Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCoimisinéir as a chur i láthair. Tá roinnt mhaith ann. Bhí deis agam an tuairisc a léamh níos luaithe. Táim cinnte go n-aontódh an Coimisinéir liom gur rud ollmhór é go mbeadh an Coimisinéir Teanga ag seoladh tuairisce. Ní tharlaíonn sé ach anois is arís trí na blianta. Is mór an ní é. Leis an tuairisc seo a sheoladh chuig Tithe an Oireachtais, léirigh an Coimisinéir Teanga an frustrachas atá air agus an easpa dul chun cinn a bhraitheann sé a bhí ann. Tá sé sin soiléir. Chaithfí cothrom na Féinne a thabhairt do mhuintir na Gaolainne agus do mhuintir na Gaeltachta, pé slí ina bhfuiltear ag freastal orthu.

Tá taithí agam ar an gcur chuige i gCorcaigh agus, má tá rud ag obair go maith, tabharfaimid aitheantas air sin. Tá cúrsaí báúil i gCorcaigh. Nuair a bhí poist le líonadh, chuir An Garda Síochána gardaí chugainn i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus i gceantar Mhúscraí. Is é sin mar ba chóir. Is maith é. Tá bearnaí ann a fhanann ann. Tá sé ag tógáil an-fhada ar fad le sáirsint a fháil i gcomhair Bhaile Bhuirne, mar shampla. Táthar ag fanacht bliain go leith chun an post sin a líonadh. Tá sé soiléir nach bhfuil daoine ar fáil chuige. An dóigh leis an gCoimisinéir gurb é an líon Gaeilgeoirí atá i gceist ansin?

An bhfuil aon éifeacht ag liúntais ag cúrsaí? Bhí liúntais ann cheana féin i gcomhair daoine a bhí ag feidhmiú sna Gaeltachtaí. Bhíodar ábalta aistriú ó cheantar Gaeltachta go ceantar Gaeltachta eile agus an liúntas sin a choimeád. Bhí sé sin fíor i gcás cuid de na Gaeltachtaí ar aon nós. Tuigim nach féidir daoine a rinne aistriú ar chuid de na ceantair Ghaeltachta an liúntas a aistriú leo. Shamhlófaí go mbeadh leisce ar dhaoine sa chás sin agus sa chás go bhfuil an cheanncheathrú lasmuigh den Ghaeltacht, b'fhéidir i mbaile seirbhíse i gceantar Mhúscraí nó i bPort Láirge. Cén éifeacht a bheadh aige sin? Is amhlaidh gurb é An Garda Síochána féin a leagann amach na ceantair Gharda agus gur féidir leis rudaí a athrú má tá an liúntas sin ag cur isteach ar chúrsaí.

Cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh anois? Luaigh an Coimisinéir roinnt rudaí ach, in ainneoin sin, sheol an Coimisinéir Teanga an tuairisc ar aghaidh toisc go raibh sé míshásta faoin easpa dul chun cinn. Cad atá difriúil anois, agus cad a bheidh difriúil amach anseo, chun rudaí a cheartú? Luaigh an Coimisinéir gur leag An Garda Síochána síos sprioc de 10% d'earcaithe in 2014 agus nach raibh siad sásta go raibh siad ag baint an sprioc sin amach. Cé saghas sprioc ar bhaineadh amach? Cén t-athrú nó feabhas atá déanta ó shin i leith? Tá 2014 sé bliana ó shin. Tá roinnt mhaith earcaithe tagtha isteach ó shin. Cén saghas figiúirí atá ann ó shin? An bhfuil feabhas ag teacht ar rudaí? Tá daoine a gcailleadh idir an dá linn. An bhfuil an bhearna sin á líonadh?

Tá an-chuid ceisteanna gur mhaith liom a chur ach fágfaidh mé leis sin é. Má tá seans agam níos déanaí, fillfidh mé ar na ceisteanna eile. Má tá rudaí ag obair go maith, tabharfaimid aitheantas air sin. Is samplaí maithe iad na rudaí a tharla i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus i mBaile Bhuirne. Má tá bearnaí ann, agus tá sé soiléir go bhfuil, caithfear é sin a cheartú. Caithfear freastal a dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta agus ní hamháin muintir na Gaeltachta ach muintir na Gaolainne ar fud na tíre. Tá na bailte seirbhíse sin, Maigh Chromtha mar shampla, ag freastal ar mhuintir na Gaeltachta agus tá siad ag freastal ar gach éinne ar fud na tíre chomh maith. Táim ag caint faoi dhaoine i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i ngach aon áit eile. Níl muintir na Gaolainne srianta isteach chuig na ceantair Ghaeltachta. Ón tseachtain seo caite, táimid ábalta gluaiseacht mórthimpeall lasmuigh dár gcontaetha. Tá Gaeilgeoirí ar fud na tíre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.