Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh Coimisinéir an Gharda agus a fhoireann go léir. Chas mé leis in 2019 ag cruinniú de choiste póilíneachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Chuir mé ceisteanna faoin ábhar seo air ag an am. Ar an lá céanna, chas an Coimisinéir leis an gCoimisinéir Teanga chun na rudaí seo a phlé. Tá sé leagtha amach i ráiteas tosaigh an Choimisinéara go mbeidh sé ina chathaoirleach ar choiste nua de chuid An Gharda Síochána maidir le seirbhís trí Ghaeilge, earcaíochta agus líofacht ghardaí. An míneoidh sé an ról a bheidh aige go díreach? An gceapann sé go ndéanfaidh sé difríocht? Is rud tábhachtach é sin. An ndéanfaidh sé difríocht ó thaobh na n-uimhreacha agus ó thaobh líofachta sa Gharda Síochána?

Níl chuile stáisiún Garda mar a chéile. An bhfuil an Coimisinéir sásta go bhfuil na príomhstáisiúin Gharda sna ceantair Ghaeltachta is láidre ag cur seirbhísí dátheangacha ar fáil don phobal? Tá áiteanna i ngach uile Ghaeltacht atá fíorláidir. Tá príomhbhailte nó príomháiteanna eile ann ina bhfuil rátaí arda de dhaoine le caighdeán maith Gaeilge. An bhfuil an Coimisinéir sásta go bhfuil gardaí ag cur seirbhísí ar fáil go dátheangach sna stáisiúin sin? Is iad sin na ceisteanna atá agam faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.