíocht, seilbh agus ionchur ón bpobal agus lucht an oideachais. Tá ról acu i gcur i bhfeidhm an pholasaí chomh maith. D’fheadfaí an polasaí a bhunú, mar shampla, ar an FTCE agus bheadh deis torthaí foghlama a leagadh síos sa réamhscoil a thiocfadh le torthaí sa bhunscoil agus ar aghaidh chuig an iar-bhunscoil agus an tríú leibhéal. Ní raibh polasaí Gaeilge don chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal riamh ann ó bunaíodh an Stát ó Dheas. Mar sin, tá deis faoi leith ann a bheith réabhlóideach agus an Ghaeilge sa chóras oideachais a athrú ón mbonn.

As na páirtithe Rialtais, gheall Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas go gcuirfeadh siad an polasaí seo le chéile agus thacaigh Fine Gael leis an bpolasaí don Ghaeloideachas. Tá gealltanas sa chlár Rialtais ó shin go soláthrófar polasaí cuimsitheach don Ghaeilge ó oideachas réamhscoile go hoideachas múinteoirí, ach, faraor, níl aon rian le feiceáil den pholasaí nó na socruithe leis an bpolasaí seo a chur le chéile ó thosaigh an Rialtas reatha. Ní raibh tagairt ar bith don pholasaí seo sa ráiteas straitéise den Roinn Oideachais a cuireadh os comhair an Rialtais le déanaí. Bheadh muid an-bhuíoch den chomhchoiste seo dá mbeadh sé sásta rún a rith le héileamh ar an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley, polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt laistigh de bhliain. Ba chóir di próiseas comhairliúcháin a chur ar bun láithreach bonn leis an bpolasaí a fhorbairt agus, ar nós a rinneadh le forbairt an pholasaí oideachais Gaeltachta, ba chóir go mbeadh aighneachtaí ón bpobal, cruinnithe poiblí, cruinnithe le geallsealbhóirí agus eile san áireamh sa chomhairliúchán.

Gabhaim buíochas arís leis an gcoiste as an deis chun labhairt leis inniu. Tá súil agam go mbeidh na baill in ann tacú linn agus rún tacaíochta a chur tríd ag pointe éigin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.