Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as na freagraí atá tugtha. Teastaíonn uaim díriú isteach arís ar an liúntas, mar n'fheadar an bhfuil míthuiscint ann nó pé scéal é. Bhí liúntas ar fáil - tá sé fós ag daoine atá tar éis fanacht sa Ghaeltacht, ach níl sé ag daoine nua. Nuair a aistríonn na daoine sin ó Ghaeltacht go Gaeltacht is féidir leo an liúntas sin a thabhairt leo má théann siad go dtí cuid de na Gaeltachtaí. Mura bhfuil an cheanncheathrú laistigh den Ghaeltacht, tuigtear nach féidir an liúntas a thabhairt leo. Cur i gcás, i gceantar Mhúscraí, más rud é go bhfuil duine ag aistriú isteach sa dúthaigh agus an liúntas acu cheana féin, caithfidh sé nó sí é a scaoileadh. An dóigh leis an gCoimisinéir go bhfuil a leithéid ag cur bac ar Ghaeilgeoirí cáilithe freastal ar, nó aistriú isteach chuig, na ceantair Ghaeltachta cosúil le ceantar Mhúscraí? Tá cúpla Gaeltacht eile ann go bhfuil rudaí mar sin iontu. Tá an tslí inar leagadh amach ceantair An Gharda Síochána go huile is go hiomlán faoi cheannas ag an nGarda. Is féidir leis An Garda Síochána féin feabhas a chur ar an scéal sin. Iarraim ar na finnéithe mé a cheartú má tá botún á dhéanamh agam, ach sin an tuiscint atá agam. Teastaíonn soiléiriú uaim maidir leis an bpointe faoin liúntas, go háirithe.

Léiríonn na figiúirí - 55 duine le Gaeilge, as 3,000 san iomlán, tagtha isteach - go bhfuil rudaí fós ag tosnú, sé bliana níos déanaí. Damn it lads, ba cheart go mbeadh iarracht éigin déanta roimhe seo. Bhí an Coimisinéir Teanga sa tóir ar an bhfórsa ar feadh an tréimhse sin agus ag lorg feabhas. Tá go maith. Tá rudaí ag teacht chun cinn anois ach surely níor chóir go thógadh sé an Coimisinéir Teanga ag cur tuairisc os comhair an Oireachtais chun rudaí a spreagadh. Cad a spreag ar deireadh é? Is maith an rud é go bhfuil feabhas ann ach caitheann a mbeifear ag súil le torthaí ó na figiúirí sin? An mbeidh spriocanna níos airde ann i gcomhair catch-up a dhéanamh nó cén cur chuige a mbeidh ag An Garda Síochána? Tá tuairim an-dearfach ag an Seanadóir Clifford-Lee mar gheall ar na scoileanna. Caithfear féachaint ar shlite difriúla chun dul i ngleic leis. Pé moltaí atá ann, bheinn buíoch iad a chloisteáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.