Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 16 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 285:

I leathanach 33, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 7 d’Acht na nGiúiréithe, 1976

10.Leasaítear Acht na nGiúiréithe, 1976 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7:
“Neamhinroghnacht

7. (1) Beidh na daoine a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal neamh-inroghnaithe le haghaidh seirbhíse giúiré.

(2) Más rud é gurb í an Ghaeilge an teanga atá roghnaithe ag an gcúisí a úsáid sna himeachtaí os comhair na cúirte in aon chás ar leith, nó más rud é go mbeidh an chúirt ina suí i gceantar Gaeltachta, beidh aon duine nach mbeidh inniúil ar fhianaise agus aighneachtaí as Gaeilge a thuiscint gan cúnamh ó ateangaire neamh-inroghnaithe le haghaidh an cháis sin.

(3) Más rud é gurb é an Béarla an teanga atá roghnaithe ag an gcúisí a úsáid sna himeachtaí os comhair na cúirte in aon chás ar leith, beidh aon duine nach mbeidh inniúil ar fhianaise agus aighneachtaí as Béarla a thuiscint gan cúnamh ó ateangaire neamh-inroghnaithe le haghaidh an cháis sin.”.”.

Seo leasú a chinntíonn ceart bunúsach a lorg muintir na Gaeltachta ó dhúnmharú. Más í an Ghaeilge teanga dhúchais an cúisí i gcás cúirte ba chóir go mbeadh an giúiré cumasach ar a theanga nó a teanga dhúchais. Trial by one’s peers is a basic right. Níl cothrom na Féinne i gceist nuair atá Béarlóirí aonteangacha ag déanamh cinneadh faoi chiontacht Gaeilgeora, go háirithe nuair atá sé léirithe fiú ag breithimh, ar an nós an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh, go mbíonn meon claonta i gcoinne daoine a lorgaíonn cás trí Ghaeilge sna cúirteanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.