Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá sé deacair uaireanta gan frustrachas a bheith orm. Bhí tréimhse deich mbliana i gceist agus ní fear radacach é an Coimisinéir Teanga. Is fear stuama réasúnta é. I ndeireadh na dála, ghlac sé an chéim dheireanach, an chéim a bhí fágtha aige. Anois, tá sé orainne mar Theachtaí rud a dhéanamh. Is maith an rud é go bhfuil na finnéithe anseo agus d’éist mé go cúramach leo. Faraor, caithfidh mé imeacht roimh dheireadh an chruinnithe. Níl níos mó eolais agam faoi na figiúirí. Bheinn buíoch de Choimisinéir an Gharda más féidir leis teacht ar ais chuig an gcoiste agus léiriú go sonrach i litir cén moltaí, as an gcúig moladh, atá curtha chun cinn. Ní raibh ann ach cúig cinn. Níor fhreagair sé an cheist - cén fáth nár chomhlíonadh na moltaí? Cén uair a bheidh na moltaí comhlíonta? Cad iad na bearta atá beartaithe ag An nGarda Síochána chun na moltaí a chur i bhfeidhm? Téann na ceisteanna ar aghaidh mar sin.

Beidh cruinniú againn an tseachtain seo chugainn. Ceapaim go mbeidh tuarascáil á réiteach ag an gcoiste ó thaobh an ábhair seo agus cuirfear os comhair na Dála é. Tá mise den tuairim go bhfuil gá práinneach le díospóireacht sa Seomra seo ag leibhéal na Dála ina iomláine.

Labhair an Coimisinéir faoin Garda Reserve. Tá dualgas dlíthiúil ar An nGarda Síochána Gaeilge a chur chun cinn agus tá an dlí á shárú aige. Dá mbeadh an dlí á shárú agamsa, bheinn ag impí ar an nGarda deis a thabhairt dom, mar a dhéanann gnáthdhaoine i gcónaí, le go gceartóinn mo chuid iompair. Tá deis faighte ag an gCoimisinéir. Níl sé ina phost le deich mbliana ach tá sé ann le cúpla bliain. Cad atá á dhéanamh aige chun an dlí agus na dualgais atá air agus ar An nGarda Síochána a chomhlíonadh? Tá an-mheas agam ar an nGarda agus ceapaim go ndéanann siad an-obair. Ní gá dom é sin a rá, ach níl muinín agam go dtuigeann an Coimisinéir an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge ó thaobh an Gharda de agus ó thaobh seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil timpeall na tíre, ach go háirithe sna Gaeltachtaí.

Luaigh an Coimisinéir go raibh sé ag foghlaim na Gaeilge ach ansin tháinig Covid. B’fhéidir go raibh míthuiscint ann faoi sin. Ar lámh amháin dúirt sé gur deis é Covid mar gheall ar Zoom agus chuile rud so is féidir leis féin Zoom a úsáid chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Is gá sampla ón mbarr anonn a chur in iúl. Níl sé sásúil a rá go bhfuil ar na gardaí óga i Templemore an Ghaeilge a fhoghlaim agus na daoine ar an leibhéal is airde a bheith gan Gaeilge. Tá sé tábhachtach ceannaireacht a chur in iúl ón mbun agus ón mbarr anonn.

Tá mo dhóthain ráite agam. Ba mhaith liom a bheith ag dul amach le níos mó muiníne. Tá súil agam gurb é seo an chéad chéim agus go mbeidh na finnéithe ar ais os ár gcomhair laistigh de shé mhí nó bliain ag rá go bhfuil na moltaí uilig comhlíonta agus go bhfuil straitéis agus plean dearfach acu le céimeanna áirid agus spriocanna ama.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.